I mbun ealaíne leis an nGúm agus ag foghlaim iriseoireachta ar an gCeathrú Rua…

Bliain chinniúnach i saol ár gcolúnaí ab ea 1979, bliain an Phiarsaigh…

I mbun ealaíne leis an nGúm agus ag foghlaim iriseoireachta ar an gCeathrú Rua…

An cúrsa iriseoireachta in Ollscoil na Gaillimhe

‘The beauty of the world hath made me sad,’ a dúirt Pádraig Mac Piarais sa dán ‘The Wayfarer’. Tá an dán ar an gcéad leathanach den leabhar Dúlra agus Dúchas, a d’fhoilsigh an Gúm sa mbliain 1979, an bhliain inar comóradh céad bliain bhreith an Phiarsaigh.

Cuimhním ar an bPiarsach i dtús na bliana seo, toisc go raibh an bhliain 1979 cinniúnach domsa ar roinnt bealaí.

Bhí mé ag obair i gComharchumann Chois Fharraige, i rannóg ar tugadh Cló Chois Fharraige uirthi, ag plé foilsiú téacsleabhar Gaeilge. Bhí cúrsaí gnó go dona ag an am agus bhí seachtain trí lá oibre ag bagairt. B’fhacthas dom go raibh deis ansin obair a dhéanamh mar shaoroibrí don Ghúm i mBaile Átha Cliath. Mar ealaíontóir a bhí mise fostaithe ag an am i  gComharchumann Chois Fharraige.

Chuir mé roinnt samplaí de mo chuid saothar ealaíne chun bealaigh chucu agus tháinig freagra ar ais ar an toirt. An mbeinn in ann pictiúir d’éan, de bhlátha agus d’iasc a chur chucu láithreach? Bhuel, bheadh ach cén fáth a raibh oiread sin flosc leis?

Ní raibh a fhios agamsa ach bhí an Roinn Oideachais tar éis a iarraidh ar an nGúm leabhar lándaite le clúdach crua, bunaithe ar an dúlra, a chur amach le haghaidh bliain an Phiarsaigh, 1979. Bhí orthu údar agus ealaíontóir le Gaeilge a aimsiú le dul i mbun oibre láithreach.

Chuir mé mo chuid samplaí ar ais chucu – ronnach, corcrán coille agus crobh dearg. Tugadh an jab dom ar an bpointe – an mbeinn in ann 80 leathanach lándaite a chur ar fáil taobh istigh de roinnt míonna, bunaithe ar an ábhar a bheadh á scríobh ag an údar, Micheál Mac Ginneá? Bheadh, cinnte.

Ní raibh aon chóras teasa sa teach a raibh mé i mo chónaí ann ag an am – seanbheairic an RIC i mBearna. Cheannaigh mo mháthair dom ‘SuperSer’, téitheoir gáis a bhí coitianta go maith an uair sin.

Tá cuimhní láidre ag daoine eile ar an mbliain, 1979. B’in bliain an Phápa in Éirinn agus an bhliain a dtáinig an Ayatollah Khomeini i réim san Iaráin, le linn na Réabhlóide Ioslamaí. Cuimhníonn mise ar thurais traenach go dtí An Gúm i mBaile Átha Cliath, an traein ag briseadh síos go minic, agus gan teas ar bith inti; cruinnithe leis an eagarthóir Caoilfhionn Nic Pháidín agus le daoine eile sa nGúm, amhail Caoimhín Ó Marcaigh agus Liam Dáibhis. Bhíodar lách, cineálta agus an-phroifisiúnta.

D’éirigh linn an spriocdháta a bhaint amach – an t-údar ag obair leis féin agus mise ag péinteáil liom i gcomhluadar an SuperSer. Bhí an t-ádh liom go raibh bitheolaí sa teaghlach, Dave McGrath, a bhí ina chuidiú mór domsa –  thugadh sé samplaí chugam ón nádúr go minic. Agus tá mé cinnte gur éalaigh níos mó ná an fhaocha ghliomaigh ó bharr mo bhoird ealaíne.

