Glórtha agus Gaeilge mhuintir Chonamara curtha i dtaisce in Ollscoil Massachusetts

Tá scéalta imirceoirí Chonamara dá gcur i dtaisce go hoifigiúil sa gCartlann in Ollscoil Massachusetts i mBoston

Glórtha agus Gaeilge mhuintir Chonamara curtha i dtaisce in Ollscoil Massachusetts

An teileafón póca a bhí ag dul i m’aghaidh. Tháinig fear an bealach. “An mbeadh aon scil agat sna fónanna seo?” arsa mise. “Ní bheadh,” a d’fhreagair an fear “ach an bhfuil gasúr ar bith thart in aice láthair?”. 

Thuig mé céard a bhí i gceist aige. 

“Tádar cumasach ag plé leo,” a deir mé féin. “Tá,” a deir sé “ach níl siad in ann na beithígh a thabhairt abhaile.” 

Bhí sé feicthe aige scaitheamh roimhe sin gur chinn ar bheirt seanghasúr as Conamara na beithígh a threorú. B’éigean dóibh glaoch a chur air ón bhfón póca le theacht i gcabhair orthu.

Bhí mé ag cuimhneamh ar an eachtra sin an lá cheana agus scéalta imirceoirí Chonamara dá gcur i dtaisce go hoifigiúil sa gCartlann in Ollscoil Massachusetts i mBoston. 

Deichniúr acu atá ann, daoine, den chuid is mó, a chuaigh go Meiriceá, sna 1950idí agus sna 1960idí. Cumann na Gaeilge i mBoston i gcomhar le lucht na Cartlainne in Ollscoil Massachusetts a chuir na hagallaimh orthu. Tugadh neart deis chainte do chuile dhuine, tá tuairim is uair an chloig comhrá i chuile agallamh acu. 

Thabharfadh – agus thug – na daoine seo as Conamara na beithígh abhaile. Bhíodar dá dhéanamh ó bhíodar ina bpáistí. Ba dhíol suntais é an ceangal a bhí acu uilig – mná agus fir – leis na garrantaí, leis an sliabh agus leis na hainmhithe. Idir an diabhlaíocht, an spraoi agus an brón, tá chuile mhothúchán sa gceangal a bhí acu leis an saol nádúrtha ina gceantar féin i nGaeltacht Chonamara trí scór blianta ó shin, agus tuilleadh. 

Cainteoir neamhbhalbh é Johnny Molloy as an mBanrach Ard i gceantar Chill Chiaráin. Tá féith na diabhlaíochta ann freisin. Ina leaid óg cheanglaíodh sé féin agus a chairde buicéad agus slám clocha beaga ann d’eireaball asail agus bhaintí siúl as an asal bocht. Dá mhéid siúil a dhéanadh an t-asal b’amhlaidh ba láidre a bhí torann na gcloch sa mbuicéad ag teacht ina dhiaidh aniar. Cár fhága tú na buachaillí báire!

Cuimhníonn Peige Ní Chlochartaigh as Loch Conaortha ar bhó a bhí i ngarraí ar thaobh an bhóthair agus gasúir an cheantair ar a mbealach chun na scoile. Thugadar faoi deara go raibh an bhó ag méadú agus fuaireadar amach gur gearr go mbeadh lao aice. B’fhada leo go mbéarfaí an lao agus choinníodar súil ar an ngarraí chuile lá ag dul chun na scoile dóibh agus ag teach ar ais abhaile aríst. Ansin, tháinig an mhaidin nach raibh an bhó ann. D’airigh siad caint go raibh an bhó agus an lao básaithe – bhásaigh an bhó i dtinneas lao agus níorbh fhéidir an lao a thabhairt slán – agus bhíodar dobrónach. 

Théadh Peige amach ar an sliabh ag tabhairt na mbeithíoch abhaile le dul faoi na gréine agus is beag an baol go ngabhfadh sí amú ar a cuid féin. 

Caintíonn Seán Ó Mainnín, an dornálaí as Ros Muc, ar na dualgaisí sna garrantaí treampánacha sa mbaile. Bhíodh air féin agus a dheartháireacha aghaidh a thabhairt ar an obair théis na scoile. Ach, bhíodh deis éalaithe ag Seán go minic. Ar ndóigh, ba dhornálaí cumasach a bhí ann ina leaid óg agus bhítí á thabhairt chuig seisiúin dornálaíochta ar fud an chontae. An tráthnóna áirithe seo, d’éirigh a dheartháir, Paddy, tuirseach den cheird seo agus den obair a bhíodh ag titim air féin. “Deamhan aithne ort, a John,” a deir sé “nach go Madison Square Garden atá tú ag gabháil.” Ar ndóigh sé Madison Square Garden garraí mór na dornálaíochta i Meiriceá.

“B’fhéidir go ngabhfainn ansin freisin fós,” arsa Seán. Chuaigh. 

Sa seomra feistis i Madison Square Garden i Nua-Eabhrac i 1985 achairín beag roimh an troid a bhí aige do chraobh meánmheáchan éadrom an domhain, d’éirigh le Seán a theacht ar comhscór lena dheartháir, Paddy. Bhíodh Paddy leis seasta ina choirnéal díreach mar a bhí sna garrantaí i Ros Muc. “An cuimhneach leat, a Phaddy,” arsa Seán “an tráthnóna ar dhúirt tú liom sa ngarraí go gceapfá gur ar Madison Square Garden a bhí mo thriall agus dúirt mé leat go mbeinn ansin fós?” D’éalaigh Paddy ón gceann sin agus dúirt, “Óra a dhiabhail, tá an troid buailte orainn – coinnigh d’intinn ar an troid.” 

Leis na curachaí is mó atá ainm Johnny Joyce luaite – (Johnny Chóilín Choilmín Seoige) duine de Sheoige Inis Bearachain. Bhí Johnny ina cheannródaí ar bhunú chumann na gcurach i mBoston i 1969. Nasc dúchasach eile a bhí ann idir muintir Chonamara agus Boston. Cónaíonn Johnny i mBoston i gcónaí. 

Is breá an bailiúchán atá curtha le chéile faoi stiúir Brian Frykenberg, Maidhc Newell, Mary Concannon agus daoine eile i gCumann na Gaeilge. Tráthúil go leor, sí Joanne Riley an Stiúrthóir atá ar an gCartlann in Ollscoil Massachusetts agus ba as an Aird Mhóir a seanmháthair. 

Na daoine a ndearna siad taifeadadh orthu, bhain siad le saol agus saothar nach mbeidh i gConamara aríst. Ach dá nádúrtha é an saol sin, ní fhéadfaí maireachtáil air; an bád mór trasna an Atlantaigh a bhí i ndán dóibh théis na beithígh a thabhairt abhaile. 

B’iontach a chruthaigh siad gan bhuíochas do na driseacha cosáin a bhí rompu. Ach, chleacht siad driseacha cosáin ag éirí aníos dóibh. 

An dream óg nár thug na beithígh abhaile, níl locht ná milleán orthu. D’athraigh an saol agus athrú chun feabhais a bhí ann. Ach ní ceart go ligfí treampán agus cruatan – agus draíocht amanta – na mblianta i bhfad siar i ndearmad. Tá éacht déanta ag Cumann na Gaeilge agus ag Ollscoil Massachusetts. Maireann glórtha, Gaeilge agus scéalta na glúine cróga sin a sheol na beithígh abhaile. 

Fág freagra ar 'Glórtha agus Gaeilge mhuintir Chonamara curtha i dtaisce in Ollscoil Massachusetts'

  • An Teanga Bheo

    Fíuntas ar leith sin glórtha Gaeil