Go leor le déanamh ag Gaillimh chun an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh i bPáirc an Chrócaigh

Imreoidh Gaillimh agus Corcaigh i gcoinne a chéile i gcluiche ceannais chraobh shinsir na camógaíochta tráthnóna

Go leor le déanamh ag Gaillimh chun an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh i bPáirc an Chrócaigh

Corcaigh v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 5.15in (Beo ar RTÉ)

Beidh Gaillimh ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Chorcaigh nuair a chasfaidh na foirne ar a chéile i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann tráthnóna. Is iad na mná ón deisceart rogha láidir na coitiantachta agus iad dosháraithe go dtí seo sa chraobh.

Chas na foirne ar a chéile níos luaithe sa chomórtas, lá a raibh bua dhá phointe dhéag ag Corcaigh, 2-16 in aghaidh 1-7, thíos i bPáirc Uí Chaoimh ag deireadh mhí an Mheithimh. Thugadar stánáil cheart d’Áth Cliath ansin i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann cúpla seachtain ó shin, 4-17 in aghaidh 0-9, agus na Corcaígh bíogtha anois ag iarraidh a ndara craobh as a chéile a bhuachan inniu.

Bhí rith an ráis le Corcaigh sa chluiche leathcheannais sin i nDurlas, poc éirice sábháilte ag an gcúl báire Amy Lee sa chéad nóiméad agus scrios déanta ag na tosaithe ina dhiaidh sin.

Agus imreoirí tábhachtacha imithe ón bpainéal thiar le cúpla bliain anuas, bhí obair le déanamh ag Cathal Murray chun an fhoireann a thabhairt le chéile arís ach tá sé sin déanta agus a mianach léirithe ag foireann na Gaillimhe ó shin.

Ní raibh na Gaillimhigh i mbarr a maitheasa i gcoinne Phort Láirge sna babhtaí ceathrú ceannais ach d’éirigh leo teacht slán faoi dheireadh i gcoinne na foirne a shroich cluiche ceannais na bliana seo caite.

Sa chluiche leathcheannais i gcoinne Thiobraid Árann, bhí Gaillimh faoi bhrú ar feadh cuid mhaith den dara leath ach arís d’éirigh leo an bua a fháil. Chuaigh Gaillimh breis is 20 nóiméad gan scór sa dara leath agus bhí na Tiobraid Árannaigh dhá phointe chun cinn agus an t-am nach mór caite nuair a d’éirigh le pointí ó Carrie Dolan agus Aoife Donohue iad a thabhairt ar ais ar comhscór agus d’aimsigh Dolan cúilín an bhua ó phoc saor in am cúitimh.

Cé go bhfuil leithéidí Sarah Dervan agus Shauna Healy imithe, tá cosaint na Gaillimhe an-láidir go fóill agus Rachel Hanniffy agus Dervla Higgins ina measc siúd atá ag déanamh gaisce.

Tá cúpla imreoir den scoth curtha leis an bhfoireann i mbliana freisin. D’fhill Niamh Kilkenny, duine de na himreoirí is fearr riamh a d’imir don chontae, tar éis di páiste a bheith aici anuraidh agus tá Niamh Mallon tar éis cur go mór le himirt na dtosaithe ó d’aistrigh sí ó chontae an Dúin ag tús na bliana.

Beidh an choimhlint idir Mallon agus Pamela Mackey Chorcaí an-tábhachtach tráthnóna, mar a bheidh na coimhlintí idir leatosaithe agus leathchúlaithe na foirne.

Má chuireann Gaillimh stop le líne leathchúil agus lár páirce Chorcaí, beidh seans acu an ceann seo a bhuachan ach ní gan údar gurb iad na Corcaígh rogha na coitiantachta agus má bhíonn siad i mbarr a maitheasa tráthnóna, beidh sé an-deacair iad a stopadh.

Fág freagra ar 'Go leor le déanamh ag Gaillimh chun an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh i bPáirc an Chrócaigh'