GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Leideanna chun cabhrú leat ullmhú d’adhaimsir

Céimeanna praiticiúla chun cabhrú leat do sheirbhís fóin agus leathanbhanda a choinneáil nasctha

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Leideanna chun cabhrú leat ullmhú d’adhaimsir

TÁ ÉIRE BUAILTE GO DONA ag roinnt babhtaí drochaimsire le cúpla seachtain anuas, lena n-áirítear rabhaidh seaca, gaotha láidre agus tuilte tromchúiseacha.

D’fhéadfadh go leor rioscaí a bheith ag baint le teagmhais adhaimsire, agus mar sin tá sé fíorthábhachtach go mbeidh tú in ann ceangal a dhéanamh ar do ghuthán agus ar do leathanbhanda i rith an ama.  Cibé acu is gá duit teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála, le cairde nó le daoine muinteartha, is féidir leat céimeanna a ghlacadh lena chinntiú nach mbeidh an drochaimsir ag cur isteach ar do nascacht.

Tá an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) tar éis comhairle a eisiúint do theaghlaigh ar fud na hÉireann maidir leis an mbealach ar féidir leo ullmhú do theagmhais aimsire agus a chinntiú go bhfuil straitéisí i bhfeidhm acu chun déileáil le fadhbanna lena seirbhís fóin nó leathanbhanda a bhíonn ag gabháil leis an drochaimsir go minic.

Is é an cur chuige is fearr chun do nascacht a choinneáil ar bun ná ullmhúchán a dhéanamh roimh ré. Tá go leor rudaí is féidir leat a dhéanamh sula dtagann an drochaimsir a chuirfidh tú i riocht maith i rith na stoirme.

An rud is tábhachtaí ná do ghairis a luchtú. Coinnigh gairis shoghluaiste agus bainc chumhachta luchtaithe.

Bíodh do ghairis shoghluaiste cothrom le dáta i gcónaí: is dócha gur tapúla a thiocfaidh seirbhís ar ais, tar éis briseadh seirbhíse, do ghairis ar féidir leo ceangal le níos mó ná cineál amháin líonra, mar shampla 2G, 3G, 4G agus 5G.

  • Cumasaigh glaonna Wi-Fi ar do ghuthán chun nascacht níos fearr a bheith agat le linn briseadh seirbhíse.
  • Má tá guthán réamhíoctha agat, déan cinnte go bhfuil creidmheas curtha leis.
  • Bain úsáid as cúltaca ceallraí do ghairis riachtanacha agus do nascacht leathanbhanda.
  • Socraigh teagmhálacha éigeandála agus Medical ID ar do ghuthán.
  • Coinnigh liosta scríofa de na teagmhálacha is tábhachtaí agat.
  • Bíodh raidió a ritheann ar chumhacht cadhnraí agat chun nuashonruithe a fháil le linn bristeacha cumhachta.
  • Cuir do sholáthraithe seirbhíse ar an eolas faoi aon riachtanais bhreise a d’fhéadfadh a bheith agat.

Nuair a bhíonn an drochaimsir tosaithe i ndáiríre, tá roinnt rudaí eile is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú má bhíonn briseadh seirbhíse i gceist le clúdach fóin shoghluaiste.

  • Bain úsáid as glaonna Wi-Fi ar do ghuthán chun glaonna agus teachtaireachtaí téacs a dhéanamh trí do leathanbhanda baile, má tá sé ar fáil ó do sholáthraí.
  • Is féidir do ghuthán soghluaiste a úsáid mar bhall te pearsanta chun rochtain idirlín a thabhairt do ghairis eile.
  • Is féidir cosantóir borrtha (surge protector) do threalamh íogair, mar shampla ródairí, móideim agus fóin líne talún, an riosca damáiste ó bhorrtha cumhachta de dheasca tintreach a laghdú.
  • Bain úsáid as aipeanna ar nós WhatsApp, Messenger nó FaceTime. Ligeann na haipeanna seo duit glaonna a dhéanamh ó do ghuthán ag úsáid do leathanbhanda baile.
  • Laghdaigh an úsáid a bhaineann tú as do ghuthán, cumasaigh mód sábhála ceallra agus ísligh gile an scáileáin chun ceallra do ghutháin a chaomhnú.
  • Má tá an chumhacht imithe, cuimhnigh gur féidir leat do ghairis a luchtú trí USB nó asraon cumhachta do fheithicle in go leor cásanna.

Nuair a bheidh an drochaimsir thart, beidh tú i riocht i bhfad níos fearr. Mar sin féin, tá roinnt céimeanna fós ann is féidir leat a ghlacadh chun fanacht ar an eolas faoi na dálaí lasmuigh de do theach.

  • Seiceáil nuashonruithe seirbhíse agus fan ar an eolas faoi iarrachtaí athchóirithe.
  • Tuairiscigh bristeacha seirbhíse do do sholáthraí má chaill tú seirbhís, ionas go mbeidh taifead acu.
  • Déan teagmháil le do sholáthraí agus fiafraigh de faoi aon chreidmheasanna nó aisíocaíochtaí don tréimhse a raibh tú gan seirbhís.

Téigh go suíomh gréasáin ComReg inniu chun tuilleadh treorach a fháil maidir leis an mbealach do ghuthán agus do leathanbhanda a ullmhú don drochaimsir, ionas gur féidir leat céimeanna praiticiúla a ghlacadh chun bheith nasctha i gcónaí.  

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Leideanna chun cabhrú leat ullmhú d’adhaimsir'