GRAFAIC EOLAIS: An Ghaeltacht agus An Cheathrú Rua ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus na socruithe déanta do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2018

Is sna Dúnaibh i nGaeltacht Dhún na nGall a bheidh an comórtas náisiúnta ar siúl i mbliana agus 19 cluiche á n-imirt idir an 1 agus an 4 Meitheamh

GRAFAIC EOLAIS: An Ghaeltacht agus An Cheathrú Rua ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus na socruithe déanta do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2018

Foireann na Gaeltachta a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta 2017. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

PDF anseo

Tá na socruithe uile déanta do bhabhtaí ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta 2018 agus sceideal na gcluichí foilsithe.

Is sna Dúnaibh i gCo. Dhún na nGall a bheidh an comórtas náisiúnta i mbliana agus 19 cluiche le himirt deireadh seachtaine na Cincíse, idir chluichí na bhfear agus chluichí na mban. Ceithre lá a mhairfidh an comórtas, idir an 1-4 Meitheamh, agus ar dhá pháirc a imreofar na cluichí.

I gcomórtas sinsir na bhfear, cuirfidh curaidh na bliana seo caite, An Ghaeltacht, tús lena bhfeachtas Dé Sathairn nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar sheaimpíní na Gaillimhe, An Cheathrú Rua.

Cath na gConallach a bheidh ann sa chluiche ceathrú ceannais eile ar an taobh céanna den tarraingt agus Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Casfaidh Béal an Mhuirthead ar Bhulf Tón na Mí agus imreoidh An Rinn i gcoinne Naomh Abán sa dá chluiche ceathrú ceannais eile i gcomórtas na sinsear Dé Sathairn.

Is le comórtas sóisir na bhfear a chuirfear tús leis an gcomórtas Dé hAoine, an 1 Meitheamh, nuair a chasfaidh Naomh Náille, seaimpíní na sóisear ó 2017, ar Ghaeil Fhánada, a bhuaigh comórtas cáilithe Dhún na nGall cúpla seachtain ó shin.

Sa réamhbhabhta eile, imreoidh Lios Póil as Ciarraí agus Laochra Loch Lao as Béal Feirste i gcoinne a chéile Dé Sathairn. Rachaidh buaiteoirí an chluiche sin chun páirce arís an tráthnóna céanna in aghaidh Na Gaeil Óga as Baile Átha Cliath.

Tá cead ar aghaidh faighte ag an bhfoireann bhaile, na Dúnaibh, go dtí na babhtaí leathcheannais den chomórtas sóisir.

I gcomórtas sinsir na mban, cumainn as Gaillimh a thabharfaidh aghaidh ar chumainn as Dún na nGall sna cluichí leathcheannais. Imreoidh Maigh Cuilinn i gcoinne Ghleann Fhinne sa chéad bhabhta leathcheannais Dé Sathairn sula dtabharfaidh Baile Chláir, buaiteoirí na bliana seo caite, aghaidh ar An Tearmann.

Níl ach cluiche amháin i gcomórtas idirmheánach na mban mar a mbeidh Naomh Anna Leitir Móir agus Baile na nGallóglach ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa chluiche ceannais.

Fág freagra ar 'GRAFAIC EOLAIS: An Ghaeltacht agus An Cheathrú Rua ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus na socruithe déanta do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2018'