GRADAM: Duais litríochta idirnáisiúnta bronnta ar an scríbhneoir Ríona Nic Congáil

An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS) a bhronn an duais don leabhar taighde is fearr i nGaeilge ar Nic Congáil dá saothar faoin aos óg i stair na Gaeilge

GRADAM: Duais litríochta idirnáisiúnta bronnta ar an scríbhneoir Ríona Nic Congáil

Tá duais litríochta idirnáisiúnta buaite ag an leabhar An Óige agus an Ahbheochan le Ríona Nic Congáil.

An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS) a bhronn an duais don leabhar taighde is fearr i nGaeilge ar Nic Congáil dá saothar faoin aos óg i stair na Gaeilge, a d’fhoilsigh Cló Léann na Gaeilge (CLÓ) i bpáirt le COMHAR.

Is í Ríona Nic Congáil, scríbhneoir as Gaillimh agus Ollamh Comhlach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, an chéad duine riamh a roghnaíodh faoi dhó do ghradam taighde ACIS, a thugann aitheantas do scoth na leabhar a fhoilsítear gach bliain ar ábhar a bhaineann le hÉirinn.

Agus an gradam á fhógairt, thug na moltóirí ardmholadh don leabhar An Óige agus an Athbheochan, as “ceisteanna fíorthábhachtacha” a ardú a bhaineann le “mianta agus gníomhartha an aosa óig in athbheochan na teanga”.

Tugann saothar Nic Congáil “dúshlán” don léitheoir “féachaint siar ar an stair trí shúile an pháiste,” a dúirt na moltóirí, “ag aithint, mar sin féin, nárbh ionann an taithí sin do gach páiste de bharr cúinsí aicme agus inscne”.

Dúirt moltóirí ACIS gur léir ó ardchaighdeán na n-iarratas i mbliana go raibh borradh tagtha faoi fhoilseacháin taighde Ghaeilge i ndiaidh na paindéime. Tugadh moladh speisialta do leabhar Dháithí de Mórdha, Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht.

In 2010, thug Nic Congáil, a scríobh leabhair acadúla agus leabhair do pháistí i nGaeilge, an gradam ACIS léi dá saothar Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach.

Tá clár faisnéise nua Uan Uladh atá bunaithe ar an saothar sin á léiriú ag an chomhlacht léiriúcháin Macha Media le craoladh ar TG4 roimh dheireadh na bliana.

Bronnadh duais ar an saothar An Óige san Athbheochan i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2021, an chéad mhonagraf taighde ón fhoilsitheoir nua acadúil, Cló Léann na Gaeilge (CLÓ, a bhfuil mar aidhm aige ardán agus tacaíocht a thabhairt do scoláirí ar fud na cruinne ar mian leo a gcuid taighde a fhoilsiú i nGaeilge.

Bhí An Óige agus an Athbheochan i measc na leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh anuraidh a roghnaigh an léirmheastóir Dónall Ó Braonáin.

“Is foilseachán slachtmhar agus údarásach é seo a scrúdaíonn an bhéim a cuireadh ar chothú na hóige san athréimniú teanga ó thús na hAthbheochana.

“Déantar anailís chúramach ar bhunfhoinsí chun cíoradh a dhéanamh ar an saothrú leitheadach a rinneadh ar an óige go náisiúnta agus dírítear aird ar an obair a rinneadh ar óige na Gaeltachta go speisialta,” a dúirt Ó Braonáin.

Fág freagra ar 'GRADAM: Duais litríochta idirnáisiúnta bronnta ar an scríbhneoir Ríona Nic Congáil'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Molaim obair Ríona agus molann an obair í féin! Dar liom gur bhuail mé léi i nGleann Cholm Cille tamall ó shin :-) agus í na múinteoir ann.