Glactha ag Tithe an Oireachtais le téarma sé bliana eile don Chomisinéir Teanga

Níl fágtha anois i bpróiseas athcheapacháin Rónáin Uí Dhomhnaill mar Choimisinéir Teanga ach beannacht Uachtarán na hÉireann a fháil

Glactha ag Tithe an Oireachtais le téarma sé bliana eile don Chomisinéir Teanga

Tá glactha ag Dáil Éireann agus Seanad Éireann le hathcheapachán an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill do théarma sé bliana eile.

Ghlac an rialtas an mhí seo caite leis an moladh go n-ainmneofaí Ó Domhnaill don dara téarma agus glacadh tráthnóna inné leis in dhá theach an Oireachtais.

Níl fágtha anois i bpróiseas athcheapacháin Uí Dhomhnaill ach faomhadh Uachtarán na hÉireann a fháil dá ainmniúchán.

Is as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara do Rónán Ó Domhnaill agus is é an dara duine a ceapadh ina choimisinéir teanga in Éirinn.

I mí Márta 2014 a cheap Uachtarán na hÉireann Ó Domhnaill ina choimisinéir teanga. Tháinig sé i gcomharbacht ar Sheán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir teanga, a d’éirigh as a chúram mar agóid in aghaidh fhaillí an rialtais i leith na teanga.

Iar-iriseoir agus iar-chomhfhreagraí le Nuacht TG4/RTÉ é Rónán Ó Domhnaill. 

Bhí a iarfhostóirí i measc na ndreamanna a ndearna sé iniúchadh orthu ó ceapadh é. 

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí aige, dúirt sé gur sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge.

Idir an dá linn, pléadh chomh maith i dTithe an Oireachtais inné ceannach Aerfort na Mine i gConamara don Stát.

Mar a tuairiscíodh cheana, tá Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ag súil go mbeidh Aerfort na Mine i gConamara ceannaithe ag an stát ón Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh roimh dheireadh na bliana.

Chuir Seán Kyne a chomhghleacaithe rialtais ar an eolas faoin scéal ag cruinniú rialtais an lae inné agus aontaíodh go leanfaí le cur i gcrích an phlean.

Fág freagra ar 'Glactha ag Tithe an Oireachtais le téarma sé bliana eile don Chomisinéir Teanga'