Tá an t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers ceaptha ina leascheannaire ar Fhianna Fáil.
D’fhógair an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, tráthnóna go raibh an leascheannaireacht á tabhairt do Chambers atá ina haire stáit sa roinn cumarsáide.
Dúirt Micheál Martin gur polaiteoir cumasach díograiseach a bhí i Chambers. Luaigh sé go sonrach “scileanna eagrúcháin” an leascheannaire nua, scileanna a bheadh ina mbuntáiste ag Fianna Fáil aimsir an olltoghcháin, dar le Martin.
Ní raibh aon leascheannaire ag Fianna Fáil ó 2020 nuair a d’fhág Dara Calleary an post.
Bhí Jack Chambers ina aire stáit don Ghaeltacht idir 2021-2022, tréimhse inar tugadh isteach reachtaíocht nua chun cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú.
Tá Chambers ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliatha Thiar. Toghadh chun na Dála den chéad uair é in 2016 agus atoghadh é in 2020.
An Teanga Bheo
Gaeilge ag Jackeen Chambers