Gradam Fhoras na Gaeilge bronnta ar an stiúrthóir scannán Tom Collins

Bronnadh an gradam as a chuid oibre i ngort na Gaeilge ar an stiúrthóir aitheanta i Filmbase i mBaile Átha Cliath inniu

Gradam Fhoras na Gaeilge á bhronnadh ar Tom Collins ag Stuart Carolan
Gradam Fhoras na Gaeilge á bhronnadh ar Tom Collins ag Stuart Carolan

Tá Gradam Fhoras na Gaeilge bronnta ag an Screen Directors of Ireland Guild ar an stiúrthóir Tom Collins as ucht a chuid oibre i réimse na teilifíse agus na scannánaíochta Gaeilge.

Tá an-mheas ar na scannáin atá déanta ag Collins, ina measc Hush-a-Bye-Baby (1992) agus an fadscannán Gaeilge Kings (2007), ach is mó eolas a bheadh ag lucht féachana an lae inniu ar An Bronntanas a craoladh mar shraith teilifíse ar TG4 ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt Collins gur “iontach an rud é” gur thug an Gild an t-ómós dó ach gur mó oibre a bhí déanta ag na daoine a thriail an Ghaeilge a mhúineadh dó i gcaitheamh na mblianta.

“An obair an rud is tábhachtaí domsa, an obair a bhaineann le scathán a thabhairt ar an bhféiniúlacht chomhaimseartha Éireannach a sháraíonn an stair agus teorainneacha na tíre seo,” a dúirt sé.

Ba é stiúrthóir na sraithe cáiliúla Love/Hate Stuart Carolan a bhronn an duais ar Tom Collins ag Filmbase i mBaile Átha Cliath inniu.

Dúirt Birch Hamilton, stiúrthóir an Screen Directors of Ireland Guild, go bhfuil Collins ar dhuine de na stiúrthóirí is fearr in Éirinn agus go bhfuil éacht as cuimse déanta aige i ngort na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Gradam Fhoras na Gaeilge bronnta ar an stiúrthóir scannán Tom Collins'