Gilroy agus Meyler ag prapáil do na dúshláin atá rompu

JOHN ALLEN: Beidh beirt bhainisteoirí nua i bhfeighil ar dhá cheann de na foirne is mó sa tír an bhliain seo chugainn

Gilroy agus Meyler ag prapáil do na dúshláin atá rompu

Beidh cúpla duine aitheanta nua ar an taobhlíne an bhliain seo chugainn. I measc an dreama nua seo beidh fear a rinne an beart ar an taobhlíne cheana ach é ag stiúradh foireann peile. Dar ndóigh sin é Pat Gilroy Bhaile Átha Cliath, fear a bhí ina bhainisteoir ar pheileadóirí na hardchathrach nuair a thugadar leo Corn Mhig Uidhir in 2011.

Bhí ráflaí  ann le tamall go raibh  Gilroy i measc na ndaoine a bhí á lua leis an bpost ach bhí ionadh ar chuid mhaith daoine nuair a ainmníodh é coicís ó shin. Tá an-mheas air mar cheannaire agus mar dhuine a bhíonn an-eagraithe. An chéad dúshlán a bheidh aige ná cúpla saineolaí cóitseála a fháil, ceann don chúl báire, do na cúlaithe agus do na tosaithe. Beidh a rogha maidir leis an té a chuirfidh sé i bhfeighil na traenála fisiciúla thar a bheith tábhachtach freisin.

Ach sula dtosnóidh sé in aon chor tá sé faoi bhrú ina chontae féin. Ní hé go bhfuil an lucht leanúna ná an bord ina choinne, ach tá rath chomh maith sin ar pheileadóirí an chontae gur dúshlán ar leith atá roimhe. Tá a fhios againn go léir gurb í an pheil a roghnaíonn na himreoirí sin atá ar fheabhas sa dá chód. Cén fáth nach bpiocfadh? Tá a fhios againn freisin nach féidir an dá chód a fhreastal agus nach bhfuil bainisteoir buacach na peile Jim Gavin sásta ligean d’imreoirí an dá spórt a imirt.

Bhí cuid maith sna meáin i mbliana faoin iarbhainisteoir Ger Cunningham agus conas mar a lig sé cuid maith imreoirí le sruth. Lig, cinnte, ach b’fhéidir go raibh an ceart aige agus nach rabhadar maith go leor nó tiomanta go leor. Pé rud é, an chéad dúshlán a bheidh ag Gilroy ná na hiománaithe is fearr sa chontae a thabhairt leis d’fheachtas 2018. Ina dhiaidh sin, beidh se ábalta tosú i gceart ar an togra atá roimhe.

Ní dóigh go bhfuil fadhb dá leithéid ag bainisteoir nua Chorcaí John Meyler agus é ag tosú amach. Tá cuid mhaith imreoirí aige agus  a bhformhór óg. Is dócha go dtabharfaidh sé seans do chúpla imreoir ó fhoireann mhionúir 2017 a bheith páirteach sa traenáil sula dtosaíonn an séasúr . 

Mar a dúirt sé féin i lár na seachtaine: ‘níl ach slat tomhais amháin i gCorcaigh agus sin Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt abhaile’. Sin í lomchlár na fírinne cois Laoi. Tá an t-uafás taithí ag Meyler agus déarfainn go mbeidh gá aige leis an taithí sin.

Fear amháin nach mbeidh ar an  taobhlíne, faraor, ná John ‘Hotpoint’ Hayes, fear uasal groí a bhí ina fhear feistis ag iománaithe Thiobraid Árann ar feadh tríocha bliain. Duine de na daoine sin a bhíonn ar an gcúlráid ach is mó a dhéanann an obair aon uair a mbíonn foireann ag teacht le chéile. An duine a bhíonn ann roimh gach éinne nuair a bhíonn cluiche nó traenáil ar siúl agus an duine a bhíonn fós ann ina ndiaidh. Seo an duine a thiomáineann an veain leis an bhfearas go léir, geansaithe, sliotair, uisce agus mórán mionrudaí tábhachtacha eile. Eisean an duine is mó a chaitheann a chuid ama ar ghnó na foirne.

Bhí ‘Hotpoint’ ina chara ag na himreoirí go léir a chaith geansaí an chontae ó 1987. Is trua gur ligeadh chun siúil é chomh neamhphearsanta agus chomh fuarchúiseach sin.

Ach tá fear amháin anseo cois Laoi nach féidir a leagan. Is cosúil go bhfuil ‘naoi saol’ ag rúnaí bhord an chontae Frank Murphy. Tá Murphy i gceannas ó 1972 ar bheagnach gach gné de ghnó CLG Chorcaí (nó ar gach gné, a déarfadh mórán daoine).

Tugadh síneadh bliana eile dó ag cruinniú de chuid an an bhoird Dé Luain.

Faraor, bhí easpa mhór trédhearcachta, arís, ag baint leis an gcinneadh.

Fág freagra ar 'Gilroy agus Meyler ag prapáil do na dúshláin atá rompu'