GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tionól Gaeilge UCD á reáchtáil den tríú huair i mbliana

D’éirigh go maith le Tionól Gaeilge Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ó cuireadh tús leis in 2017 agus beidh sé á reáchtáil arís i mbliana. Bord na Gaeilge san Ollscoil i gcomhar le Gaelchultúr a eagraíonn an scoil samhraidh seo a bheidh ar siúl ón 1-5 Iúil i mbliana, ar champas Belfield. Beidh ranganna […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tionól Gaeilge UCD á reáchtáil den tríú huair i mbliana

D’éirigh go maith le Tionól Gaeilge Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ó cuireadh tús leis in 2017 agus beidh sé á reáchtáil arís i mbliana. Bord na Gaeilge san Ollscoil i gcomhar le Gaelchultúr a eagraíonn an scoil samhraidh seo a bheidh ar siúl ón 1-5 Iúil i mbliana, ar champas Belfield. Beidh ranganna teanga, léachtaí agus imeachtaí sóisialta ar siúl le linn an Tionóil.

“Tugann sé fíorphléisiúr dúinne i mBord na Gaeilge UCD fáilte a chur roimh phobal domhanda na Gaeilge chuig an Tionól,” a deir bainisteoir an tionscadail, Clár Ní Bhuachalla ó Bhord na Gaeilge. “Bíonn an tseachtain an-taitneamhach go deo – bíonn fonn foghlamtha ar gach duine agus bíonn atmaisféar iontach cairdiúil ann.

“Bhí 60 duine linn anuraidh agus beidh cuid acu ar ais arís in 2019 den tríú bliain as a chéile! Bíonn deis ag na rannpháirtithe bualadh le foghlaimeoirí eile, idir óg agus aosta, ó gach cearn den domhan agus ó chineálacha éagsúla cúlra. Táimid ar bís faoi sceideal na bliana seo: ceapaim go dtaitneoidh na léachtaí agus na himeachtaí atá beartaithe againn go mór leosan a bheidh i láthair.”

Tá Tionól Gaeilge UCD dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach. Beidh sé an-oiriúnach do mhic léinn atá ag plé leis an nGaeilge nó leis an Léann Éireannach, sa tír seo agus i dtíortha eile.

Le linn an Tionóil, beidh ranganna teanga ar siúl gach lá, Luan go hAoine, ó 9.30am go 1.00pm. Déanfar na ranganna seo a thairiscint ag cúig leibhéal lena chinntiú go ndéanfar freastal ar dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu, mar aon leosan nach bhfuil ach beagán den teanga acu.

Beidh léachtaí ar siúl tar éis lóin, Luan go Déardaoin, ina ndíreofar ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach – logainmneacha, cuir i gcás, na meáin chumarsáide agus an tionscadal duchas.ie. Beidh deis ag na rannpháirtithe freastal ar leagan Gaeilge nó ar leagan Béarla de gach léacht; tabharfaidh an léachtóir an chaint i dteanga amháin ar dtús, ansin, tar éis sosa, sa teanga eile. Beidh imeachtaí cultúrtha ar siúl gach tráthnóna chomh maith.

Seo iad na roghanna a bheidh ann ó thaobh lóistín de:

Rogha 1 – Imeachtaí uile an Tionóil, gan lóistín: €265 (€215 do mhic léinn)

Rogha 2 – Imeachtaí uile an Tionóil, mar aon le lóistín leaba agus bricfeasta (cúig oíche): €620 (€470 do mhic léinn).

Ar champas UCD a chuirfear an lóistín ar fáil, ón Domhnach go dtí an Aoine.

Níl ach líon teoranta seomraí ar fáil, mar sin moltar dóibhsean ar mian leo fanacht ar champas Belfield le linn an Tionóil an lóistín a chur in áirithe go luath.

Chun áit a chur in áirithe ar an Tionól, ní mór an táille iomlán a íoc roimh ré. Is féidir an íocaíocht a dhéanamh ar líne ag www.ucd.ie/bnag/ga/cursaiseirbhisi/tionolgaeilgeucd/ nó is féidir seic a sheoladh chuig:

Bord na Gaeilge, Seomra L508, Foirgneamh na Leabharlainne, UCD, Belfield, Baile Átha Cliath 4.

Tá eolas i dtaobh na scoile le fáil i mbróisiúr an Tionóil – chun teacht air, cliceáil anseo.

Is féidir teacht ar eolas breise freisin ach teagmháil a dhéanamh le Clár Ní Bhuachalla ó Chlár Idirnáisiúnta Bhord na Gaeilge san ollscoil trí ghlaoch ar (01) 716 7387 nó scríobh chuig oifigeach.gaeilge@ucd.ie.

Aiseolas ó rannpháirtithe de chuid an Tionóil

 

‘Our tutor was excellent. Learned more in 25 hours than I did in 25 years’

A O’Connor

 

‘Teagasc den chéad scoth’

J Pietsch

 

‘I felt I learned so much in such a short time. So glad to have come back for a second year and hoping to return next year’

E Jones

 

‘I learned a lot of Irish and will continue studying it. I made contact with members of an Irish conversational group in my home town (York, England) so I can go to those sessions. It was good to meet people from many countries and backgrounds’

C Grundel

 

‘The level was perfect and the tutor was knowledgeable and did an amazing job’

A Nuÿten

 

‘This course has meant a lot to me personally as I’ve been meaning to ‘tackle’ Irish for years. All of the classes have been excellent and pitched at the correct level. Our tutor made the class fun and we had a daily ‘lashing’ of intense but informative lectures. The accommodation was very clean and near to all the facilities. An excellent course which we all hope will be repeated next year’

K Murphy

 

‘Bhí caighdeán ard san Ardrang agus bhí múinteoir den scoth againn… Bhí na léachtaí an-suimiúil ar fad agus thaitin imeachtaí na hoíche liom freisin, go háirithe an cheardlann leis an bpíobaire. Bheadh suim agam teacht thar n-ais an bhliain seo chugainn’

C Hegarty

 

‘I liked the general friendliness and the good organisation. Good choice of lectures and workshops’

L Shields

 

‘Bhain mé an-taitneamh as an tseachtain. Bhí an fhoghlaim spraíúil agus suimiúil. Mo bhuíochas do gach duine’

K Fitzgerald

Tá eolas i dtaobh na scoile le fáil i mbróisiúr an Tionóil – chun teacht air, cliceáil anseo.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tionól Gaeilge UCD á reáchtáil den tríú huair i mbliana'