GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ag filleadh ar Ráithín an Uisce, Co Laoise

Tá croíphobal talmhaíochta na hÉireann ar tí teacht le chéile ina sluaite agus an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ag filleadh go mórthaibhseach ar Ráithín an Uisce, Co Laoise. Fianaise is ea an t-imeacht seo, atá le bheith ar siúl ón 17ú go dtí an 19ú Meán Fómhair 2024, ar oidhreacht shaibhir feirmeoireachta na hÉireann agus ar […]

Tá croíphobal talmhaíochta na hÉireann ar tí teacht le chéile ina sluaite agus an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ag filleadh go mórthaibhseach ar Ráithín an Uisce, Co Laoise. Fianaise is ea an t-imeacht seo, atá le bheith ar siúl ón 17ú go dtí an 19ú Meán Fómhair 2024, ar oidhreacht shaibhir feirmeoireachta na hÉireann agus ar a geilleagar tuaithe bríomhar.

Agus é aitheanta mar an t-imeacht amuigh faoin aer is mó san Eoraip, bíonn níos mó i gceist leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ná taispeántas feirmeoireachta amháin. Déantar ceiliúradh mór leis ar shaol na tuaithe, ag a dtaispeántar an chuid is fearr de thalmhaíocht, táirgeadh bia, agus ceardaíocht na hÉireann.

Agus Ráithín an Uisce mar rogha ionaid arís i mbliana, is léir an rath a bhí ar an láithreán sna blianta roimhe seo, agus é ina shuíomh lárnach inrochtana do chuairteoirí as gach cearn d’Éirinn.

Ar mhaithe le tacú le gnólachtaí áitiúla, tá Comhairle Contae Laoise ag cur puball tiomnaithe ar fáil do ghnólachtaí, táirgeoirí bia, ceardaithe, agus soláthraithe seirbhíse ón réigiún. Leis an tionscnamh seo, cuirfear ardán uathúil ar fáil do 33 taispeántóir ón uile chearn de Chontae Laoise chun a dtáirgí agus a seirbhísí a thaispeáint do lucht féachana náisiúnta.

Tiocfaidh cuairteoirí ar an taispeántas áitiúil seo ag Bloc 3, Rae 13, Seastán 226, áit a mbeidh sé suite go háisiúil in aice le Ceanncheathrú Chumainn Treabhdóireachta na hÉireann.

Le héagsúlacht na dtaispeántóirí, cinntítear go mbeidh rud éigin ann don uile dhuine – ó tháirgeoirí bia ceardaí ag tairiscint blaiseadh de bhlasnna cócaireachta Laoise go ceardaithe oilte ag taispeáint ceardaíocht thraidisiúnta agus chomhaimseartha na hÉireann. Beidh soláthraithe seirbhíse ar fáil freisin, ag léiriú fairsinge an tsaineolais atá ar fáil sa chontae.

Dóibhsean a bhfuil sé i gceist acu freastal ar an mórócáid talmhaíochta seo, tá sé ríthábhachtach a bheith ullamh roimh ré. Is é suíomh gréasáin oifigiúil na hócáide, www.npa.ie, an acmhainn riachtanach don eolas ríthábhachtach go léir, lena n-áirítear ticéid a cheannach.

Moltar don lucht freastail a dticéid a chur in áirithe roimh ré ionas nach mbeidh díomá orthu, mar go dtagann slua ollmhór chuig an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i gcónaí, agus iad ag iarraidh an meascán ar leith seo de thraidisiún agus den nuálaíocht a bhlaiseadh.

Agus mí Mheán Fómhair ag teacht i ngiorracht, táthar ag súil le taispeántas iontach eile de shaol tuaithe agus talmhaíochta na hÉireann. Bíodh tú i do dhíograiseoir feirmeoireachta, i do bheadaí, nó díreach fiosrach faoi oidhreacht talmhaíochta na hÉireann, deis gan sárú atá sa gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta chun tú féin a thumadh i gcroílár thuath na hÉireann.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ag filleadh ar Ráithín an Uisce, Co Laoise'