Gradam Alumni de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le bronnadh ar an iriseoir Póilín Ní Chiaráin

Tá Póilín Ní Chiaráin, arb as Gaeltacht Mhaigh Eo ó dhúchas di, ar dhuine de na hiriseoirí is mó taithí agus is mó a bhfuil meas orthu sa Tuaisceart

Gradam Alumni de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le bronnadh ar an iriseoir Póilín Ní Chiaráin

Tá gradam Alumni de chuid Ollscoil na hÉireann le bronnadh ar an iriseoir agus craoltóir aitheanta Póilín Ní Chiaráin, colúnaí le Tuairisc.ie.

Bronntar na gradaim alumni seo ar dhaoine a d’fhreastail ar an ollscoil sa Ghaillimh “a bhfuil a n-alma mater fíorbhródúil astu” as na gaiscí a dheineadar ina dhiaidh sin.

Ar na daoine eile a mbronnfar gradam alumni i mbliana orthu, tá an Dr Mick Molloy as Corr na Móna i nGaeltacht Dhúiche Seoighe, iarimreoir rugbaí agus ceannródaí sa leigheas spóirt.

Tá Póilín Ní Chiaráin, arb as Gaeltacht Mhaigh Eo ó dhúchas di, ar dhuine de na hiriseoirí is mó taithí agus is mó a bhfuil meas orthu atá ag saothrú sa Tuaisceart. 

Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i 1965 agus nuair a d’fhág sí an ollscoil chuaigh sí ag obair le RTÉ, mar a raibh baint aici le cláracha ar nós Féach. 

Sa seomra nuachta i mBaile Átha Cliath a bhí sí ag obair nuair a d’aistrigh sí go dtí an Tuaisceart aimsir na stailceanna ocrais. Thug sí blianta fada mar iriseoir le RTÉ i mBéal Feirste nó gur bhog sí go dtí cathair Dhoire ar feadh seala, áit a raibh sí ina ceannasaí nuachta ag an BBC.

Shocraigh sí dul ag obair mar shaoririseoir i lár na nóchaidí agus bhí sí mar chomhfhreagraí ó thuaidh leis an nuachtán Foinse ón uair a bunaíodh é i 1996 go dtí gur dúnadh é in 2009. Bíonn sí mar chomhfhreagraí ó thuaidh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá sí ina comhfhreagraí le Tuairisc.ie ó tháinig ann don suíomh seo in 2014.

Dúirt gur mór “an onóir” di a bheith roghnaithe don Ghradam Alumni don Ghaeilge. 

“Bhí mo chroí istigh san ollscoil. Bhí saol iontach agam ann, cé gur dhroch-mhac léinn amach is amach mé! Bhí Ollscoil na Gaillimhe speisialta mar bhí sé sách beag go raibh aithne ag gach duine ar a chéile is cuma cén cúrsa a bhí á dhéanamh agat. Comhluadar ceart ollscoile a bhí i gceist. Tá mé ag tnúth go mór le dul ar ais,” arsa Póilín Ní Chiaráin.

I measc na ndaoine ar bronnadh gradam alumni de chuid Ollscoil na hÉireann cheana orthu tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, an craoltóir Seán O’Rourke, an craoltóir as an nGaeltacht Gráinne Seoige, na polaiteoirí Pat Rabbitte agus  Eamonn Gilmore,  Máire Whelan a bhí ina hArd-Aighne, an t-imreoir rugbaí Ciarán FitzGerald agus an lúthchleasaí Olive Loughnane.

Bronnfar seacht ngradam na bliana seo ag ócáid speisialta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an 13 Aibreán. Is iad buaiteoirí eile na bliana seo ná Fiona Mitchell, iriseoir, Gráinne McMorrow, saineolaí dlí, an Dr John Lyons, eolaí ailse agus an Dr Ronan Waldron, máinlia.

Fág freagra ar 'Gradam Alumni de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le bronnadh ar an iriseoir Póilín Ní Chiaráin'