Glaoch ó Clinton seachas ó Charna do Mhéara Boston an fómhar seo

Tuigtear go raibh Hillary Clinton ag labhairt go pearsanta le Méara Boston Marty Walsh le ríghairid, ach ní hí an chéad duine atá ag lorg a chuid tacaíochta

x4-Martin-Walsh

Bliain go ham seo a bhí Méara Bhoston, Marty Walsh, ag fáil faoi réir le haghaidh a chéad chuairt oifigiúil thar lear ó toghadh é i gceannas ar cheann de chathracha móra Mheiricea. 

Ar Ghaeltacht Chonamara a bhí a chompás dírithe, an áit arbh as a mháthair agus a athair.  Cuairt chaithréimeach a bhí inti agus cuireadh na múrtha fáilte roimh Mharty Walsh i gceantar a mháthar (Mary Joe Pheadair) i Ros Muc agus i gceantar a athar (John Mháirtín Tom) i gCarna – agus ar fud Chonamara uilig.

Tá glaochanna ar an Méara as áiteacha eile an fómhar seo; tá an dream atá san iomaíocht le haghaidh ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán na hUachtaránachta ag iarraidh cúnaimh. D’fheilfeadh sé dóibh go mbeadh Méara Bhoston ag tacú leo go poiblí agus dá thúisce dá bhfaighidís an scéala sin uaidh is ea ab fhearr leo é.

2232632457_c110ffb486_z
Hillary Clinton

Is iad na ‘caucuses’ in Iowa an chéad léargas a gheobhaidh na hiarrthóirí ar an tacaíocht atá acu ach is é an chéad Réamhthoghchán an sprioc mór atá rompu uilig. I New Hampshire a bheidh sé san earrach.  Tá an Stát sin ag rith le teorainn Mhassachusetts agus beidh tacaíocht Mhéara Bhoston tábhachtach sa Stát dá bharr. Bheadh an Méara in ann slua dá lucht tacaíochta a chur i mbun feachtais ansin. 

Tuigtear go raibh Hillary Clinton ag labhairt go pearsanta leis an Méara Walsh le ríghairid. Ní bhfuair sí aon ghealltanas uaidh ach comhrá cáirdiúil a bhí ann. Thacaigh Marty Walsh – a bhí ina Fheisire Stáit san am – le Clinton ag comhdháil na nDaonlatach i 2008. Bhíodh tacaíocht láidir i  gcónaí ag na Clintons i measc na nÉireannach i mBoston. Ach tá sé tarlaithe freisin go bhfuil cairdeas pearsanta idir Walsh agus Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, le roinnt mhaith blianta. Tá Biden ag cuimhniú ar iarraidh a thabhairt faoi rása na hUachtaránachta freisin  

Tá labhartha ag an Méara faoin gcinneadh atá amach roimhe; labhair sé faoina thacaíocht do Clinton cheana agus faoin gcairdeas atá idir é féin agus Biden agus dúirt freisin go bhfuil “ruaine ceangail” aige le hIar-Ghobharnóir Maryland,  Martin O’ Malley, atá ag fiach ar an ainmniúchán é féin. Tá ceangal i bhfad siar ag an Máilleach le ceantar an Mháma sa taobh ó thuaidh de Chonamara.

Joe Biden
Joe Biden

Bhí an tUachtarán Obama i mBoston maidin inné,  an Lá Náisiúnta Saothair (Labour Day) i Meiriceá.  Sa bPark Plaza Hotel a bhí an ócáid aige, an áit chéanna a raibh Marty Walsh agus a lucht tacaíochta uilig cruinnithe an oíche ar bhuaigh sé toghchán an Mhéara i mBoston. Beidh an Méara  Walsh ansin inniu ag fáiltiú roimh Uachtarán na Stáit Aontaithe.

Mar pholaiteoir réalaíoch, dúirt Marty Walsh go bhfuil caidreamh agus ceangal leis an Teach Bán tábhachtach do Bhoston. Tacaíocht d’fhorbairtí sa gcathair agus soláthar airgid atá i gceist ag an Méara ansin. Ar bhonn polaitíochta is fearr a bheith ag tacú leis an mbuaiteoir; ar bhonn pearsanta – sin ceist eile.

Is í Hillary Clinton atá chun cinn sna pobalbhreitheanna ach níl sí ag coinneáil a greim chomh maith agus a thaitneodh lena lucht tacaíochta. Tá an Seanadóir Bernie Sanders as Vermont ceaptha a bheith chun tosaigh uirthi i gcuid de na pobalbhreitheanna i New Hampshire.  Ní hiontas é go bhfuil teileafón Mharty Walsh te, bruite.

Cinneadh deacair é ag an Méara agus fanfaidh sé scaitheamh eile sula dtabharfaidh sé a bhreithiúnas. Ach, nuair a dhéanfaidh sé an beart sin, cuirfidh sé tacaíocht láidir ar fáil don té a dtacóidh sé leis, a deir sé.

Tá a fhios go bhfuil Marty ag iarraidh a stádas a neartú sa bPáirtí Daonlathach ar bhonn náisiúnta.  Caithfidh sé cuimhniú go maith an fómhar seo ar a chúrsa féin sa bpolaitíocht agus ar thacaíocht an Tí Bháin do chathair Bhoston amach anseo. 

Athrú mór é ón bhfómhar anuraidh i gConamara.