Tamall ó shin agus mé ar shiúlóid fhada trí fhoraoiseacha an Veluwe, ceantar cnoc gainimh i gceartlár na hÍsiltíre, tharla mé ar dhumha adhlactha ón gcré-umhaois – tulán créafóige i lár na coille agus crainn mhaorga darach, feá agus giúise timpeall air. (Ar eagla na míthuisceana: ní mise a d’aimsigh an láthair sheandálaíochta sin. Tá ceantar an Veluwe breac le tuamaí dá leithéid, agus le comharthaí bóthair a chuirfidh sa treo ceart thú.)
Lá geal gréine a bhí ann ach chothaigh scáthanna dhuilliúr na gcrann mistéir san aer. Ní raibh éinne ag breathnú agus chuaigh mé timpeall ar an tulán – tuathal, ar chúis a mhíneoidh mé ar ball – agus ghlac mo bhuíochas leis an dream a bhí curtha ann.
Ní minic linne san Iarthar cuimhneamh ar ár sinsir i bhfad siar, ach cuid lárnach de shaol laethúil mhuintir na hAfraice agus a sliocht iad (má théann tú siar sách fada, bhí na sinsir cheannann chéanna acu sin agus againne agus ag dream ar bith beo ar domhan.)
Bhí cúis iontach phraiticiúil ag m’iarchéile, Nilton, fear Afra-Bhrasaíleach, chun a bhuíochas a ghabháil lena shinsir i bhfad siar gach lá.
‘A bhuíochas leosan,’ a dúirt sé liom tráth, ‘ní fhaighim bás má chuirim caora nó sméara i mo bhéal. Ba iadsan a d’oibrigh amach cé hiad na torthaí is féidir a ithe agus cé hiad na torthaí nach féidir a ithe, agus bí cinnte go bhfuair cuid acu bás ar ár son.’
Ar an gcaoi chéanna, chum ár sinsir an cré-umha agus an chruach, an claíomh agus an céachta, an scríobh agus an clóphreas, an t-abacas agus an diosca flapach. Cá mbeimis murach a seiftiúlacht? (Beidh le feiceáil an mbeidh an dream a thiocfaidh inár ndiaidh chomh buíoch céanna as an mbuama adamhach agus as an intleacht shaorga – ach ceann de na rudaí is fearr faoi bheith ag machnamh faoin saol ar scála an ama gheolaíoch ná go dtuigtear duit go leanann an saol ar aghaidh beag beann ar thuairteanna dreigí, athruithe aeráide agus a macasamhla agus ní suaimhneas intinne go dtí é. Murar dineasár thú, is dócha.)
I searmanais an candomblé, an creideamh Afra-Bhrasaíleach lena mbaineann mórchuid mhuintir m’iarchéile sa Bhrasaíl, bíonn na beo ag damhsa lena sinsir mhiotasaithe, na orixás. Tuathal a théann siad go hiondúil agus dá bharr sin, nach mór gan chuimhneamh faoi, tuathal a chuaigh mise timpeall an tuama sin sa Veluwe.
Ach ní raibh ach coiscéim nó dhó curtha agam nuair a bhuail sé idir an dá shúil mé go raibh fadhb mhór agam má bhí mé chun mo bhuíochas a ghabháil leis an dream a bhí curtha sa dumha adhlactha. Cén teanga a labhróinn leo? An tAos Eascra a thugtar orthu, dream a bhí beo tuairim is 4,000 míle bliain ó shin, na mílte bliain sularbh ann d’aon cheann de na teangacha atá ar m’eolas. (Ní fios, fiú amháin, an teanga Ind-Eorpach a labhair an dream sa tuama – díreach sa tréimhse sin ina raibh na hInd-Eorpaigh ag druidim isteach san Eoraip a tógadh é, agus gach seans go raibh an tírdhreach teangeolaíoch ag síorathrú.)
Ceal cur amach ar an Aoseascrais, dúirt mé ‘go raibh maith agaibh’ le lucht an tuama sna teangacha go léir atá ar eolas agam; a bhuíochas leosan, ní bhfaighidh mé bás nuair a chuirfidh mé cuiríní dearga ar an mbrachán a bheidh mar bhricfeasta agam anois díreach.
Fág freagra ar '‘Go raibh maith agaibh, a shinsir!’ – ag gabháil buíochais le tuama ón gCré-Umhaois'