Gradam don chaifé is fearr in Éirinn buaite ag caifé Gaeltachta

Bhuaigh Castlewood House sa Daingean an gradam don teach lóistín is fearr chomh maith ag Gradaim Bhialanna agus Fáilteachais Georgina Campbell

Gradam don chaifé is fearr in Éirinn buaite ag caifé Gaeltachta

Tá gradam náisiúnta eile buaite ag caifé Gaelachta aitheanta agus POTA Café roghnaithe mar an caifé is fearr in Éirinn.

Fógraíodh buaiteoirí ghradaim náisiúnta Georgina Campbell an tseachtain seo agus an phríomhdhuais ina chatagóir buaite ag POTA Café, atá lonnaithe i mBaile na hAbhann i gcontae na Gaillimhe.

Tá ardmholadh agus gradaim go leor faighte ag an gcaifé ó d’oscail é Diarmuid Ó Mathúna é in 2021.

Agus é ag tagairt don bhua is déanaí ag POTA Café, dúirt Ó Mathúna go mba “mhór an onóir dúinn é gur roghnaíodh muid as liosta de chuid de na caiféanna is mó a bhfuil meas againn orthu ar fud an oileáin seo.

“An chúis ar thug muid POTA ar an gcaifé an chéad lá ná gur breá linn an íomhá de phobal a bheith tarraingthe le chéile thart timpeall ar phota mór bia, sult á bhaint acu as comhluadar a chéile agus scéalta, smaointe – agus bia, ar ndóigh – á roinnt go flúirseach.”

Baineann Ó Mathúna úsáid as táirgeoirí áitiúla don bhéile a chuirtear ar fáil sa gcaifé agus béim á cur aige freisin ar an teanga agus an Ghaeilge “lárnach” san áit.

Is in Óstán an Intercontinental i mBaile Átha Claith a fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Bhialanna agus Fáilteachais Georgina Campbell agus thug Castlewood House sa Daingean i gcontae Chiarraí leis an duais don teach lóistín is fearr sa tír.

Fág freagra ar 'Gradam don chaifé is fearr in Éirinn buaite ag caifé Gaeltachta'

  • Caitlín Nic Íomhair

    Comhgairdeachas libh, a chairde! Ardaíonn sé mo chroí an rath iontach atá oraibh a fheiceáil i gcónaí. Luachanna cearta, machnamh domhan, bia blasta. Nár laga Dia sibh!

  • Áine Ní Ghlinn

    Comhghairdeachas libh.