GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Sean-Nós na Fearsaide 2021 á reáchtáil ar bhonn fíorúil le scoth an cheoil, na scéalaíochta, agus na n-amhránaithe

Bunaíodh Sean-Nós na Fearsaide in 2014 leis an traidisiún agus an stíl dhúchasach amhránaíochta is ársa dá bhfuil againn sa tír seo a cheiliúradh

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Sean-Nós na Fearsaide 2021 á reáchtáil ar bhonn fíorúil le scoth an cheoil, na scéalaíochta, agus na n-amhránaithe

Reáchtálfar Sean-Nós na Fearsaide ar bhonn fíorúil Dé hAoine an 26 agus Dé Sathairn an 27 Feabhra.

Déanann Sean-Nós na Fearsaide ceiliúradh ar thaibhealaíona traidisiúnta na tíre agus, go háirithe, ar cheann de na traidisiúin is ársa dá bhfuil againn, amhránaíocht ar an tsean-nós. 

Feicfear agus cluinfear  cuid de na hamhránaithe sean-nóis is fearr amuigh, agus as achan cheantar Gaeltachta fosta, an deireadh seachtaine seo.

Ach beidh níos mó ná an amhránaíocht amháin ar siúl mar chuid di, nó beidh ceardlanna amhránaíochta, ceardlanna scéalaíochta, ceolchoirm bheo agus oíche airneáil á reáchtáil. 

Ina dteannta siúd, tá físeáin amhránaíochta á seoladh isteach le mí anuas do chomórtais amhránaíochta na féile: Corn Uí Chriagáin (diomaitheoirí os cionn 18 daois); Corn Mhic Aindreasa (diomaitheoirí faoi bhun 18 daois); agus Corn Mhic Reachtain (diomaitheoirí faoi bhun 12 daois). Fógrófar buaiteoirí na gcomórtas trí na meáin shóisialta tráthnóna Dé Sathairn agus beidh físeáin dá gcuid le feiceáil le linn an deireadh seachtaine lena gcois.

Beidh achan uile ghné á gcur sa tsiúl trí Facebook, Zoom agus Twitter. Déan teagmháil le haghaidh tuilleadh eolais nó le focal a chur ar spás i gceardlann: daithi@mhicreachtain.com | www.mhicreachtain.com. 

Clár ama Shean-Nós na Fearsaide

26/02/21 18:00 Abair amhrán le Doimnic Mac Giolla Bhríde (Zoom)

26/02/21 19:30 Abair Amhrán le Bláithín Mhic Cana (Zoom)

26/02/21 21:00 Oíche Airneáil le:

Máire Ní Choilm, Máire Ní Chéileachair, Éamon Ó Donnchadha, Micheál Ó Confhaola, Caitlin Ní Chualáin, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Nell Ní Chróinín, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Aodán Ó Ceallaigh, Diane Ní Chanainn, Bláithín Mhic Cana, Róise Nic Corraidh, Cathal Ó Curráin, Nada Ní Chuirrín, Conor Ó Gallachóir, Clíona Ní Ghallachóir, Naoise Mac Cathmhaoil, agus an láithreoir Caoimhe ceolNí Chathail.

27/02/21 13:00 Ceardlanna scéalaíochta le Bríd Anna Ní Bhaoill & le Seanán Mac Aoidh (Zoom)

27/02/21 17:00 Fógrófar buaiteoirí na gcomórtas trí Facebook & Twitter

27/02/21 21:00 Ceol Beo! Ceolchoirm le Doimnic Mac Giolla Bhríde & Frances Morton (Facebook)

Deir Máire Ní Choilm faoi fhéile na bliana seo a chuaigh thart,Caithfidh mé a rá, ceann de na féilte deireanacha a raibh mé acu ná Sean-Nós na Fearsaide i mBéal Feirste, agus bhain mé sult fiánta as an fhéile sin.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Sean-Nós na Fearsaide 2021 á reáchtáil ar bhonn fíorúil le scoth an cheoil, na scéalaíochta, agus na n-amhránaithe'