GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comórtas Dearaidh do Bhoinn Phrofa Airgid 2026

Seán O’Casey agus Maeve Binchy

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comórtas Dearaidh do Bhoinn Phrofa Airgid 2026

In 2026, eiseoidh Banc Ceannais na hÉireann dhá bhonn chomórtha phrofa airgid in ómós do bheirt scríbhneoirí suntasacha i litríocht na hÉireann. Leis an gcéad bhonn, comórfar an drámadóir Éireannach, Seán O’Casey. In 2026, beidh cothrom 100 bliain ann ó léiríodh an dráma The Plough and the Stars den chéad uair in Amharclann na Mainistreach. Leis an dara bonn profa airgid, tabharfar ómós do Maeve Binchy, údar agus colúnaí Éireannach a bhfuil ardmheas uirthi.

Iarrtar ar ealaíontóirí agus ar dhearthóirí páirt a ghlacadh i gcomórtais leithleacha sa chaoi go bhféadfar dearadh a roghnú do gach ceann de na boinn seo.

Céim Thosaigh

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara curriculum vitae agus samplaí/fianaise de shaothair boinn (amhail monaí) agus/nó dealbhóireacht rilífe a chur faoinár mbráid. Tá na taiscthí seo ag teastáil i bhfoirm leictreonach agus i gcóip chrua araon. Ba cheart go sonrófaí ar gach iarratas cén comórtas dearaidh atá i gceist (nó an bhfuiltear ag iarraidh páirt a ghlacadh sa dá cheann).

Is féidir iarratais a chur isteach leis an ríomhphost chuig coindesign@centralbank.ie agus leis an bpost chuig an seoladh thíos faoin roimh 15 Mí Lúnasa 2025 ar a dhéanaí.

Céim an Ghearrliostaithe

Déanfaidh painéal neamhspleách saineolaithe gearrliosta de na hiarrthóirí bunaithe ar thaiscthí na n-iarrthóirí. Ansin, iarrfar ar iarrthóirí ar an ngearrliosta páirt a ghlacadh sa chomórtas dearaidh agus tabharfar treoir dhearaidh dóibh lena n-áirítear sonraí teicniúla le haghaidh gach téama boinn ar léirigh siad spéis ann.

Tabharfar táille dearaidh (€2,000) do na hiarrthóirí ar an ngearrliosta le haghaidh gach téama dearaidh, agus beidh an táille sin faoi réir chomhlíonadh na treorach dearaidh. Gheobhaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi i leith gach téama dearaidh, íocaíocht bhreise (€6,000) le haghaidh a d(h)earaidh.

Coinneofar seoltaí ríomhphoist na ndearthóirí sa chaoi gur féidir eolas a thabhairt dóibh maidir le haon chomórtais amach anseo. Sonraigh ar d’iarratas, le do thoil, má tú sásta go mbainfear úsáid as do sheoladh iarratais chun na críche seo. Mura bhfaighimid an deimhniú seo uait, ní bhfaighidh tú aon fhógra uainn maidir le comórtais dearaidh bonn a sheolfar amach anseo.

Comórtais Dearaidh Bonn 2026
An tAonad um Boinn Inbhailithe
Banc Ceannais na hÉireann
Bosca PO 61
Bóthar Átha an Ghainimh
Baile Átha Cliath 16
Éire
D16 K280

Nóta maidir le Sonraí Pearsanta:

Tá gá leis na sonraí pearsanta a bhaileoidh Banc Ceannais na hÉireann mar chuid den chomórtas dearaidh seo d’fhonn iarrthóirí a ghearrliostú agus an dearadh deiridh a roghnú. Roinnfear na sonraí a bheidh curtha ar fáil leis an bPainéal Dearaidh Bonn d’fhonn an dearadh a roghnú. Ní choinneofar sonraí go ceann tréimhse níos faide ná tréimhse roghnaithe dearaidh seachas aon seoltaí ríomhphoist a choinneofar d’fhonn dearthóirí a chur ar an eolas maidir le comórtais eile amach anseo. Ní dhéanfar amhlaidh ach amháin i gcás ina sonróidh dearthóirí go soiléir ina gcuid iarratas go bhfuil siad sásta go gcoinneofar a gcuid seoltaí ríomhphoist chun na críche sin.

Tá cosaint sonraí pearsanta mar thosaíocht ag Banc Ceannais na hÉireann agus déanfar do chuid sonraí a phróiseáil i gcomhréir lenár mBeartas Príobháideachas, https://www.centralbank.ie/ga/fns/raiteas-priobhaideachais-an-tsuimh-greasain.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comórtas Dearaidh do Bhoinn Phrofa Airgid 2026'