Guaim á coinneáil go fóill ag polaiteoirí Stormont orthu féin faoi chonspóidí

Níl aon ghanntanas fadhbanna ar Shinn Féin ach ní hiadsan amháin atá ag croí na conspóide in Stormont

Guaim á coinneáil go fóill ag polaiteoirí Stormont orthu féin faoi chonspóidí

Is annamh a dhéantar talamh slán de go dtiocfaidh feidhmeannas Thuaisceart Éireann slán ó chonspóid; daoine den bharúil gur fánach an áit a bhfaigheadh an dá phríomhpháirtí leithscéal chun géarchéim a fhógairt. I bhfianaise na n-aighneas a chothaigh pairilis nó titim Stormont cheana, éilíodh barántais ón Chéad- agus LeasChéad-Aire an lá ar athbhunaíodh Stormont i mí Feabhra nach siúlfadh a bpáirtithe amach arís. Níor thug siad geallúint.

Nuair a tháinig siléig Shinn Féin faoi chás an chiontóra gnéis Michael McMonagle chun solais bhí roinnt daoine imníoch go gcothódh an chonspóid guagacht chontúirteach in Stormont.

Diol suntais agus faoisimh ab ea é gur choinnigh teachtaí guaim orthu féin nuair a tugadh Michelle O’Neill, an Chéad-Aire os comhair an Tionóil chun ceisteanna a fhreagairt faoin scéal an tseachtain seo caite. Fiú nuair ba léir go raibh go leor sceipteach faoi mhaíomh Michelle O’Neill nach bhfaca sí a hiar-phreasoifigeach McMonagle os a comhair amach ag ócáid an British Heart Foundation in Stormont, ní raibh siad toilteanach tacú le hiarracht an TUV chun rún mímhuiníne inti a thabhairt chun cinn. Bhí a fhios acu nach n-éireodh leis i ngeall ar an uimhríocht ach thairis sin níor theastaigh uathu guagacht a chothú.

San tseachtain ó shin tá aighneas faoi chás an Teachta Dála Brian Stanley ó dheas agus é tagtha chun solais gur éirigh duine eile as Sinn Féin i ngeall ar ghearán.

Dheimhnigh an t-iarsheanadóir Niall Ó Donnghaile inné gurb eisean an té atá i gceist leis an gconspóid faoi bhall de Shinn Féin a sheol teachtaireachtaí míchuí chuig déagóir.

Chinn an PSNI nár choir é bunús an ghearáin sin ach tá ceisteanna á n-ardú faoi ar dhá thaobh na teorann. Níl aon ghanntanas fadhbanna ar Shinn Féin ach ní hiadsan amháin atá ag croí na conspóide in Stormont.

Tháinig an tAire Oideachais, Paul Givan, DUP faoi bhrú san Tionól Dé Luain faoina chruinniú le comhairle an phobail dhílsigh, an LCC, scátheagras na bparaimíleatach, an UVF, Red Hand Commando agus an UDA. Bhuail a chomhghleacaí an tAire Pobal Gordon Lyons leis an LCC freisin. Airíonn go leor san Tionól go bhfuil rochtain ag scátheagras na bparaimíleatach go héasca ar airí an DUP d’ainneoin na céadta grúpaí atá ag déileáil le hoideachas, míbhuntáiste agus bochtanas a bheith fágtha ag feadaíl. De réir tuairiscí oifigiúla tá na paraimíleataigh dhílseacha ag earcaíocht i gcónaí, ag imeaglú a bpobal féin, ag mangaireacht drugaí agus ag sracadh airgid; iad gníomhach i gcoiriúlacht eagraithe. Ocht mbliana ó bunaíodh an LCC chun cuidiú leo ‘claochlú’ – scor den pharaimíleatachas – tá teipthe ar an aidhm.

Nocht freagra ón roinn oideachais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur thug an tAire Givan an t-eiteachas do 205 iarratas ar chruinnithe. Deir sé féin gur ghlac sé le breis is 300. Dúirt an roinn freisin gurb é an LCC a d’ardaigh ceist faoi Scoil na Seolta ag rá go raibh an naíscoil agus bunscoil ghaelach imeasctha ‘ag cothú deighilte agus guagachta imeasc an phobail’. Dúirt an roinn freisin nár iarr an tAire Givan ná a chomhairleoir speisialta (SPAD) aon treoir ó ardrúnaí ná ó chomhairleoirí dlí na roinne roimh an gcruinniú leis an LCC.

Comhairleoir cathrach de chuid SDLP, Séamus de Faoite a rinne an t-éileamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise roimh dhíospóireacht a d’éiligh a pháirtí in Stormont Dé Máirt faoi stop a chur le paraimíleatachas. I bprionsabal aontaíonn gach duine ach is ábhar teasaí é, go háirithe an méad airgid poiblí atá tugtha do dhaoine as claochlú nó ligean orthu féin go bhfuilid ag éirí as. D’ainneoin an nimh a bhaineann leis an ceisteanna seo is cosúil go leanfaidh na Teachtaí Tionóil ag coinneáil guaim orthu féin chun Stormont a choinneáil ag imeacht.

Fág freagra ar 'Guaim á coinneáil go fóill ag polaiteoirí Stormont orthu féin faoi chonspóidí'