Iarratais ar chead pleanála déanta d’umair stórála uisce in Oileáin Árann

Tá súil ag Uisce Éireann an méid uisce inólta, cóireáilte atá ar fáil sna hoileáin i lár an tséasúir turasóireachta a mhéadú go mór

Iarratais ar chead pleanála déanta d’umair stórála uisce in Oileáin Árann

Tá roinnt iarratas ar chead pleanála déanta ag Uisce Éireann le Comhairle Contae na Gaillimhe le dhá umar stórála uisce nua a thógáil in Inis Oírr agus péire eile in Inis Meáin.

Deir Uisce Éireann go gcinnteodh na humair nua uisce go mbeadh “soláthar sásúil leanúnach uisce” ar an dá oileán ó cheann ceann na bliana.

Bhí srianta uisce i bhfeidhm in oileáin Árann ó thús an tsamhraidh i mbliana mar gheall ar an mbáisteach íseal a thit i gcaitheamh an gheimhridh. Tá súil ag Uisce Éireann an méid uisce inólta, cóireáilte atá ar fáil sna hoileáin i lár an tséasúir turasóireachta a mhéadú go mór.

Nuair a briseadh an cábla leictreachais a thugann cumhacht don dá oileán an samhradh seo caite, bhí éigeandáil uisce ann sa dá oileán ar feadh cúpla lá agus Uisce Éireann ag impí ar mhuintir Inis Oírr agus Inis Meáin an t-uisce a spáráil ar feadh deireadh seachtaine.

Curtha san áireamh sna hiarratais ar chead pleanála tá píopa atá thart ar 2km ar fad a thabharfaidh an t-uisce ón bhfoinse go dtí na humair nua uisce.

Tá an tionscadal curtha chun cinn de bharr torthaí ó staidéar hidreolaíoch le déanaí a léirigh go bhfuil sé riachtanach acmhainn stórála uisce sa bhreis a chur ar fáil chun “soláthar inbhuanaithe uisce” a sholáthar ar an dá oileán. Méadófar an soláthar uisce in Inis Oírr 9,000m3 agus in Inis Meáin 3,500m3 de bharr na n-umar nua stórála.

Tá suíomhanna á roghnú agus na suirbhéireachtaí atá ag teastáil leis an suíomh deireanach in Inis Oírr a roghnú ar siúl faoi láthair agus tá súil ag Uisce Éireann an t-iarratas pleanála deireanach a chur isteach faoi dheireadh na bliana seo. Tá beartaithe ag an gcomhlacht uisce go dtosóidh an obair thógála in 2018.

Tá fáilte curtha ag an seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí uisce sa dá oileán Gaeltachta ach dúirt gur cheart “dlús a chur leis an obair” agus a chinntiú go gcuirfear i gcrích é “gan a thuilleadh moille”.

“Tá muintir Árann ag fulaingt i bhfad rófhada de bharr ganntanas uisce. Tá muid ag cur brú ar Uisce Éireann ó bunaíodh iad chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí seo agus réiteach fadtéarmach a chur in áit a chinnteoidh go mbeidh dóthain uisce ar fáil ar feadh na bliana,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go mbeidh a pháirtí, Sinn Féin, ag lorg “tuairiscí rialta” ó Uisce Éireann maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh in Inis Oírr agus Inis Meáin agus ag cur brú ar an gcomhlacht an obair a chur i gcrích go sciobtha.

Fág freagra ar 'Iarratais ar chead pleanála déanta d’umair stórála uisce in Oileáin Árann'

  • traolach

    Ag cur ‘bru uisce’ orthu?