Gradam mór le rá buaite ag scannán na rapáliathe Gaelacha Kneecap ag féile Sundance

Bronnadh ar an scannán dátheangach Duais Next an Lucht Féachana ag féile cháiliúil Sundance in Park City, Utah

Gradam mór le rá buaite ag scannán na rapáliathe Gaelacha Kneecap ag féile Sundance

Tá duais mór le rá buaite ag an scannán dátheangach Kneecap, a insíonn scéal an bhanna rap aitheanta a bhunaigh triúr cainteoirí Gaeilge as Béal Feirste.

Bronnadh ar an scannán Duais Next an Lucht Féachana ag féile cháiliúil Sundance in Park City, Utah, mar a raibh an première aige an tseachtain seo caite ag an scannán beathaisnéise a stiúir Rich Peppiatt.

Agus an duais á glacadh aige, dúirt Rich Peppiatt, go raibh seachtain iontach ag lucht an scannáin ag an bhféile.

Tá ardmholadh á thabhairt ag léirmheastóirí do Kneecap agus cheannaigh Sony Pictures Classics na cearta chun é a dháileadh sna pictiúrlanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, Meiriceá Theas, Oirthear na hEorpa, sa Tuirc agus sa Mheánoirthear.

Dúradh in The Hollywood Reporter gur scannán é a bhí “ag baint súp as an bhfonóid” agus dúradh go raibh “nádúrachas” triúr Kneecap, Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí, le moladh agus iad ag aisteoireacht i róil mar iad féin sa scannán.

Ag labhairt dó faoina mbua ag Sundance, dúirt Mo Chara gur “seachtain chraiceáilte” a bhí sa turas ar fhéile Sundance, go mbeadh go leor deiseanna eile acu de thoradh na duaise agus nach raibh sé “áiféiseach” anois a bheith ag smaoineamh faoi ainmniúchán Oscar amach anseo.

Dúirt léiritheoir Kneecap, Trevor Birney, go gcuirtear na mílte scannán isteach ar Sundance agus nach roghnaítear le taispeáint ag an bhféile ach 60 ceann.

“Agus as an 60 ceann sin, tá gradam mór le rá buaite againn – tá sé iontach,” arsa Birney.

Fág freagra ar 'Gradam mór le rá buaite ag scannán na rapáliathe Gaelacha Kneecap ag féile Sundance'

  • Paul Laughlin

    Scéal ar dóigh! Ar bís iad a fheiceáil ar The Late Late anois!