Halla spóirt le tógáil agus leabaí singil le haimsiú! Baile Bhuirne ag prapáil do Chomórtas Peile na Gaeltachta

Faoi cheann sé seachtaine, cuirfear tús le Comórtas Peile na Gaeltachta 2016 i mBaile Bhuirne i gCorcaigh agus tá na hullmhúcháin faoi lán seoil

Clubtheach nua Naomh Abán
Clubtheach nua Naomh Abán

Tá muintir Bhaile Bhuirne ar tinneall. Faoi cheann sé seachtaine, cuirfear tús le Comórtas Peile na Gaeltachta 2016, atá á reáchtáil sa bhaile, agus tá na hullmhúcháin faoi lán seoil.

Ar a shon sin uile, tá cleachtadh acu sa gceantar ar an mbrú a bhíonn ann roimh theacht an chomórtais. Seo é an séú huair a bheidh na sluaite ag triall ar Bhaile Bhuirne do dheireadh seachtaine na Cincíse ó cuireadh an comórtas ar bun, ach seans gur i mbliana is mó atá dúshlán rompu agus ionad spóirt nua á thógáil acu. Deir cathaoirleach Naomh Abán Cathal Ó Riada nach raibh an oiread céanna brú ann blianta eile, cé nach mbeadh comórtas 2003 i bhfad as.

“An uair dheireanach go raibh sé againn (in 2003), bhí an comórtas in ainm is a bheith in áit éigin eile ach ní raibh siad in ann é a reáchtáil ann. Ní bhfuaireamar amach ach trí mhí roimhe go raibh sé le bheith againn anseo,” a deir Ó Riada. In ainneoin sin, bhí deireadh seachtaine mór ann agus ba í an fhoireann baile a thug leo craobh na sinsear an bhliain sin.

Tá an taithí sin ag seasamh anois leis an gclub agus iad ag eagrú comórtas na bliana seo, a deir Ó Riada, ach tá an comórtas féin ag fás le scór bliain anuas. “Bíonn cruinnithe beagnach gach aon oíche againn, táimid ag cur an chlárleabhair le chéile anois ach tá brú ann i gcónaí,” a deir Ó Riada.

Tugann an comórtas deis don chumann atá á eagrú feabhas a chur ar na háiseanna atá acu agus is é an scéal céanna é ag Naomh Abán i mbliana. Tá an cumann ag bogadh go dtí páirc nua ar imeall an bhaile agus tá clubtheach nua á thógáil ar an láthair ar chostas €800,000. Cuireadh tús leis an obair thógála ag deireadh mhí Lúnasa 2015 agus gach cuma ar an scéal go mbeidh sé réidh do thús an chomórtais.

“Beidh ceithre sheomra feistis, oifig agus leithris phoiblí mar chuid de agus thuas staighre beidh halla spóirt ann” a deir Ó Riada. “Seans nach mbeidh an halla críochnaithe roimh thús an chomórtais ach níl sé ag teastáil do na himeachtaí, mar go mbeidh puball mór againn ag an bpáirc chomh maith.”

Agus Deontas Caipitil Spóirt, chomh maith le hiasacht €300,000 faighte acu, bhí €144,000 fós ag teastáil ón gcumann chun na costais uile a chlúdach. Cuireadh feachtas ollmhór bailiúcháin ar bun agus, go dtí seo, tá breis agus €150,000 bailithe acu. Leanfar leis an bhfeachtas nó go mbeidh an iasacht íoctha acu. Reáchtálfar comórtas gailf ar chúrsa Mhaigh Chromtha ag deireadh na míosa seo mar chuid den fheachtas.

Dar le hÓ Riada, is é ceann de na buntáistí atá ag Baile Bhuirne agus an comórtas á reáchtáil acu ná go bhfuil na háiseanna uile chomh gar dá chéile agus gur féidir leo daoine a choinneáil ar an mbaile féin don deireadh seachtaine.

“Beidh trí pháirc in úsáid againn agus iad ar fad i bhfoisceacht leathmhíle dá chéile. Tá an pháirc nua againn, tá an Portach ann, sin é an pháirc a bhí againn roimhe seo, agus tá páirc nua eile againn, páirc Choláiste Ghobnatan,.

“Tá na háiseanna ar fad cóngarach dá chéile. B’fhéidir go mbeadh ar dhaoine beagáinín taistil a dhéanamh chun an lóistín a bhaint amach ach níl aon leigheas air sin. Bheadh cathair uait chun áit a fháil dóibh ar fad”. Deir Ó Riada go mbeidh breis agus 3,000 duine ar an mbaile don deireadh seachtaine.

Seacht bhfoireann déag agus dhá fhoireann áitiúla a bheidh ag glacadh páirte sa chomórtas, agus ní rud éasca é áit a fháil dóibh uile, gan trácht ar a lucht tacaíochta.

“Táimid ag fáil glaoch gutháin ó fud na tíre faoi láthair ó dhaoine atá ag teacht don deireadh seachtaine. Táimid fós ag lorg daoine sa cheantar a bheadh sásta seomraí agus leapacha a chur ar fáil dóibh siúd a bheidh ag teacht,” a deir Ó Riada. “Rud amháin a thugamar faoi deara ná go bhfuil go leor daoine ag cuardach seomraí singil. Níl aon áit sa tír a mbeadh dóthain leapacha singil ann chun iad a shásamh.”

Ar ndóigh, nuair a thiocfaidh sé chuige, bíonn an oiread siamsa ar siúl ag Comórtas Peile na Gaeltachta gach bliain go mb’fhéidir go mbeadh daoine sásta leaba a roinnt ar mhaithe le deireadh seachtaine iontach a bheith acu i mBaile Bhúirne mí an Mheithimh.

Fág freagra ar 'Halla spóirt le tógáil agus leabaí singil le haimsiú! Baile Bhuirne ag prapáil do Chomórtas Peile na Gaeltachta'

  • Gearóid

    Ar bís faoi seo. Go n-éirí leis na hullmhúcháin ar fad.

  • Concubhar

    Ní ann do Bhaile Bhúirne. Baile Mhúirne is ainm don bparóiste.