Grá, fuadach agus an Sáspan Dubh…

Trí ní nach féidir a cheilt: tart, tochas agus grá, a deirtear

love-560783_1280

Trí ní nach féidir a cheilt: tart, tochas agus grá, a deirtear. Más ea, is dócha go bhfágfar scata fear ag tochas a gcinn anocht agus teipthe glan ar a n-iarrachtaí grámhara na mná a shásamh ar an lá speisialta seo.

Gan faic sa cheann ag cuid mhaith acu ach fonn slataíochta agus simplíocht, ach féith uasal na rómánsaíochta mar spreagadh ag a thuilleadh acu. Nach casta an cúram é. Tháinig cúrsaí breá bog orthu fadó – níor ghá dhuit aithne bheith agat ar an mbean fiú gan trácht ar í mhealladh le bláthanna, bronntanais agus bréithre binne.

Tionscail ann féin ab ea an córas cleamhnais – córas a chinntigh dáileadh an tsaibhris i measc an phobail, ach córas a dhein faillí glan ar mhianta an chroí go minic.

Más rud é go raibh talamh agus tíos ag teacht leis an bhfear óg a bhí le pósadh, chaitheadh muintir na mná é sin a chúiteamh le muintir an fhir. Airgead den gcuid is mó a bhíodh i gceist, nó bó b’fhéidir, ach tharlaíodh sé leis go seoltaí an tarna hiníon fé bhráid an fhir le cur i mbun oibre sa tigh.

Tá cuimhne fós anso i bparóiste an Fheirtéaraigh ar bhó a phós triúr. Tugadh an bhó mar spré le hiníon feirmeora. Seoladh an bhó mar spré arís as san go tigh eile sa chomharsanacht, sara bhfill sí ar an bhfeirmeoir a thug uaidh ar dtúis í nuair a bronnadh í mar spré agus cleamhnas déanta dá mhac. Dúirt fear smartáltha éigin nár tháinig aon bhó roimpi ná ina diaidh go mbaineadh oiread leathair aisti!

Ba mhinic na cleamhnais á ndéanamh sna tithe tábhairne. Bhíodh urlabhraí ceaptha ag an dá thaobh agus an margadh á dhéanamh. Leanadh aighneas agus dianphlé na hócáidí seo. Stócach a thugtaí ar an té a bhíodh i mbun margántaíochta thar ceann na muintire.

Fearaibh de ghnáth a bhí sna stócaigh seo ach bhí cáil fé leith ar bhean ó Chúil Aoidh, i gCo. Chorcaí, a bhí oilte ar an gceird. Máiréad Ní Ghealabháin ab ainm ainm di agus do mhair cuimhne a cumais i nath cainte, sa tslí is go ndéarfaí fén stócach go raibh toradh fónta ar a chuid saothair: “Tá sé chomh maith le Máiréad Ní Ghealabháin.”

Lean nós na gcleamhnais go maith isteach sa chéid seo caite. I gCorca Dhuibhne bhí trácht orthu sna 1930í, agus fo-cheann ina dhiaidh sin fiú. Bhuaileas le tábhairneoir ón nDaingean ar bhainis le déanaí agus duirt sé liom go raibh cuid de na cáipéisí comhaontaithe a bhíodh sínithe ag an dá thaobh fé ghlas sa taisceadán aige go fóill.

Ach bhíodh slite níos fusa ann chun bean agus spré a tharrac roimis an Ghorta Mhóir. Caith uait an mhargántaíocht agus fuadaigh í! Tá cuntas iontach le fáil ar an bhfuadach a deintí ar mhná in Uíbh Ráthach i Seanchas Bhordóinín (1946), leabhar a scríobhh Domhnall Ó Suilleabháin ó Chathair Dónall. Bhailíodh an t-ógfhear gasra fear agus théidís le chéile ar chapaill iallaite. Thugadh an bhuíon ruathar gan choinne fé thigh na mná óige i lár na hoíche agus sciobtaí chun siúil ar dhroim capaill í. Bhíodh lámha na mná ceangailte agus í curtha i mbaclainn an óigfhir.

Deir an Súilleabhánach go gcaithtí go maith leis an mbean tar éis a fuadaithe. Chuirtí scéala chun a muintire ansan fén gcleamhnas a bhí déanta agus fén spré á bhí á lorg.  Bhíodh baol i gcónaí ann go raghadh an cailín i gcion ar an bhfuadaitheoir agus go leanfadh caidreamh collaíochta a tréimhse mar ghiall. D’fhonn scannal a sheachaint agus clú na mná óige a chosaint dheintí an pósadh le toil na muintire agus thugtaí an spré de ghnáth.

Gan dabht bhíodh seifteanna cama ag na mná leis chun an fear ab ansa leo féin a chur sa mhogall. Thugtaí an ‘sáspan dubh’ air seo. Oideas seirce ab ea é a dheintí as luibheanna speisialta. Ba chuma pus gadhair ar an mbean, bheadh an fear bocht dallta ag an mbraon cumhachtach so agus chuireadh sé dúil inti. An té a bheadh pósta le bean ná raibh ach leathchuíosach déarfaí go raibh ‘braon as an sáspan dubh ólta ag an bhfear bocht.’

Coimeád do ghloine id ghreim agus ná scaoil as do radhairc anocht í.

Fág freagra ar 'Grá, fuadach agus an Sáspan Dubh…'