Iarratas le déanamh ag an bhForas Pátrúnachta ceithre bhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú

Tá feachtais ar siúl cheana féin le bunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh, agus i nDún Laoghaire, Bóthar na hUaimhe agus Baile Átha Cliath 2, 4 agus 6

Cuirfidh An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lánGhaeilge, iarratas isteach ar phátrúnacht ar cheithre scoil nua i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.

D’fhógair an Foras go bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht cur isteach ar an gcomórtas a d’fhógair an tAire Oideachais Richard Bruton an tseachtain seo caite. Beidh an Foras ag iarraidh ar an Roinn Oideachais go ndéanfaí scoileanna ilchreidmheacha lánGhaeilge de na ceithre scoil nua.

Tá feachtais ar siúl cheana féin le bunscoileanna lánGhaeilge a bhunú i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh, agus i nDún Laoghaire, Bóthar na hUaimhe agus Baile Átha Cliath 2, 4 agus 6 san ardchathair.

Tá an Foras Pátrúnachta ina phátrún ar 69 scoil timpeall na hÉireann agus tá 15,000 dalta, idir dhaltaí bunscoile agus daltaí meánscoile, ag freastal ar na scoileanna sin. Tá scoileanna faoi phátrúnacht an Fhorais ag feidhmiú i 22 contae sa tír.

Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEadhra, gur “deis iontach” a bheadh ann oiliúint den scoth a chur ar fáil, mar aon le rogha agus éagsúlacht a thabhairt do thuismitheoirí i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, dá gcuirfí na scoileanna nua faoi phátrúnacht na heagraíochta.

“Is é an aidhm atá againn oideachas den scoth a sholáthar i nGaeilge do gach páiste in Éirinn atá á iarraidh. Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil an-éileamh ar an oideachas lánGhaeilge sna ceantair seo, agus na céadta páiste diúltaithe ag Gaelscoileanna in áiteanna áirithe cheal spáis. Táimid ag iarraidh ar thuismitheoirí a gcuid spéise a léiriú inniu lena chinntiú go gcloisfear a nglór.

“Tá neart fianaise ann go mbaineann buntáistí leis an oideachas lánGhaeilge agus leis an scolaíocht dhátheangach — éiríonn níos fearr le daltaí ó thaobh na hacadúlachta de, agus bíonn sé níos éasca orthu an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim. Léiríodh le deireanas freisin go n-éiríonn níos fearr le daltaí scoileanna lán-Ghaeilge i mBéarla agus sa Mhata.” a dúirt Ó hEadhra.

Fág freagra ar 'Iarratas le déanamh ag an bhForas Pátrúnachta ceithre bhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú'