GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Deis iontach fostaíochta i dTithe an Oireachtais

Tá aistritheoirí á lorg le dul ag obair i dTithe an Oireachtais

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Deis iontach fostaíochta i dTithe an Oireachtais

Tá deis fostaíochta spreagúil ann i dTithe an Oireachtais do dhaoine a bhfuil spéis acu a ngairmréim a chaitheamh ag obair trí mheán na Gaeilge.  Tá Seirbhís Thithe an Oireachtais ag earcú Aistritheoirí – Grád I, Grád II agus Grád III le haghaidh Rannóg an Aistriúcháin. Tá sé de dhualgas ar Rannóg an Aistriúcháin, i measc rudaí eile, tiontuithe oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais, Ionstraimí Reachtúla agus páipéir Riar na hOibre, mar aon le haistriúcháin chorparáideacha, a chur ar fáil don tSeirbhís. Is í an Rannóg a dhéanann Scéimeanna Teanga an Oireachtais agus An Caighdeán Oifigiúil a bhainistiú freisin.

Leis na poist seo, tabharfar deis don iarrthóir ceart slí bheatha fhorásach a bhaint amach trí mheán na Gaeilge. Beidh deiseanna ann freisin dul chun cinn a dhéanamh chuig leibhéal na Bainistíochta agus gníomhú mar chomhalta de Sheirbhís an Oireachtais.

Tá mionsonraí na bpost sin ar fáil thíos:

Aistritheoir – Grád I i Seirbhís Thithe an Oireachtais – Is duine den fhoireann bainistíochta shinsearach i Rannóg an Aistriúcháin an duine seo. Is iad freagrachtaí lárnacha an róil seo a bheith freagrach as eagarthóireacht deiridh a dhéanamh agus a bhainistiú, agus as aschur éifeachtúil éifeachtach ar ardchaighdeán a sholáthar d’fhonn príomhspriocanna na heagraíochta a chomhlíonadh.

Beifear ag súil leis, mar dhuine den fhoireann bainistíochta shinsearach i Rannóg an Aistriúcháin, go mbeidh eolas agus tuiscint shármhaith ag an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi ar chúlra, ról agus cuspóirí Rannóg an Aistriúcháin agus go mbeidh sé nó sí ag dréim leis na cuspóirí sin a bhaint amach le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a fheidhmiú.

Aistritheoir – Grád II – Is iad freagrachtaí lárnacha an róil seo a bheith freagrach as eagarthóireacht a dhéanamh agus a bhainistiú agus as aschur éifeachtúil éifeachtach ar ardchaighdeán a sholáthar d’fhonn príomhspriocanna na heagraíochta a chomhlíonadh.

Beifear ag súil leis, mar dhuine den fhoireann bainistíochta i Rannóg an Aistriúcháin, go mbeidh eolas agus tuiscint shármhaith ag an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi ar chúlra, ról agus cuspóirí Rannóg an Aistriúcháin agus go mbeidh sé nó sí ag dréim leis na cuspóirí sin a bhaint amach le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a fheidhmiú.

Aistritheoir – Grád III – Is iad freagrachtaí lárnacha an róil seo téacsanna dlí éagsúla agus téacsanna eile a aistriú go Gaeilge, e.g. Achtanna an Oireachtais, agus ó am go ham go Béarla; seirbhís aistriúcháin chomhuainigh a sholáthar don dá Theach agus do Choistí áirithe (cuirfear oiliúint ar leith ar fáil le haghaidh an chúraim sin; feidhmiú ar mheitheal oibre chun ábhar de chuid Dháil Éireann agus Sheanad Éireann a aistriú go Gaeilge go laethúil; tuarascálacha agus doiciméid eile a aistriú agus a sholáthar, de réir mar a iarrfar; profléitheoireacht a dhéanamh ar pháipéir Riar na hOibre, ar Imeachtaí agus ar ábhar eile, de réir mar a iarrfar.

Beifear ag dréim leis freisin go ndéanfaidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ag gach Grád na seirbhísí Gaeilge a chuireann Rannóg an Aistriúcháin agus Seirbhís Thithe an Oireachtais ar fáil a fheabhsú agus a fhorbairt i gcomhréir le fís straitéiseach fhoriomlán na heagraíochta.

Is í an Ghaeilge teanga ghnó Rannóg an Aistriúcháin agus is í a bhíonn in úsáid ag gach ball foirne le linn dóibh cumarsáid inmheánach oifigiúil a dhéanamh agus le linn idirghníomhaíochtaí le custaiméirí de chuid na Rannóige a labhraíonn Gaeilge. Tá úsáid an Chaighdeáin Oifigiúil lárnach i ról Rannóg an Aistriúcháin.

Ní foláir d’iarrthóirí iad féin a chur ar an eolas faoi na bunriachtanais is gá chun cur isteach ar na poist agus a ndéantar cur síos orthu sna Leabhráin Faisnéise a bhaineann leis na comórtais seo.

Ní ghlacfar ach le hiarratais a chuirfear chuig Recruitment@Oireachtas.ie agus a dhéanfar ar na foirmeacha iarratais oifigiúla. Ní foláir gach cuid de na foirmeacha iarratais a chomhlánú go hiomlán agus ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta deiridh.

Is é an Dáta Deiridh chun iarratais a fháil 3.00p.m., Dé hAoine, an 4 Deireadh Fómhair 2019.

Is féidir a thuilleadh faisnéise a fháil anseo: https://www.oireachtas.ie/ga/how-parliament-is-run/houses-of-the-oireachtas-service/careers/

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Deis iontach fostaíochta i dTithe an Oireachtais'