Gradam an Phiarsaigh bronnta ar Bhríde de Róiste agus an Bráthair Seán Ó Dúgáin

Bronntar Gradam an Phairsaigh ar dhaoine ar measadh sáriarracht a bheith déanta acu chun idéil an Phiarsaigh a chur chun cinn

maxresdefault
Bríde de Róiste ag an bhFéile Pan Cheilteach

Is ar Bhríde de Róiste agus an Bráthair Seán Ó Dúgáin a bronnadh Gradam an Phiarsaigh 2015 i gCultúrlann na hÉireann i mBaile Áth Cliath anocht. Is iar-phríomhoidí scoile iad beirt agus b’fhacthas do mholtóirí an Ghradaim go ndearna siad beirt idéil an Phiarsaigh i leith an oideachais a chur chun cinn acu le linn a saoil oibre.

Is é an craoltóir mór le rá, Mícheál Ó Muircheartaigh, a bhronn na Gradaim ar Bhríde agus ar Sheán i gceannáras Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag 19.00 anocht.

Bronntar Gradam an Phairsaigh ar dhaoine ar measadh sáriarracht a bheith déanta acu chun idéil an Phiarsaigh a chur chun cinn i réimsí éagsúla, lena n-áirítear an t-oideachas, na dána, an litríocht, cearta sibhialta, na meáin chumarsáide nó “i measc an phobail”. Ainmníonn na heagrais; Comhaltas Ceoltóirí Éireann; Cumann Lúthchleas Gael; Comhairlí Contae; agus eagrais dheonacha, náisiúnta agus reachtúla eile ar fud na tíre daoine don ghradam.

Ba dhuine de ghrúpa beag í Bríde de Róiste a bhunaigh naíonra i gCeatharlach – áit a bhfuil sí ina cónaí – sa bhliain 1980. Bhí sí ina príomhoide ar Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc ina dhiaidh sin nuair a bunaíodh í sa bhliain 1982 agus mhéadaigh líon na ndaltaí ó 20 go 500 faoina cúram. Spreag sí pobal an cheantair gaeloideachas dara leibhéal a éileamh agus d’éirigh le lucht an fheachtais sin Gaelcholáiste Cheatharlach a bhunú i 1990. Cuireann sí cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta i gCeatharlach agus is í a reáchtálann an Dioplóma sa Ghaeilge i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe. D’éirigh léi an Fhéile Pan-Cheilteach a thabhairt go Ceatharlach sna blianta 2012 agus 2013.

Bhí an Bráthair Seán Ó Dúgáin ina Ardmháistir ar an gcéad mheánscoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Átha Cliath. Osclaíodh Coláiste Eoin i Stigh Lorcáin i 1969 faoi phátrúnacht na mBráithre Críostaí. Dhírigh sé ar dhul i ngleic leis an dearcadh diúltach in aghaidh na Gaeilge a braitheadh a bhí sa Roinn Oideachais an t-am sin. Thóg sé seasamh láidir ó thaobh déileáil leis an Stát trí mheán na Gaeilge. Chreid an Bráthair Seán go láidir sa tumoideachas agus bhunaigh sé coláiste Gaeilge i Ros a’ Mhíl i gConamara le deis bhreise a thabhairt dá dhaltaí. Spreag sé na daltaí a bheith gníomhach i ndíospóireachtaí agus i réimsí an cheoil, an spóirt agus na healaíne.

Agus na gradaim á mbronnadh aige, dúirt Mícheál Ó Muircheartaigh go bhfuil “ionchur den scoth” déanta ag de Róiste agus Ó Dúgáin araon.

“Bhí cúrsaí oideachais bunúsach i síceolaíocht Phádraig Mhic Phiarais. Dhearbhaigh sé go mbeadh gach gné de chultúr na hÉireann fite fuaite trí churaclam na scoile. Is lóchrann dóchais a leithéid seo, don iliomad oideachasóir ó shin.

“Tá ionchur den scoth déanta ag buaiteoirí na bliana seo leis an bhfís sin i gcúrsaí oideachais a chaomhnú agus a fhorbairt. Bhí an bheirt acu ina n-ionad féin, páirteach i mbunú scoileanna lán-Ghaelacha chomh maith le dearbhú go gcuirfí toradh an tsaothair sin i bhfeidhm i saol agus i gcultúr an cheantair ina rabhadar,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Gradam an Phiarsaigh bronnta ar Bhríde de Róiste agus an Bráthair Seán Ó Dúgáin'