Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comhlucht Forbartha na nDéise (CFnaD).
Post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus d’fhéadfadh go gcuirfí leis an tréimhse sin. Beidh an tOifigeach Pleanála Teanga freagrach as cúrsaí pleanála teanga i nGaeltacht na nDéise.
Deir Bainisteoir Chomhlucht Forbartha na nDéise, Críostóir Ó Faoláin: “Post tábhachtach atá i gceist anseo. Tá réimse leathan oibre faoina stiúir ag an Oifigeach Pleanála Teanga. Duine fuinniúil, cumasach a bhfuil suim aige/aici i bhforbairt na Gaeilge mar theanga an phobail sa Ghaeltacht a theastaíonn don bpost seo.”
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus/nó na cáilíochtaí seo a leanas: Gaeilge mhaith, tuiscint agus taithí ar thograí a chur i bhfeidhm, scileanna maithe eagrúcháin agus ríomhaireachta.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí an Chomhluchta sa Rinn agus sa tSean-Phobal. Obair mar chuid d’fhoireann an Chomhluchta atá i gceist, in éindí leis an mBainisteoir Forbartha. Post lánaimseartha é seo le huaireanta solúbtha.
Tá sonraí an phoist le fáil ar www.deise.ie/post
Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae trí r-phost amháin, roimh Dé hAoine, 22 Deireadh Fómhair chuig: cfdeise@gmail.com
Fág freagra ar 'GNÉ ALT FÓGRAÍOCHTA: Oifigeach Pleanála Teanga á lorg ag Comhlacht Forbartha na nDéise'