Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta le bronnadh ar an mórstaraí Gearóid Ó Tuathaigh ag Oireachtas na Samhna

Dúirt Ceannaire Gníomhach RnaG Gearóid Mac Donncha go léiríonn saothar Ghearóid Uí Thuathaigh ‘a ghrá is a phaisean don Ghaeilge, don stair, don oideachas, don phobal agus do Chumann Lúthchleas Gael’

Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta le bronnadh ar an mórstaraí Gearóid Ó Tuathaigh ag Oireachtas na Samhna

Tá Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta le bronnadh i mbliana ar Ghearóid Ó Tuathaigh, duine de mhórstaraithe na hÉireann.

Bronnfar an gradam ar Ó Tuathaigh, arb as Luimneach ó dhúchas dó ach a bhfuil cónaí air i mBearna i nGaeltacht Chonamara, le linn Chomórtas Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhana i gCill Airne amárach.

I ráiteas a chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta amach tráthnóna dúradh go bhfuil aitheantas á thabhairt don Ollamh Emeritus le Stair in Ollscoil na hÉireann Gaillimh mar dhuine de mhórscoláirí “ár linne” agus mar thráchtaire géarchúiseach ar chúrsaí polaitíochta agus staire nach “leasc leis riamh a chuid léinn agus saineolais a roinnt go fial leis na héisteoirí”. Tagraíodh chomh maith don mheas mór atá ag daoine ar Ó Tuathaigh mar gheall ar an “ómós a léirigh sé féin don teanga agus do phobal na Gaeltachta riamh anall”. 

Is iarChathaoirleach é ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta, bhí sé ina chathaoirleach chomh maith ar Údarás na Gaeltachta agus ar Bhord na Gaeilge. Bhí sé ina leasuachtarán ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus d’ainmnigh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn é ar an gComhairle Stáit.


Tá sé pósta ar Mharie Gleeson as Leitir Ceanainn, agus tá triúr clainne orthu, Colm, Eimer agus Caoimhe. 

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta:

“Tugann Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta deis don tseirbhís aitheantas a thabhairt do dhaoine nó do ghrúpaí as a saothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus is cinnte go bhfuil a chuid déanta ag Gearóid Ó Tuathaigh sa ngort sin le blianta fada anuas agus is pribhléid dúinn a bheith in ann an gradam seo a bhronnadh air i mbliana.  

“Tá urraim mhór ag pobal an Raidió dó, agus í sin thar a bheith tuillte aige.  Léiríonn a chuid oibre a ghrá is a phaisean don Ghaeilge, don stair, don oideachas, don phobal agus do Chumann Lúthchleas Gael chomh maith.  Tréaslaím a ghradam leis, go mba fada buan é,” arsa Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cuirfear Gearóid Ó Tuathaigh faoi agallamh maidin Dé Domhnaigh ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra a bheidh á chraoladh beo ón Oireachtas i gCill Airne ag 9.30am.

Fág freagra ar 'Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta le bronnadh ar an mórstaraí Gearóid Ó Tuathaigh ag Oireachtas na Samhna'

  • Agus Mise

    Maith thú a Ghearóid. Sexton’s Street agus Tony Bromell abú!