Gleann na hUidhre ar thairseach na staire agus súil chun cinn ar chluichí ceannais eile na gcúigí

Imreofar cluichí ceannais peile Chonnacht, Uladh agus na Mumhan tráthnóna

Gleann na hUidhre ar thairseach na staire agus súil chun cinn ar chluichí ceannais eile na gcúigí

Imreoirí Ghleann na hUidhre Shane Ryan agus Conor Gleeson. INPHO/Ken Sutton

Gleann na hUidhre ag iarraidh áit a bhaint amach sa stair

Cé go bhfuil Craobh Shinsir Peile na Mumhan ar an bhfód le breis agus 50 bliain, tá muid fós ag fanacht le cumann as Port Láirge craobh an chúige a thabhairt leo. Tá an cluiche ceannais sroichte ag foirne na nDéiseach seacht n-uaire sa tréimhse sin (dhá uair ag Gleann na hUidhre) ach chlis orthu gach aon uair.

Ar ndóigh, is iad Corcaigh (26) agus Ciarraí (14) ríthe an chomórtais ó thosaigh sé i 1965 agus sé chraobh buaite eatarthu ag cumainn an Chláir, Luimnigh agus Thiobraid Árann.

Ba iad Tráchtálaigh Chluain Meala an chéad fhoireann ó Thiobraid Árann a bhuaigh Craobh na Mumhan riamh nuair a sháraigh siad Raonaithe Nemo sa chluiche ceannais anuraidh a bhuí le cúl drámatúil Michael Quinlivan.

Is iad Coláiste Thuamhan an chéad fhoireann as contae Luimnigh a bhuaigh craobh an chúige nuair a d’éirigh sin leo i 1977 agus ba iad Drom Collachair/Béal an Átha an t-aon fhoireann eile a thug leo an chraobh nuair a bhuaigh siad ar Chill Mhuire-Uí Bhreacáin in 2008.

Tháinig na Cláirínigh ar ais ón gcailliúint sin chun craobh 2009 a thabhairt leo mar bharr ar an gceann a bhuaigh siad in 2004. Ba iad an Dún Beag an chéad fhoireann as contae an Chláir a bhuaigh craobh peile an chúige nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Fhánaithe na Maoilig i 1998.

Na Crócaigh (Ciarraí) v Gleann na hUidhre (Port Láirge), Mala, 15:30 (Craoladh iarbheo ar TG4).

Imreoirí Naomh Bríd agus Chora Finne in adharca a chéile i 2006. INPHO/Donall Farmer
Imreoirí Naomh Bríd agus Chora Finne in adharca a chéile i 2006. INPHO/Donall Farmer

Coimhlint eile roimh Chora Finne agus Naomh Bríd

Léiriú é ar chumas na bhfoirne seo le roinnt blianta anuas go gcaithfeá dul siar chomh fada le 2004 chun teacht ar chluiche ceannais nach raibh Cora Finne nó Naomh Bríd san iomaíocht ann. Ait go leor níor chas na foirne ar a chéile ach dhá uair le linn na tréimhse sin, ach is cinnte gur dhá chluiche ab ea iad a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine.

In 2006, bhí Cora Finne dhá phointe chun cinn ar fhir Ros Comáin agus trí nóiméad d’am gortuithe imeartha. Chuaigh Karol Mannion ar ruathar agus bháigh sé an liathróid san eangach ina hurchar agus é beagnach 25 slat amach ón gcúl.

Cluiche achrannach a bhí ann inar cuireadh beirt den pháirc agus b’amhlaidh an scéal nuair a d’imir siad a chéile cúig bliana ina dhiaidh sin. Taispeánadh 15 cárta buí sa chluiche sin, cluiche a bhuaigh Naomh Bríd le pointe amháin, Ach ba í an raic a bhí ann i ndiaidh an chluiche, nuair a thug lucht tacaíochta Chora Finne faoin réiteoir agus iad oibrithe faoina thaispeántas, ba mhó a tharraing caint.

I gcluiche leathcheannais na bliana seo, chuir Cora Finne deireadh leis an dtréimhse forlámhais a bhí ag Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh orthu agus beidh siad ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh in aghaidh Naomh Bríd.

Naomh Bríd (Ros Comáin) v Cora Finne (Gaillimh), Páirc Seán Mac Diarmada, 14:00 (Craoladh beo ar TG4).

Daryl Branagan ag aimsiú cúl do Chill Chua. INPHO/Presseye/Kevin Scott
Daryl Branagan ag aimsiú cúl do Chill Chua. INPHO/Presseye/Kevin Scott

Cosantóirí Shleacht Néill agus tosaithe Chill Chua croí na coimhlinte

Seanrá é go mbíonn tábhacht ar leith le cúil agus is cinnte gur amhlaidh a bheidh i gcluiche ceannais Uladh tráthnóna idir Sleacht Néill agus Cill Chua. Cé go bhfuil na foirne seo láidir ar fud na páirce, is é an cath idir cosantóirí Shleacht Néill agus tosaithe Chill Chua is mó a bheidh tionchar aige ar an gcluiche seo.

Is í an chúis leis sin ná gurbh iad na himreoirí sin ar an dá thaobh is mó a d’fhág rath ar na foirne i mbliana.

Agus cluiche ceannais an chúige sroichte acu, níl cúl ar bith géillte go fóill ag Sleacht Néill ina bhfeachtas craoibhe, agus sé chluiche, ceithre cinn i nDoire agus péire in Ulaidh, imeartha acu. Ní haon iontas é sin agus imreoirí cumasacha leithéidí Brendan Rodgers agus Krissy McKaigue acu i measc na gcúlaithe. Ach má tá aon fhoireann chun deireadh a chur lena sodar, is iad Cill Chua a dhéanfaidh é.

Tá cúig chúl déag scóráilte ag foireann an Dúin le sé chluiche anuas agus níor theip orthu tabhairt ar na maoir an bhratach ghlas a ardú ach i gceann amháin de na naoi gcluiche craoibhe atá imeartha acu i mbliana.

Sleacht Néill (Doire) v Cill Chua (An Dún), Páirc Lúthchleasaíochta, 14:00 (Craoladh iarbheo ar TG4).

Fág freagra ar 'Gleann na hUidhre ar thairseach na staire agus súil chun cinn ar chluichí ceannais eile na gcúigí'