Glactha ag lucht an fhoclóra leis an téarma nua ‘Duine de dhath’

Beidh an téarma nua le feiceáil ar shuíomh an fhoclóra, foclóir.ie, nuair a dhéanfar an chéad uasdátú eile ar an bhunachar

Glactha ag lucht an fhoclóra leis an téarma nua ‘Duine de dhath’

Tá glactha ag lucht an fhoclóra Béarla-Gaeilge, foclóir.ie, leis an téarma nua ‘duine de dhath’ atá faofa ag an Choiste Téarmaíochta an tseachtain seo.

​​Dheimhnigh eagarthóir an Fhoclóra Béarla- Gaeilge, Pádraig Ó Mianáin le Tuairisc.ie go mbeidís ag glacadh leis an téarma ‘duine de dhath’ agus go mbeadh sé le feiceáil ar shuíomh an fhoclóra nuair a dhéanfaí an chéad uasdátú eile ar an bhunachar.

“Tá an iontráil ‘person of colour’ athraithe cheana féin i mbunachar an fhoclóra agus beidh an iontráil leasaithe ar líne nuair a dhéanfar an chéad uaslódáil eile ar shuíomh an fhoclóra.

“Bíonn an Ghaeilge de shíor ag gabháil chuici bríonna, focail agus nathanna nua le riar ar na coincheapa agus tuiscintí nua atá ag teacht i dtreis sa tsaol agus sa tsochaí, agus is dual do na foclóirí comhaimseartha na forbairtí sin a léiriú,” a dúirt Ó Mianáin.

Dúirt sé gurb é an leagan duine de dhath “an chéad leagan” a bheas á léiriú faoin iontráil nuashonraithe ar shuíomh an fhoclóra Béarla-Gaeilge. Tá ‘duine daite’ agus ‘duine de chine daite’ tugtha cheana féin san fhoclóir nua Béarla-Gaeilge ar ‘person of colour’. Dúirt roinnt daoine ar líne go raibh an téarma nua ‘duine de dhath’ ag teacht salach ar ghramadach agus ar struchtúir na Gaeilge.

Maidir leis na dearctha difriúla a léiríodh faoin téarma nua Gaeilge, dúirt Ó Mianáín go raibh sé “nádúrtha” go nochtfaí tuairimí éagsúla faoin ábhar.

“Mar phointe ginearálta i dtaca le haontú nó easaontú le focail nó nathanna ar leith thar a chéile, ní lia duine ná tuairim agus is nádúrtha go mbeadh a dtuairim féin ag gach duine faoi aon téarma nó nath nua a thagann chun cinn sa teanga.

“I gcúrsaí foclóireachta, ámh, níor cheart go mbeadh foclóirithe i dteanga ar bith ag cloí an iomarca lena mbraistintí suibiachtúla féin, agus is é cúram na bhfoclóirithe Gaeilge an t-ábhar Gaeilge faoina lámh a chur i láthair ar an bhealach is cothroime is féidir i gcomhthéacs na teanga i gcoitinne ó thaobh canúna, gramadaí, comhréire agus foclaíochta de,” a dúirt sé.

Is í an craoltóir Ola Majekodunmi, atá ina comhalta ar bhord Fhoras na Gaeilge, a mhol an t-aistriúchán seo ar dtús.

Imircigh ón Nigéir iad tuismitheoirí Ola agus cainteoir Gaeilge í a fuair a gcuid oideachais trí Ghaeilge.

Ag labhairt di ar an chlár Tús Áite an tseachtain seo, dúirt Majekodunmi go bhfuil na téarmaí ‘duine daite’ agus ‘duine gorm’ maslach agus seanchaite agus gur chúis áthais di gur glacadh leis an téarma nua ‘duine de dhath’.

Fág freagra ar 'Glactha ag lucht an fhoclóra leis an téarma nua ‘Duine de dhath’'

  • An Teanga Bheo

    Cén sórt duine é ” duine de dhath ” dath na gruaige nó éadach ildhaite orthu níl sé cruinn amach is amach ?

  • Aistritheoir

    Cé go bhfáiltím roimh an téarma, níl sé cruinn ó thaobh na gramadaí de. Ní hionann go baileach ‘of’ an Bhéarla agus ‘de’ na Gaeilge. Úsáidtear ‘de’ sa Ghaeilge chun ‘cuid’ de rud a chur in iúl. Ní ‘cuid de dhath’ é an duine. Mar shampla, ní deirtear ‘teach de bhrící’ ach ‘teach brící’. Ba chirte an tuiseal ginideach sa chás seo i.e. duine datha (agus sin a mholfainn féin).

  • Antóin

    An nglacfar amach anseo le ‘duine de spéis’!