GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Idir ghaois agus siamsaíocht ar fáil i leabhair An Gúm don Nollaig

Ní gá ach amharc go tapa ar chlúdaigh na leabhar atá foilsithe ag an nGúm i mbliana le blaiseadh a fháil ar éagsúlacht na n-ábhar iontu. Ó dhomhan diamhair na hinchinne in Aistear tríd an Inchinn go domhan na samhlaíochta san atheagrán den leagan Gaeilge d’úrscéal mórchlú J.M Barrie, Tír na Deo (Peter Pan)

GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Idir ghaois agus siamsaíocht ar fáil i leabhair An Gúm don Nollaig


Aistear tríd an Inchinn

Agus í ag prapáil do scrúduithe leighis na Nollag d’fháiltigh an craoltóir aitheanta, agus anois an t-ábhar dochtúra, Máire Treasa Ní Cheallaigh, roimh an deis sos beag a ghlacadh ó na téacsleabhair thoirtiúla agus an leabhar dathúcháin, Aistear tríd an Inchinn, a sheoladh i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn ar na mallaibh. Tá taithí mhaith tugtha léi ag Máire Treasa ó réimsí gairme éagsúla ar conas dul i gcion ar intinn daoine, iad a spreagadh agus a chur i mbun feidhme i gceart. Ba dhuine an-oiriúnach í dá réir sin chun an saothar seo a sheoladh. Ba mhaith an teist ar léaráidí agus ábhar an leabhair seo an t-ardmholadh a thug sí don chleamhnas atá ann idir siamsaíocht agus eolas. Leabhar dathúcháin is ea é faoin tslí a n-oibríonn ár n-inchinn, tá íomhánna, mapa inchinne agus cartúin ann agus cur síos gonta spéisiúil ag gabháil leo uile. Tá leabhair dhathúcháin go mór i dtreis na laethanta seo mar gheall ar an leas is féidir a bhaint astu maidir le forbairt an aireachais agus na folláine i ndaoine, idir óg agus aosta. Ní taise don saothar tarraingteach seo é.


Tír na Deo

J.M. Barrie agus Máiréad Ní Ghráda

Anuas ar an soláthar don aos óg atá curtha amach ag an nGúm le blianta anuas tá atheagráin de chuid de na sáraistriúcháin a foilsíodh sa chéad seo caite, curtha ar fáil do léitheoirí an lae inniu. Foilsíodh eagrán nua de Dracula cúpla bliain ó shin agus tá curtha leis sin anois Tír na Deo, atheagrán de leagan cáiliúil Mháiréad Ní Ghráda de Peter Pan. Ba sa bhliain 1938 a chéadfhoilsigh an Gúm Tír na Deo. Ní aistriúchán díreach ar cheann ar bith de na heagráin Bhéarla de Peter Pan a bhí sa saothar, ach athinsint Ghaeilge ar an scéal ó pheann Mháiréad Ní Ghráda. Tá an litriú tugtha de réir an chaighdeáin oifigiúil san eagrán athchóirithe seo. Tá mar bharr maise ar an saothar seo na léaráidí sin le Mabel Lucie Atwell a chuaigh i bhfeidhm chomh mór sin ar na léitheoirí in 1938. Éalaigh leat, a léitheoir, agus téigh chun cónaithe i measc na sióg i dTír na Deo. Is ann a bhfaighidh tú Peadairín Pan – ní rachaidh aon lá aoise air siúd ann go deo na ndeor, ná ortsa agus é i do theannta.


Bláithín ar an bPota / Oisín ar an bPota

Bairbre Ní Chuanaigh a scríobh,
Sheena Dempsey a mhaisigh

Le foilsiú an dá leabhar ghleoite seo le Bairbre Ní Chuanaigh tá áis luachmhar curtha ar fáil i nGaeilge faoi cheann de na clocha míle i saol gach linbh óig, is é sin, slán a fhágáil leis na clúidíní agus dul ar an bpota den chéad uair. Baineann gné idirghníomhach leis na leabhair seo agus is chuige sin na greamáin a ghabhann leo ar féidir le páistí a ghreamú ar an gcairt traenála i gcúl na leabhar. Bhí Bláithín ar an bPota i measc na leabhar a bhí á moladh ar an Late Late Toy Show le déanaí.


An Saor Cloiche Míshona

Charlotte Guillain a scríobh,
Steve Dorado a mhaisigh

Is minic gaois agus fabhalscéal le brath ar scéal béaloidis agus sin mar atá sa scéilín atá á insint sa leabhar seo. Scéal eile ón tsraith Scéalta Béaloidis as na ceithre hAirde atá ann a chéadfhoilsigh Capstone. Scéal béaloidis ón tSeapáin atá sa cheann seo. Bhí an saor cloiche, Haru, sona sásta go dtí gur thosaigh sé ag santú na rudaí a bhí ag daoine eile. Ach má tháinig an saibhreas d’imigh an sonas. Scéal é seo a bhfuil gaois na mblianta ann.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Idir ghaois agus siamsaíocht ar fáil i leabhair An Gúm don Nollaig'