GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Traidisiún An Timire, traidisiún ar fiú é a cheiliúradh

In 2021 déanfaidh Timire-FÁS comóradh ar 110 bliain d’fhoilsiú An Timire agus 65 bliain d’fhoilsiú Leabhair FÁS, Éacht Foilsitheoireachta

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Traidisiún An Timire, traidisiún ar fiú é a cheiliúradh

I mbliana 2020 tá muid ag foilsiú Plean 5 bliana Timire-FÁS. Gníomh dóchais.

Bainimid le traidisiún a thuigeann an bhrí is an fuinneamh gur féidir le scríbhneoireacht a chur i bpobal teanga, scríbhneoireacht atá so-léite, a aithníonn cearta canúna, agus atá beacht ó thaobh na gramadaí de, scríbhneoireacht a bhfuil substaint inti ó thaobh ábhair mharana agus smaointeoireachta de. Seo é an traidisiún a bhfuil muid mórtasach as a bheith mar oidhrí air.  Seo an traidisiún a bhfuil súil againn ár gcuid a dhéanamh, sna blianta amach romhainn, len é a chaomhnú, a fhorbairt is a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.” (Plean 5 bl. Timire-FÁS)

Tá an Plean le fáil ar líne ag www.timire.ie  le léamh nó le híoslódáil.

Cuirimid tús le ceiliúradh 2021 le COVID-19 in 2020, leabhar aistí ar chuid den mhéid a mhúscail dianghlasáil an COVID i 25 scríbhneoir as ceithre haird na hÉireann agus ón imigéin, 25 aiste a mhúsclóidh ionat idir bhuíochas, dhóchas, imní, bhrón, iontas, agus fhearg fiú, 25 ábhar marana a thugann cuireadh dúinn ar fad athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a mairimid le chéile agus ar an gcaoi a dtugann muid aire don chruinne bheag seo againne arb í ár n-áras cónaithe í.

Leanfaidh an comóradh i rith na bliana seo chugainn le foilsiú ceithre eagrán den Timire agus leabhair nua ó FÁS. Ba mhaith linn eagrán comórtha den Timire a fhoilsiú an Samhradh seo chugainn. Cé nach iubhaile an-mhór é 110 bliain, is fiú dúinn é a cheiliúradh, le léitheoirí An Timire agus le léitheoirí Tuairisc.ie. Tá cuid mhór Gael a chuala caint ar An Timire agus nach eol dóibh é a bheith fós ar fáil. Seo seans dúinne ár meirge a chrochadh in airde agus a fhógairt go bhfuil muid ag foilsiú iris bheoga agus leabhair spreagúla.

Coinnigh súil ar shuíomh www.timire.ie, lean muid ar Facebook ag An Timire/FS le fanacht i dtiúin linn, le cuid dá scríobhann ár n-údair a léamh agus le spreagadh intinne, creidimh sa daonnacht a bhfuil muid mar oidhrí uirthi, agus misneach a fháil chun a bhfuil bronnta orainn a thabhairt ar aghaidh do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Traidisiún An Timire, traidisiún ar fiú é a cheiliúradh'