Ach tháinig an lá gur foilsíodh an leabhar, mar a bhí beartaithe agus lainseáil an tAire Oideachais John Wilson é. Ina dhiaidh sin, tugadh cóip de do gach bunscoil sa tír, in ómós don Phiarsach.

Bhí an tseachtain oibre trí lá fós i bhfeidhm nuair a chonaic mé fógra beag faoi bheart eile in ómós don Phiarsach. Cúrsa iriseoireachta Gaeilge ar an gCeathrú Rua a bhí ann, agus é faoi stiúir an chraoltóra Proinsias Mac Aonghusa. Chuir mé iarratas isteach ar an bpointe. Ní mórán cúrsaí iriseoireachta de chineál ar bith a bhí á reáchtáil ag an am.

An Fhaocha Ghliomaigh sular thug sé na crúba leis

Fuaireas áit ar an gcúrsa. Ní raibh de mhná ann ach mé féin agus Bernadette Ní Mhuirí. Ón Irish Press a tháinig formhór na bhfear. Bhí fear amháin ann ón Irish Times chomh maith leis an iriseoir as Conamara Máirtín Ó Catháin.

Bhí an-time againn ar an gcúrsa. Tugadh ar thurais muid go dtí ceantair eile Ghaeltachta – mo chéad chuairt ar Inis Meáin, san áireamh.

Nuair a chas mé le grianghrafadóir Tuairisc.ie Seán Ó Mainnín in Inis Meáin an samhradh seo caite, chuimhnigh muid siar ar an turas sin. Bhí Seán ar a bhealach go Máire Uí Mhaoilchiaráin, ar fhanamar léi an bhliain chinniúnach sin, 1979. Ag an am bhí Seán ina iriseoir leis an Irish Press.

Is cuimhin liom gur thug Proinsias comhghleacaithe dá chuid ó RTÉ chugainn le go dtabharfaidís léargas dúinn ar an obair iriseoireachta ansin. Bhí Féach á chraoladh gach seachtain ar RTÉ ag an am agus lucht féachana an-mhór aige. Ar ndóigh, nuair a chuirtí an cheist ‘an bhfaca tú mo dhuine ar an teilifís aréir?’ is ag caint ar dhuine ar RTÉ a bhítí.

Tháinig Éamon Ó Muirí chugainn agus Seán Ó Mórdha. Bhíodh Féach á léiriú ag Seán ag an am. Bhí sé ag iarraidh a chur ar ár súile dúinn cé chomh tábhachtach is a bhí sé, a bheith poncúil agus clár teilifíse á léiriú.

‘Dá ndéarfainnse le Proinsias Mac Aonghusa go gcasfadh muid ar a chéile ar a leithéid seo de lá, ar na céimeanna taobh amuigh d’Ambasáid Mheiriceá i Moscó, bheadh sé ansin ag fanacht orm,’ a dúirt sé linn.

Moscó? Agus muid inár suí sa seanghairmscoil ar an gCeathrú Rua, ba mhealltach, draíochtúil an pictiúir a phéinteáil Ó Mórdha. B’fhéidir go raibh rud éicint san iriseoireacht Ghaeilge seo.

An bhliain dár gcionn nuair a tháinig Proinsias Mac Aonghusa chugam ag tairiscint conradh dom leis an gclár Féach, chaith mé uaim na scuaba péinte. Agus chas mé de an SuperSer. Ach ó shin i leith ní dhéanaim dearmad buíochas speisialta a ghlacadh i gcónaí le Pádraig Mac Piarais.

Fág freagra ar 'I mbun ealaíne leis an nGúm agus ag foghlaim iriseoireachta ar an gCeathrú Rua…'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Amen arsa sinn go léir.

  • Máiread

    Is trua nach bhfuil ainm tugtha ag na hiriseorí sa bpictuir.

    Máiread

  • Máiread

    Is trua nach bhfuil ainm tugtha ag na hiriseorí sa bpictuir.