Iarfhocal leathshásúil curtha le scéal na mbréagán is ansa linn

Tá a gcuid páistí féin ag na páistí a bhain súp as an gcéad ‘Toy Story’ agus seans go bhfuil an maoithneachas ag fáil an ceann is fearr ar ár léirmheastóir faoin tráth seo

Iarfhocal leathshásúil curtha le scéal na mbréagán is ansa linn

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil ceithre bliana ar fhichid gafa tharainn ó chuir an chéad scannán Toy Story an lucht féachana faoi dhraíocht. Tá a gcuid páistí féin ag na páistí a bhain súp as an gcéad gheábh ar scáileán ag Woody, Buzz agus a gcomrádaithe.

Ba é an scannán úd an chéad táirge ó cheárta Pixar agus aithnítear go forleathan gur chloch mhíle scannánaíochta a bhí ann. D’éirigh leis an ríomhbheochan cheannródaíoch, na carachtair chaithiseacha agus an scéal mothúchánach greannmhar cliste idir óg agus aosta a mhealladh. Fágadh lorg ar an tionscal agus deineadh fathach de Pixar. Seo an t-aonú scannán is fiche uathu agus dorn eile ar na bioráin acu.

Nuair a d’fhág Andy a chuid bréagán le huacht ag cailín óg darbh ainm Bonnie naoi mbliana ó shin mheasamar go raibh an dlaoi mhullaigh curtha ar thriológ na mbréagán. Ní mar a shíleadh a bhí, áfach. Ní fhéadfaí bréagáin chomh luachmhar leo seo a fhágaint caite ar chúl an chófra. B’éigean cur le scéal a bhí críochnaithe, agus dá bhrí sin is saghas iarfhocal atá anseo. Cé nach bhfuil sé gan a mhaitheasaí níl an táirge seo inchurtha lena réamhtheachtaithe.

Cuirtear abhaile orainn ag tús Toy Story 4 nach bhfuil Woody (Hanks) istigh leis féin óir nach é atá ina cheann feadhna ar sheomra Bonnie. Tá sé in áit na leathphingine go hiomlán. Nuair a thugann Bonnie bréagán a dhein sí ar scoil abhaile léi tógann Woody faoina chúram é. Is é aistear Forky (Hale) croílár an scannáin ar shlí. Faoi mar atá tarlaithe cheana bíonn ar na bréagáin aghaidh a thabhairt ar an domhan mór dainséarach taobh amuigh den seomra leaba. Bíonn cad é eachtraíocht agus carúil ghrinn fite fuaite le maoithneachas agus brón.

Ba í an chomrádaíocht idir Buzz agus Woody bunchlocha an chnuasaigh ó thús agus déantar an pháirtnéireacht sin a bhriseadh anseo. Is cuma ann nó as Buzz i ndáiríre agus a chuid eachtraí siúd mar saghas eireaball ar an bpríomhscéal. Is amhlaidh atá leis na seanfhondúirí eile: Jessie, Bullseye, Ham, Rex agus Mr Potato Head.   

Is í Bo Peep (Potts) atá i lár an aonaigh le Woody. Carachtar tánaisteach a bhí inti sa chéad dá cheann agus bhí sí as láthair ar fad ón tríú gála. Claochlú iomlán tagtha uirthi anseo agus í ag paidhceáil léi sa saol mar ‘bhréagán caillte’. Lena cois siúd tá an t-éachtóir Duke Caboom (Reeves) mar aon leis na  bréagáin chlúimhíneacha Ducky agus Bunny (Key agus Peele).  Is í an mheitheal seo a dhéanann cuid mhaith den scéal a iompar agus déantar cúpla radharc seoigh a sholáthar sa siopa seandachtaí.

Tháinig an chríoch aniar aduaidh orm agus níor thaitin sé liom mar measaim go ndéanann sé beagán d’aistear na gcarachtar le breis agus fiche bliain anuas. É sin nó tá an maoithneachas ag fáil an ceann is fearr orm.

Fág freagra ar 'Iarfhocal leathshásúil curtha le scéal na mbréagán is ansa linn'