Tá glactha leis ag an CSO nár chóir dóibh bileoga i mBéarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltacht agus tá gealltanas tugtha acu nach dtarlóidh a leithéid arís.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana d’fhiosraigh Oifig an Choimisinéara Teanga gearán anuraidh mar gheall ar ábhar i mBéarla amháin a scaip an Phríomh-Oifig Staidrimh sa Ghaeltacht, ábhar a bhain le suirbhé mór.
Bhain an fiosrúchán le litir agus bileog eolais i dtaobh an tSuirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála, an suirbhé SILC, a dhéanann an CSO.
Is suirbhé ar theaghlaigh é an Survey on Income and Living Conditions (SILC) agus is é sin an phríomhfhoinse eolais a bhíonn ag an Stát maidir le cúrsaí ioncaim agus caighdeán maireachtála an phobail.
Rinneadh gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga faoi gan ach foirmeacha Béarla a bheith ag duine de na daoine a bhí i mbun agallaimh don suirbhé i gceantair Ghaeltachta.
Tuigtear do Tuairisc.ie gurb é an toradh a bhí ar fhiosrú Oifig an Choimisinéara ná gur ghlac an CSO leis gur chóir leagan Gaeilge den bhileog eolais a bheith ar fáil agus gurbh ann dá leithéid.
Tuigtear gur gheall an CSO go mbeadh leaganacha dátheangacha de na bileoga agus na litreacha a bhaineann leis an suirbhé ar fáil roimh dheireadh 2018 agus go gcinnteofaí go mbeadh dóthain acu ar iompar ag an dream a bheadh i mbun na n-agallamh.
Tuigtear gur gheall an CSO chomh maith go ndéanfaí an córas ríomhaireachta a bhíonn acu a leasú lena chinntiú go mbeadh seoltaí Gaeltachta cruinn acu agus logainmneacha oifigiúla in úsáid acu.
Béarla teanga an Stáit
Tá an Coimisinéir Teanga ag glacadh leis anois nach bhfuil aon iachaill ar an Stát agus áisinteachtai stáít eolas a scaipeadh go dátheangach sna 26 condae ach amháin sa Ghaeltacht!
Tá sin in aghaidh an dlí agus nil cead ag an Coimisineir Teanga cearta teanga a bhaint d’aon duine cuma Gaeltacht nó Galltacht. Ní mór do saoránaigh le Gaeilge an Coimisinéir Teanga a thógaint chun na cúirte.