Tá éileamh déanta ag FLAC (Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce) go gcuirfí tuilleadh acmhainní ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga le cosaint a dhéanamh ar cheart bunreachtúil phobal na Gaeilge seirbhísí a fháil i nGaeilge.
Tá cáineadh déanta freisin ag FLAC ar an Rialtas as an ‘easpa dul chun cinn’ atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as Aire Gaeltachta – Joe McHugh TD – a cheapadh nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige.
Is i dtuarascáil nua maidir le tiomantas an Stáit do chonradh idirnáisiúnta ar chearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha a rinne FLAC cáineadh ar pholasaí teanga an Rialtais.
Déanfaidh coiste de chuid na Náisiún Aontaithe plé an mhí seo chugainn ar an scrúdú a chuirfear i 2015 ar an Rialtas maidir le comhlíonadh a ndualgas faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha.
Tá súil ag FLAC go gcuirfidh na Náisiúin Aontaithe san áireamh i scrúdú na bliana seo chugainn na moltaí atá ina dtuarascáil féin Our Voice, Our Rights.
Chuaigh FLAC i gcomhairle le roinnt eagraíochtaí atá ag plé le cúrsaí cearta, eagraíochtaí Gaeilge ina measc, agus an tuarascáil á cur le chéile acu.
Le linn an phróisis chomhairliúcháin léiríodh “an-imní” freisin faoina bhfuil i ndán don teanga i bhfianaise na leasuithe atá molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Fág freagra ar 'Cáineadh ar pholasaí Gaeilge curtha faoi bhráid na NA'