Glactha ag Sinn Féin le moltaí an dá rialtas agus súil go mbeidh Stormont ina shuí arís amárach

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh a páirtí ‘réidh chun dul i mbun gnó’ agus mhaígh ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill go raibh ‘acht Gaeilge’ faighte acu

Glactha ag Sinn Féin le moltaí an dá rialtas agus súil go mbeidh Stormont ina shuí arís amárach

Pictiúr: TWITTER/@moneillsf

Tá glactha ag Sinn Féin le moltaí an dá rialtas maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont, rud a réitíonn an bealach do roinnt na cumhachta sa tionól ó thuaidh arís.

Thug lucht ceannais an DUP le fios aréir gur ghlac siad le comhréiteach an dá rialtas, New Decade, New Approach, agus dúirt ceannaire an pháirtí sin tráthnóna go mbeadh feidhmeannas Stormont ina shuí arís amárach.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald tráthnóna go bhfillfeadh a páirtí ar Stormont chun an feidhmeannas a athbhunú mar atá iarrtha ag an dá rialtas ar an gcúig mhórpháirtí ó thuaidh.


Ní neamhtheanga ná teanga leipreacháin a bheas sa Ghaeilge feasta ó thuaidh

‘Dul chun cinn stairiúil’ i moltaí faoin nGaeilge ach ní chuirfidh siad deireadh le ‘cos ar bolg’ – Conradh na Gaeilge

Beidh ‘veto’ ag an DUP maidir le reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh – Jeffrey Donaldson

Sáinn Stormont – leis na páirtithe an imirt agus a bplean fuascailte foilsithe ag an dá rialtas

Mionsonraí faoi reachtaíocht Ghaeilge foilsithe i bplean na rialtas d’athbhunú Stormont


Dúirt ceannaire Shinn Féin go raibh “fonn mór orthu dul i mbun oibre a luaithe agus is féidir” agus go raibh a páirtí “réidh chun dul i mbun gnó”.

Tá ráite cheana ag ceannaire an DUP Arlene Foster go bhfuil bunús réitigh “féaráilte agus cothrom” sa cháipéis a sheol an Tánaiste Simon Coveney agus an Státrúnaí Julian Smith aréir.

Maidir leis na moltaí faoin nGaeilge sa phlean nua, dúirt an t-iar-aire airgeadais de chuid Shinn Féin Máirtín Ó Muilleoir níos túisce inniu go gcinnteoidís nach “neamhtheanga” a bheadh sa Ghaeilge ó thuaidh feasta.

Mhaígh ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill tráthnóna go raibh ‘acht Gaeilge’ faighte acu agus mhol sí feachtas an Dream Dearg.

Dúirt an Dream Dearg féin tráthnóna gur “forbairt stairiúil do phobal na Gaeilge” a bhí sna moltaí faoin nGaeilge ach nach raibh gealltanais Chomhaontú Chill Rímhinn comhlíonta go fóill. Leanfadh an grúpa ag feachtasaíocht “go gcomhlíonfar na cearta ar fad” atá á n-éileamh acu, a dúradh.

“Tá muid bródúil gur imir muid ról dearfach in athbhunú ghuth daonlathach na sochaí sibhialta, agus go ndearnadh seo trí na daoine atá i gcumhacht a thabhairt chun cuntais. Titeann an reachtaíocht seo, áfach, go mór faoi spriocanna an fheachtais, agus go mór faoin mhéid a gealladh ceithre bliana déag ó shin i gcomhaontú Chill Rímhinn. Rinne muid feachtasaíocht ar son Acht neamhspleách, ceartbhunaithe a bhí bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus na hÉireann. Níor chomhlíon an comhaontú seo na gealtannais sin.

“Is tús é agus is dul chun cinn é seo, ach ní ceann scríbe atá ann. Ach ní suífidh muid ar chúl an bhus a thuilleadh. Ní bhrúfar ar ais go himeall na sochaí muid, ach leanfaidh muid orainn ag feachtasaíocht go tréan go gcomhlíonfar gach ceart, agus go mbeidh todhchaí cothrom ann go sóisialta agus go daonlathach dár bpobal,” a dúradh i ráiteas ón Dream Dearg tráthnóna.

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge gur “dul chun cinn stairiúil” do phobal na Gaeilge an reachtaíocht teanga atá molta mar chuid den iarracht feidhmeannas Stormont a athbhunú. 

Tá foláireamh tugtha ag an eagraíocht áfach go bhfuil “bearnaí” sna moltaí a d’fhágfadh, dar leo, go leanfaí go fóill leis an “cos ar bolg” agus “imeallú” ar Ghaeilgeoirí ó thuaidh.

Mhaígh ceannaire an DUP in Westminster ar maidin gurb iadsan a shocróidh cuid mhór cad iad na dualgais teanga a bheadh ar eagrais phoiblí faoin reachtaíocht atá molta ag an dá rialtas sa phlean d’athbhunú an fheidhmeannais, New Decade, New Approach.

I ráiteas a chuir an tOrd Oráisteach amach tráthnóna, dúradh nach mbeadh aon ghlacadh acu leis na moltaí maidir leis an nGaeilge.

Dé Luain seo chugainn an sprioc atá tugtha do na páirtithe filleadh ar an bhfeidhmeannas más leo toghchán tionóil a sheachaint.

Fág freagra ar 'Glactha ag Sinn Féin le moltaí an dá rialtas agus súil go mbeidh Stormont ina shuí arís amárach'

  • Seán Mag Leannáin

    Bíonn cur i gcéill polaitíochta i gcónaí i gceist sna cúrsaí seo. Bhí ar na rialtais duilleog fige de shaghas éicint a thabhairt don DUP. Beidh sé faoi na polaiteoirí náisiúnacha a chinntiú nach ligfear don DUP úsáid a bhaint as an Ultais mar dhris chosáin in aghaidh na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh sé sin éasca go leor ó tharla nach bhfuil a leithéid de rud agus Ultais ann – mar theanga ar aon chaoi!

  • Seán Mag Leannáin

    Bíonn cur i gcéill polaitíochta i gcónaí i gceist sna cúrsaí seo. Bhí ar na rialtais duilleog fige de shaghas éicint a thabhairt don DUP. Beidh sé faoi na polaiteoirí náisiúnacha a chinntiú nach ligfear don DUP úsáid a bhaint as an Ultais mar dhris chosáin in aghaidh na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh sé sin éasca go leor ó tharla nach bhfuil a leithéid de rud agus Ultais ann sa gcéad dul síos – mar theanga ar aon chaoi!