Gluaiseacht na Gaeilge ina dúiseacht ach Stormont faoi shuan

Bhí gluaiseacht na Gaeilge bríomhar le linn 2017 ach bhí an pholaitíocht marbhánta. Bhí conspóid an RHI teasaí agus bhí nimh sa Bhreatimeacht

Gluaiseacht na Gaeilge ina dúiseacht ach Stormont faoi shuan

Bliain is an taca seo a chealaigh Paul Givan ón DUP deontas beag Líofa. Nollaig shona, ar sé agus a chinneadh á eisiúint a aige. Teachtaireacht mhailíseach, arsa pobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, a dhúisigh agus a raibh bliain an-ghníomhach acu. Chuir Givan ceist na Gaeilge i lár an aonaigh. Ní raibh aird ar bith ar Acht Gaeilge le blianta go dtí sin ach is sine qua non é anois d’athbhunú Stormont.

Bhí na léirsithe sráide spleodrach, spraíúil. Dearg le Fearg ag bailiú nirt gach uair a raibh an DUP diúltach faoi chearta Gaeilgeoirí. Bhain Sinn Féin buntáiste toghcháin as ‘an crogall’, freagra maslach Arlene Foster ar an éileamh ar Acht Gaeilge.

Níorbh í an Ghaeilge faoi ndear titim an Fheidhmeannais i mí Eanáir nuair a d’éirigh Martin McGuinness as oifig mar LeasChéad-Aire. Ba é scannal an RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite a chuir an lasair sa bharrach. Ba í Arlene Foster ceannaire an DUP a bhunaigh an scéim nuair a bhí sí ina hAire Fiontair. Áiríodh go mbeadh róchaiteachas leathbhilliún punt air thar thréimhse 20 bliain (£700 milliún a deirtear anois) mar nár cuireadh rialú costas ar bith i bhfeidhm. Dhiúltaigh Arlene Foster seasamh i leataobh fad is a bheadh conas mar a deineadh praiseach den ghnó á fhiosrú.

Nuair a bhris achrann amach idir baill an DUP, chinn Sinn Féin nach seasfaidís le Foster a thuilleadh, shiúil siad amach agus ordaíodh fiosrú poiblí. Tá éisteachtaí an fhiosraithe sin ar siúl ó thús na Samhna, pictiúr míthrócaireach de Stormont á nochtadh agus míonna fós le rith.

Nuair a d’éirigh Martin McGuinness as an bhFeidhmeannas ba liosta le háireamh iad a ghearáin faoin DUP. Chomh maith le sotal Foster agus í ag diúltú seasamh i leataobh, bhí sé míshásta faoi iompar a pháirtnéirí maidir leis an nGaeilge, an náisiúnachas Éireannach, an pósadh comhghnéis agus oidhreacht na dTrioblóidí. Thit Stormont ar an 16 Eanáir. Roimh dheireadh na míosa d’éirigh Martin McGuinness as an bpolaitíocht de bharr drochshláinte agus cheap Sinn Féin Michelle O’Neill ina comharba air. Sa Mhárta fuair Martin McGuinness bás. Bhí sé 66 bliain d’aois. Ba mhór an chailliúint do Shinn Féin é.

San toghchán Tionóil tobann ar an 2 Márta, bhí líon na suíochán laghdaithe ó 108 go 90. Chaill an DUP deich suíochán agus den chéad uair chaill aontachtaithe an móramh a bhíodh acu i Stormont agus gan acu an uair seo ach 40 suíochán ar fad: DUP 28 , UU 10, TUV 1 agus Neamhspleách 1. Cuireadh an milleán ar Arlene Foster a bhí in ísle brí. Trí mhí ina dhiaidh sin bhí an DUP caithréimeach tar éis thoghchán tobann Westminster. Le 10 suíochán Parlaiminte (péire breise) bhí siad níos láidre ná riamh cheana agus rialtas suaite na dTóraithe ag brath orthu chun Theresa May a choinneáil i gcumhacht.

