I bhfad uainn turcaí na sé chos! Seal i SAM a d’fhág ag streachailt mé…

Lá mór é Lá an Altaithe do chúrsaí spóirt i Stáit Aontaithe agus b’amhlaidh an scéal agus ár gcolúnaí thall an tseachtain seo caite…

I bhfad uainn turcaí na sé chos! Seal i SAM a d’fhág ag streachailt mé…

Imreoir na Pittsburgh Steelers, Ben Roethlisberger, agus cos turcaí aige.

Sna Stáit Aontaithe a chaith mé an tseachtain seo caite. Bhí scaití den am sin nuair a bhuail an ceapadh mé nár mhór idir a bheith ann agus a bheith ar Mars, scaití eile nuair ba bheag idir é agus an baile.

Ansiúd sa mbaile, tá bratacha gorma agus buí an Spidéil ar foluain in áiteacha go leor i gcónaí siocair a mbua i gCraobhacha Idirmheánacha na Gaillimhe agus Chonnacht. I mBostún, áit ar chaith mé formhór an ama, tá siad thar a bheith sásta i gcónaí le bua na Red Sox sa World Series, ainneoin corrstróiceadh a bheith ag teacht ar na ‘stocaí dearga’ atá crochta timpeall na cathrach – cuid acu stróicthe, tréigthe, mar atá a leathbhádóirí ar an Dumhach Mhór.

Tá an bealach a gcuirtear spóirt i láthair ar an teilifís thall thar ar a bheith coimhthíoch agus b’in seachas rud ar bith eile a d’fhág ag streachailt mé.

Bhí Lá an Altaithe, nó Thanksgiving mar a thugtar thall air, ar siúl le linn mo chuairte – an fhéile náisiúnta a ndéantar ceiliúradh uirthi ansiúd ó 1863 agus a tháinig ar an saol mar chomhartha buíochais as torthúlacht an Fhómhair.

Is mó i bhfad de shaoire í ná an Nollaig agus níl deireadh seachtaine eile sa mbliain a mbíonn ceithre lá saoire as a chéile ag formhór de mhuintir na tíre.

Lá mór é Lá an Altaithe d’fhoirne peile na gcoláistí – ollscoileanna mar a thuigtear dúinne iad mar aon le meánscoileanna, nó ardscoileanna mar a thugtar orthu sna Státaí. Thart ar an am céanna a tháinig an tsaoire agus an Pheil Mheiriceánach ar an saol.

Ba faoi na mic léinn ba mhó a bhíodh an deireadh seachtaine tráth ach is nós roinnt mhaith blianta anois cúpla cluiche idir foirne gairmiúla a bheith ar siúl.

Tráchtaire agus iar-imreoir darbh ainm John Madden a chuir tús i 1989 leis an nós gur cos turcaí a bhronntar ar Laoch na hImeartha i gcuid de na cluichí gairmiúla sin – fearacht na Nollag is é an turcaí an béile is minice a leagtar ar an mbord le linn na saoire.

Níos fearr ná sin arís tá roinnt cluichí ina bhfaigheann an laoch éan a dtugtar an ‘multi-legged turkey’ air. Is é atá ansiúd sicín a bhfuil na cnámha bainte as agus atá leagtha taobh istigh de lacha a bhfuil an cleas céanna déanta léi, atá í fhéin istigh i mbolg turcaí!

Lá an Altaithe, imríodh 80 cluiche idir meánscoileanna i gceantar Bhostúin leis féin agus an dá lá roimhe imríodh ceithre cinn i Fenway Park, páirc imeartha na Red Sox.

Ní fhaca mé scríofa in aon áit cé mhéad duine a bhí i láthair acu siúd ach bhí beagnach 13,000 i láthair in Fenway ar an Domhnach nuair a bhí iománaithe Chorcaí, Luimnigh, an Chláir agus Loch Garman sa gcoimhlint ansiúd – oiread focal faoi ní fhaca mé sna nuachtáin áitiúla.

Bhí trí chluiche NFL agus trí cinn eile idir ollscoileanna á gcraoladh ag CBS an lá mór – peil ar fad idir mheán lae agus meán oíche tá sé chomh maith duit a rá. Shuigh mé síos ag breathnú orthu ar feadh tamaill, ach ba ghearr go raibh meabhrán i mo chloigeann de bharr iad a bheith ag imeacht ó áit go háit agus ag taispeáint buaicphointí as Detroit, Dallas, New Orleans agus dornán eile áiteanna nach bhfaighinn ar mhapa.

Ba dheacair a dhéanamh amach cé acu comhrac a bhí os comhair do shúile.

Bhí mé i mo bhambairne chomh mór faoi dheireadh go raibh mé ag ceapadh go raibh clogad agus masc ar an turcaí nuair a iarradh orm breathnú isteach trí dhoras an oighinn féachaint cén bhail a bhí air siúd.

Faoin am a dtáinig Dé Domhnaigh seo caite bhí an saol suaimhnithe cuid mhaith agus an deis ann féachaint ar an gcluiche idir na Patriots agus na Jets i Nua-Eabhrac – ó thús deireadh faoi mar a dhéanfá le coimhlint sa mbaile.

Ag na Patriots a bhí an bua – an ceathrú ceann as a chéile, ach is é an scéal atá ar bharr a dteanga ag lucht a leanta ná an mbeidh Tom Brady ag imirt i gcónaí nuair a thiocfaidh tús an tséasúir seo chugainn. Faoin tráth sin beidh an Brádach ag breith isteach ar an dá scór agus dhá bhliain agus an nod tugtha aige cheana féin go mb’fhéidir go bhfuil faoi na bróga a chaitheamh suas san áiléar.

Bhí an tráth ann nuair nach dtugtaí faoi deara go raibh imreoir éirithe as nó go gcuirfeadh duine éicint a thuairisc agus a fhoireann ag fáil faoi réir do shéasúr nua – ba ansin a thabharfaí faoi deara go raibh sé ar iarraidh.

Sa lá atá inniu ann tá sin athraithe fiú i gcásanna imreoirí CLG. Níos minice ná a chéile, is iriseoir áitiúil a fhaigheann an scéal agus a thugann an deis do Marty Morrissey, Brian Carty, Martin Breheny nó a leithéid é a insint don saol mór.

Nuair a tháinig a gcinniúint féin níor thréig Cinnéideach an pharóiste seo ná muintir Shé a ndúchas agus más buan mo chuimhne ba le Raidió na Gaeltachta a roinneadar an scéal.

Cé leis a lig Tom Brady a rún? Oprah Winfrey!

I bhfad uainn turcaí na sé chos!

Fág freagra ar 'I bhfad uainn turcaí na sé chos! Seal i SAM a d’fhág ag streachailt mé…'