Grúpa tacaíochta ar WhatsApp ag teastáil do na daoine atá i ngreim ag WhatsApp

Má tá leigheas uait ar dhrochscéalta sa nuacht téigh agus breathnaigh ar Old Enough! 

Grúpa tacaíochta ar WhatsApp ag teastáil do na daoine atá i ngreim ag WhatsApp

Is minic nach dtugann tuismitheoirí a dhóthain creidiúna do chumas an ghasúir a bhealach a dhéanamh sa saol ach an deis a thabhairt dó.

Meabhraíodh é seo dom aréir is mé ag breathnú ar chlár ón tSeapáin atá ar fáil ar Netflix na hÉireann anois ina leanann criú ceamara naíonáin óga agus iad seolta ar theachtaireachtaí ag a dtuismitheoirí. Old Enough! atá  ar an leagan i mBéarla den chlár atá bunaithe ar chlár teilifíse réaltachta den teideal Hajimete no Otsukai (a chiallaíonn ‘Mo Chéad Teachtaireacht’) atá ar siúl sa tSeapáin le beagnach deich mbliana.

Sa gcéad eagrán a chonaic mé aréir seoladh buachaill dhá bhliain d’aois go dtí an t-ollmhargadh le bláthanna, curaí milis agus earraí grósaera eile a cheannacht. Lean an ceamara an buachaill is é ag siúi an chiliméadair óna theach go dtí an siopa is a mháilín crochta ar a ghualainn aige. Bhí mo chroí i mo bhéal is mé ag breathnú air ag dul trasna an bhóthair mhóir, ach d’fhan sé leis an bhfeairín glas is rinne sé a bhealach go dtí an siopa. Chuimhnigh sé ar an méid a bhí le ceannacht aige, d’íoc sé as na táirgí is rinne sé a bhealach abhaile arís. Cé a chreidfeadh é?

Níl mé ag moladh go gcuirfí gasúr dhá bhliain d’aois go dtí an siopa. Bhí criú ceamara leis an mbuachaill seo an bealach ar fad is ní raibh sé in aon chontúirt ag aon phointe. Ach léirigh sé go raibh sé breá cumasach agus in ann an jab a dhéanamh. Má tá leigheas uait ar dhrochscéalta sa nuacht téigh agus breathnaigh ar Old Enough!. 

B’fhearr domsa a lorg a leanúint is mé tosaithe ag breathnú chun cinn ar an samhradh cheana féin agus rás na gcampaí faoi lán seoil. Ar chóir an samhradh a scaoileadh leis na gasúir le bheith ag imeacht leo in ionad a bheith srianta chuile lá ag campaí eagraithe? Seans gur chóir, ach ar an láimh eile, cuireann an duine díomhaoin cathú ar an diabhal a deirtear.

Cúpla seachtain ó shin a thosaigh na chéad ráflaí á scaipeadh ar WhatsApp gur ghearr go mbeadh Cúl Camp na bliana seo á oscailt.

Bí réidh is bí scafánta má tá tú ag iarraidh áit a fháil ar an gcampa, an teachtaireacht a scaipeadh.

Tá mé ag iarraidh cuimhneamh cén uair a thóg WhatsApp seilbh ar mo shaol. Is cuimhin liom is muid ar saoire in 2016 gur mhol duine éigin dom é a chur ar an bhfón le haghaidh glaochanna gutháin is muid thar lear.

Níl a fhios agam céard a tharla idir an dá linn, ach tá mé istigh i ngrúpaí ar chuile thaobh is iad á líonadh le teachtaireachtaí maidin is oíche. Déarfainn go bhfuil leath na tíre sa mbád céanna.

An bhfuil grúpa nua tacaíochta ag teastáil, WhatsApp eile do na daoine atá i ngreim ag WhatsApp? Clár 12 céim don andúileach.

Céim a haon, admhaím go bhfuil fadhb agam.

Tá grúpaí scoile ann, grúpaí spóirt, cairde, teaghlaigh, agus grúpaí eile nach bhfuil mé baileach cinnte cén fáth go bhfuil mé iontu ach go bhfuil faitíos orm go mbeadh sé mímhúinte dá n-imeoinn astu.

Casadh bean orm a lá cheana agus seanghuthán Nokia aici. ‘Níl mé ag iarraidh WhatsApp,’ a dúirt sí, ‘is tá leithscéal agam leis an bhfón seo mar nach fón cliste é.’ Cén sórt laoch í seo, a dúirt mé liom féin, bean mhisniúil chróga, Gráinne Mhaol 2022 ag seasamh an fhóid in aghaidh ionsaí na teicneolaíochta.

Níl a fhios agamsa cár leag mé an fód, nó cá bhfaca mé go deireadh é, fiú dá mbeinn ag iarraidh é a sheasamh.

Sin é an fáth go raibh mé ag crochadh nótaí beaga ar fud an tí dom féin an oíche cheana agus ‘Campaí ag oscailt ar maidin!’ scríofa orthu. Tá an rása ar bun, tá sé ar bun an dtuigeann tú? Is níl a fhios againn cá bhfuil a dheireadh.

Fág freagra ar 'Grúpa tacaíochta ar WhatsApp ag teastáil do na daoine atá i ngreim ag WhatsApp'