Thug vótóirí náisiúnacha a luach saothair do Shinn Féin as droim láimhe a thabhairt le Stormont. Chinntigh vóta comhbhá i ngeall ar bhreoiteacht Martin McGuinness agus sástacht a lucht tacaíochta go raibh deireadh lena n-umhlaíocht do thiarnas an DUP,  gur 27 Teachta a bhí acu agus iad i bhfoisceacht suíochán Tionóil amháin don DUP. Faoin am gur roghnaigh Theresa May olltoghchán tobann sa Mheitheamh ar mhaithe le tacaíocht a fháil don Bhreatimeacht bhí Sinn Féin ag cur cos i dtaca i Stormont faoi na hábhair gearáin a bhí i litir McGuinness. D’éirigh le Sinn Féin seacht suíochán Parlaiminte a bhaint, trí cinn bhreise.

Sa dara leath den bhliain ní raibh fuinneamh dá laghad sna cainteanna réitigh idir an DUP agus Sinn Féin i Stormont. Sháraigh siad spriocdhátaí James Brokenshire arís agus arís eile. D’fhreastail Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha nua, ar Stormont go minic ach ní raibh coinne ar bith le fuascailt sa ngearrthéarma. Dhírigh an DUP a n-aird ar Westminster agus dhírigh Sinn Féin ar an deisceart. Nuair a d’fhógair Gerry Adams go n-éireodh sé as uachtaránacht Shinn Féin go luath in 2018 glacadh leis gur ar mhaithe leis an iomaíocht ó dheas a bhí sé á dhéanamh.

Bhí an Breatimeacht mar chailís nimhe sa pholaitíocht ar feadh na bliana agus is in olcas a chuaigh cúrsaí nuair a rinne na Tóraithe margadh leis an DUP. Bhí páirtithe eile amhrasach faoi chumas an Státrúnaí James Brokenshire cainteanna a reáchtáil go héifeachtach, ach géaraíodh ar a mímhuinín ó bhí na Tóraithe ag brath ar an DUP chun iad a choinneáil i gcumhacht. Bhíothas cinnte nach ndéanfadh Brokenshire aon cheo nach sásódh an DUP.

Ó rinneadh réiteach idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, gan lánchead an DUP, ar Chéim a hAon den Bhreatimeacht sa Bhruiséil ar an 8 Nollaig, bhí Arlene Foster ag tathant ar pháirtithe eile Stormont a athnuachan go luath san athbhliain. Tar éis aon mhí dhéag gan rialtas díláraithe agus an riail dhíreach á seachaint ag Londain, níor léir go mbeadh aon deireadh leis an éidreoir go luath.

Fág freagra ar 'Gluaiseacht na Gaeilge ina dúiseacht ach Stormont faoi shuan'

  • seainin

    Is fiu an t-alt sin thuas a leamh faoi dho, ar a laghad, mar ta eolas ann nach bhfuil teacht air go heasca sna meain Bhearla. Oscailt sul dom fein is ea e, admhaim. Ni cheileann P Ni Chiarain na firici ‘realpolitik’ orainn i dtaobh pholaitiocht na se chontae faoi mar a dheanann a lan tuairisceoiri soi-disant ‘liobralacha’ eile a mbionn an seanphort caite maslach treith a REIC acu go siorai seasta. Agus ar tuairisceoiri iad nach bhfeileann doibh – na da bpocai – an fhirinne a chur os comhair an phobail. Ta iomaire tabhachtach ban (‘a’ le sineadh fada) a threabhadh ag Tuairisc.ie on taobh sin de agus scoth na scribhneoiri ag scriobh acu. Nach aisteach agus nach iontach an rud e gur i nGaeilge amhain ata cuid mhaith den tuairisceoireacht neamhbhalbh neamhspleach ‘in aghaidh easa’ seo ar fail? ‘Snamh in aghaidh easa’ is ea an teanga bheag leochaileach seo fein againn ach gur blath i nach bhfuil a luach le haireamh. Aon seans go dtarraingeodh an Indo, mar shampla, deis scriobneoireachta do P Ni Chiarain!!