Bí réidh le haghaidh deireadh seachtaine imeachtaí agus féilte i nGleann na Bóinne leis an bhféile is nuaí Féile Siamsa Glas, a bheidh ar siúl ar an deireadh seachtaine beag seo, 14 agus 15 Meán Fómhair. Tá clár lán le himeachtaí ar siúl, ina ndéantar ceiliúradh ar Ghlasbhealach Ghleann na Bóinne a seoladh le déanaí, mar aon le deis blaiseadh a fháil de theanga agus de chultúr na Gaeilge i nGaeltacht Bhaile Ghib na Mí.
Is parthas 30km do shiúlóirí agus do rothaithe é Glasbhealach Ghleann na Bóinne go Lochanna feadh bhealach na seanlíne iarnróid ón Uaimh i gCo. na Mí go Dún an Rí i gCo. an Chabháin. Rachaidh cuairteoirí ar an nGlasbhealach trí 6 shráidbhaile nó gar dóibh feadh an bhealaigh agus tá pobail na mbailte sin á n-ullmhú féin le fáilte chroíúil a chur romhat, cúpla focal Gaeilge a labhairt leat agus imeachtaí spreagúla do gach aois a chur ar fáil. Is trí Ghaeilge a bheidh na himeachtaí ar fad agus tá fáilte roimh chách, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu.
Fógraíodh an clár i mí Lúnasa, ag an seoladh i dteach tábhairne Halla Bhaile Ghib. Ar cheann de na himeachtaí suntasacha le linn an deireadh seachtaine seo tá píosa ‘The Journey’ ón Amharclann Tumadóireachta Allamuigh ag Ardán Wilkinstown, áit ar féidir leis an lucht féachana páirt a ghlacadh. Léiríonn an taibhiú seo imeacht an lucht tacaíochta ó Ardán Wilkinstown do Chluiche Ceannais Uile-Éireann 1949 idir an Mhí agus an Cabhán.
Maidin Dé Sathairn, beidh Folcadh Fuaime Ceilteach / Celtic Meditative Sound Bath ag Park Beo in Wilkinstown leis an ealaíontóir Ceol Fuaime na hÉireann, Fiona Guiheen. Tá fuaimeanna boga agus amhráin a bhfuil tionchar Ceilteach orthu ag gabháil leis an eispéireas álainn iomlánaíoch seo. Do theaghlaigh tá Áit Spraoi, Picnic Teidí, agus Ceol Beo ag Páirc Beo agus ag Cill Mhaighneann, agus is féidir le teaghlaigh páirt a ghlacadh i gCeardlann Phriontála nó Toraíocht Taisce ag Caifé GNR. Beidh leideanna i nGaeilge a bhaineann le cultúr na hÉireann sa tóraíocht taisce seo do pháistí ar an nGlasbhealach.
Príomhghné den fhéile is ea taithí a fháil ar an nGlasbhealach. Beidh cuairteoirí in ann taitneamh a bhaint as imeacht ag gach sráidbhaile agus iad ag dul ó Bhaile Ghib go Wilkinstown, Baile an Chaisleáin, An Obair agus Cill Mhaighneann. Ócáid iontach chun cabhrú le taithí a fháil ar an nGaeilge agus ar an nGlasbhealach is ea an Bodhrán Biking áit ar féidir leat rothaíocht agus an bodhrán a fhoghlaim ó am go chéile.
Cuirfear clabhsúr tráthnóna Dé Sathairn le Céilí Mór sa Ghaeltacht, Ceol agus Craic i dtithe tábhairne Finns agus Colwell. Tar éis ceolchoirm chultúrtha in Ionad Oidhreachta na hOibre tráthnóna Dé Domhnaigh tabharfar turas ar thaispeántais an Ionaid agus cuirfear na himeachtaí i gcrích. Beidh neart bia agus ceol traidisiúnta na hÉireann ar siúl ar féidir taitneamh a bhaint as ar an mbealach!
Dúirt Michele Whelan, Oifigeach Turasóireachta Ghleann na Bóinne “Táimid ag súil go mór le teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh ar an nGlasbhealach nua ag Féile Siamsa Glas. Tá roinnt imeachtaí iontacha le bheith ar siúl ag an deireadh seachtaine a bheidh gnóthach agus corraitheach don réigiún gan dabht.
Is cuid ollmhór de Ghleann na Bóinne í an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, go háirithe agus dhá Ghaeltacht sa Mhí arb iad an t-aon dhá Ghaeltacht i gCúige Laighean iad. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh gach duine chuig Gleann na Bóinne le haghaidh deireadh seachtaine nach ndéanfar dearmad air.”
Tabhair cuairt ar http://www.discoverboynevalley.ie/ chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Siamsa Glas ar siúl i nGleann na Bóinne an deireadh seachtaine seo'