Gúnaí gleoite idir €25 agus €80 do shéasúr na gcóisirí Nollag

Tá gúnaí seacaineacha ar dhathanna láidre go mór sa bhfaisean i mbliana dar lenar gcomhfhreagraí

Gúnaí gleoite idir €25 agus €80 do shéasúr na gcóisirí Nollag

Tá séasúr na gcóisirí Nollag faoi lán seoil anois agus fonn ar gach duine a bheith gléasta go galánta d’ócáidí sóisialta móra na bliana. Is cuma cé acu cóisir oibre nó dinnéar an chumainn spóirt a bhíonn i gceist, ní dócha go bhfuil bean ar bith nár mhaith léi gúna nua a chaitheamh don cheiliúradh bliantúil.

Tá gúnaí seacaineacha go mór sa bhfaisean in 2018 agus is deacair iad a sheachaint i siopaí faisin na tíre faoi láthair. Tá tóir mhór ar dhathanna láidre – dúghorm, marún, uaine agus, ar ndóigh, dearg – i mbliana. 

Thug mé féin aghaidh ar na siopaí le go roghnóinn roinnt gúnaí gleoite le moladh do léitheoirí Tuairisc.ie don tráth seo bliana. Seo chugaibh, mar sin na seacht gcinn is mó a thaitin liomsa agus iad ar fáil ar phraghsanna idir €25 agus €80.

 

 

Gúna lán seacainí ar dhath an airgid ó H&M ar €79.99

Ní hiondúil go mbíonn na gúnaí sa siopa seo chomh daor sin ach tá ardchaighdeán i gceist sa rogha seo. Tá an dearadh ar an gceann seo go hálainn ar fad agus é feiliúnach d’aon chineál cóisire as seo go hOíche Chinn Bliana. 

 

Gúna dearg go colpa ó Topshop ar €54.40

Dearg an dath traidisiúnta don Nollaig agus sin a mheall mé chuig an ngúna seo ar dtús. Is breá liom an patrún álainn atá ar an bhfabraic anseo chomh maith.

Gúna bléasar órga ó Zara ar €69.95

Tá cruth an bhléasair ar an ngúna órga seacainí seo a chuireann cuma an-fhaiseanta air. D’fhéadfaí é a chaitheamh gan riteoga d’ócáid speisialta nó le riteoga tiubha dubha d’ócáid a bheadh beagáinín níos neamhfhoirmeálta.

Culaith dhearg aon phíosa ó Dunnes Stores ar €25

Is breá liom féin cultacha aon phíosa don tráth seo den bhliain – tá siad chomh foirmeálta le gúna ach ní bheidh tú leath chomh fuar i gceann acu! Dath dearg atá roghnaithe agam arís – nach í an Nollaig í!

Gúna dubh gan strapaí ó River Island ar €75

Seo ceann d’ócáid an-speisialta nó fiú do chóisir bhainise. Tá an gúna seo ar fáil i rogha dathanna – gorm, bán agus bándearg – ach an gúna dubh is fearr a thaitin liom féin.

 

Gúna gorm le seacainí ó New Look ar €24.99

Gúna deas saor agus é breá simplí. Tá muineál álainn air seo ach cuireann na seacainí beocht ann a bheadh iontach do chóisir mhór na Nollag.

Gúna seacaineach ar dhath téal ó Next ar €30

Seo mo rogha phearsanta as na cinn ar fad atá feicthe agam agus tá cúis amháin leis sin – an dath álainn téal. Is féidir a rá gur dath beagán ‘difriúil’ é seo. Tá an gúna deas seo ar fáil ar phraghas an-mhaith go deo, go háirithe agus é ar ardchaighdeán.

Fág freagra ar 'Gúnaí gleoite idir €25 agus €80 do shéasúr na gcóisirí Nollag'