Gradam don ‘Caifé is Fearr i nGaillimh’ ag dul go dtí an Ghaeltacht

Ó d'oscail POTA Café in 2021, tá gradaim go leor agus an-aitheantas faighte ag an chaifé Gaeilge

Gradam don ‘Caifé is Fearr i nGaillimh’ ag dul go dtí an Ghaeltacht

Tá gradam don ‘Caifé is Fearr i nGaillimh’ buaite ag caifé Gaeltachta aitheanta i gConamara.

Thug POTA Café, caifé agus bialann ar an Tulaigh i mBaile na hAbhann, an gradam leis don ‘Caifé is Fearr i nGaillimh’ ag na gradaim do bhialanna na hÉireann, na Irish Restaurant Awards, a bhí ar siúl i Sligeach an tseachtain seo.

Ó d’oscail POTA Café in 2021, tá gradaim go leor agus an-aitheantas faighte ag an chaifé Gaeilge. Anuraidh bhuaigh POTA an gradam don ‘Caifé is Fearr ar oileán uile na hÉireann’ ó Ghradaim Bhialanna na Bliana atá urraithe ag Food and Wine Ireland.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt uinéir POTA, Diarmuid Ó Mathúna, cócaire aitheanta as Corcaigh, go gcreideann sé gurb iad na “luachanna céanna” a leagadh amach don chaifé ón chéad lá is cúis leis an rath atá air.

“‘Pobal, inmharthanacht agus ardchaighdeán bia na príomhluachanna a leag muid síos don chaifé agus sin iad na rialacha a leanann muid, an tslat tomhais atá againn, sin iad a threoraíonn chuile chinneadh a dhéanann muid.

“I ndáiríre, sílim gurb é sin an chúis leis an rath atá orainn. Chabhraigh na luachanna sin linn cinntí a dhéanamh agus sílim go bhfuil sé ag dul chun sochair dúinn. Anuas air sin, tá soláthróirí iontacha againn thart orainn anseo. Tá an t-ádh linn,” a dúirt sé.

Dar le Ó Mathúna, ba bhua mór do POTA an chuairt a thug Corinna Hardgrave, léirmheastóir bia de chuid an Irish Times, ar an chaifé an samhradh seo caite.

“As cuairt amháin a thug Corinne Hardgrave, fuair muid go leor. Bhí sí ar dhuine de na moltóirí ar Food and Wine agus is cinnte gur chabhraigh sin linn an gradam sin a fháil.”

“Scríobh sí léirmheas álainn san Irish Times ach níor thug mé faoi deara go raibh sí istigh linn ar chor ar bith, ainneoin go raibh sí ag an chuntar. Bhí muid chomh gnóthach sin nár thug mé faoi deara gurbh ise a bhí ann.”

Chomh maith leis na gradaim sin, tá POTA Café ainmnithe ar liostaí ‘An 100 Bialann is Fearr’ sna nuachtáin, ina measc liosta Lucinda O’Sullivan a d’fhoilsigh an Irish Independent agus liosta John agus Sally McKenna a foilsíodh sa Sunday Times an tseachtain seo.

“Is dóigh gurb é liosta na McKennas an liosta is mó a bhfuil meas air, tá siad á ndéanamh le 30 bliain. Seo é an chéad uair dúinne a bheith ar an liosta sin. Domsa go pearsanta, tá sé iontach a bheith ar an liosta sin nó tá mé ag breathnú air le blianta fada agus ag dréim le bheith air,” a dúirt sé.

Tá na duaiseanna “iontach ar fad” ach deir Ó Mathúna gurb iad na “custaiméirí dílse” a thagann go rialta a choinníonn POTA ag imeacht.

“Níl mórán bialann in áit chomh hiargúlta leis seo a fhanann oscailte i gcaitheamh na bliana agus baineann sin leis na custaiméirí. Faigheann muid tacaíocht iontach ó phobal na háite.

“Tá muid chomh buíoch sin as ár gcustaiméirí dílse a thagann go rialta, iadsan is mó atá ag cur leis an áit seo.”

Maidir leis na deacrachtaí foirne a bhíonn ag go leor bialann agus caiféanna ar fud na tíre, dúirt Ó Mathúna, a fuair a chuid oiliúna féin i scoil chócaireachta Ballymaloe, gur chinn sé daoine le Gaeilge ón cheantar a earcú agus oiliúint a chur orthu ó thaobh na cócaireachta de.

“Tá géarchéim aisteach in earnáil an fháilteachais ar fud na tíre agus nuair a chuireann tú coinníoll sa bhreis leis go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag daoine, tá dúshlán ag baint leis sin.

“Tá sé níos fusa múineadh do dhuine le Gaeilge cén chaoi le cócaireacht seachas Gaeilge a mhúineadh do dhuine atá in ann cócaireacht agus sin an cur chuige atá againn sa chaifé. Tá sé ag obair, tá foireann iontach againn.”

Ach cad faoin bhéile is mó tóir sa chaife rathúil seo? Deir Ó Mathúna go raibh toastie amháin chun tosaigh ón chéad lá, agus gurb amhlaidh an scéal fós.

“An toastie bagúin – bagún stróicthe Uí Fheinneadha, búistéir ón Spidéal, Cáis Kylemore, ó na déantóirí cáise aitheanta atá taobh thiar de Ghaillimh, agus mustard meala a dhéanann muid anseo, agus a chuireann muid ar arán sourdough ó Sullivan’s in Uachtar Ard,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Gradam don ‘Caifé is Fearr i nGaillimh’ ag dul go dtí an Ghaeltacht'