‘Get Back’ – bhíos ag tuairisceoireacht i Nua-Eabhrac an lá a maraíodh John Lennon…

Thug an scannán 'Get Back’ ár gcolúnaí siar ar bhóithrín na smaointe agus taibhsíodh dó arís tábhacht na Beatles ina shaol

‘Get Back’ – bhíos ag tuairisceoireacht i Nua-Eabhrac an lá a maraíodh John Lennon…

Cuirim an milleán ar Tony Long. Comrádaí faiseanta meánscoile a bhain an ceirnín Please, Please Me amach as a mhála i siopa beag Miss Cahill’s in aice le Coláiste Chríost Rí agus an Carroll’s No1 á shú go staidéartha ag scata againn agus sinn ag seachaint an Bhráthar Bonaventure uair éigin tar éis na scoile, mí Eanáir na bliana 1963.

Pete Seeger a réitigh an gort istigh ionam fá choinne Bob Dylan an bhliain roimhe sin. Ach ní seáp aonair a bheadh romham an dul seo lenár gcairde na Beatles. Bheir draoithe Learphoill greim ar bhrionglóidí gach aon duine de stumpaí 4A2 agus d’fhíoraíodar ar ár son le flosc na brionglóidí céanna.

Seacht mbliana déag ina dhiaidh sin, an t-ochtú lá de mhí na Nollag 1980, trí comhtharlúint dhochreidte, tharla go rabhas i Nua-Eabhrac le foireann ceamara ag scannánaíocht le haghaidh scéal faoi ‘Doreen Fashions’ Chatham Row na Saoirsí le Peter Kennerley, grásta Dé ar an draoi cineama sin, nuair a chuala an drochscéala.

Bhíos sa chith ag a dó a chlog ar maidin, an teilifís ar siúl lasmuigh sa tseomra óstáin, nuair a tháinig tuin thragóideach fhear an nuachta an doras chugam isteach….’ABC News at 2 AM. John Lennon is dead……’

Ní nach ionadh agus trealamh ceart cineama baile ceannaithe agam an Nollaig seo tharainn go mbeadh Get Back na Beatles le Peter Taylor gar do bharr mo liosta féachana.

hAanam an Diabhail! Bhain an blaisín bolscaireachta siar asam. Ní bheadh seandálaíocht phopchultúr na haoise ná athbhreithniú ar cheolstair na seascaidí go dtí é!

Raight. Get Back an tsraith a chuir Peter Taylor le chéile anuraidh ó bhunphictiúir 1969. Eipic seacht n-uaire is daichead a hocht neomat an toradh. Ríomhann sé scéal mhí Eanáir 1969 nuair a tháinig na Beatles le chéile chun LP nua ceithre amhrán déag a ghiniúint. B’in an plean. Dhéanfaidís ceolchoirm beo beathach áit éigin freisin chun na hamhráin nua a sheoladh.

Seandálaíocht idirghníomhach phopchultúir atá in Get Back. Táimid istigh sa stiúideo leis an mbanna sa bhfíor-am, geall leis. Is mó ná scannán é seo – bíonn tú tumtha in imeacht cultúir sa bhfíor-am. Seo iad na Seascaidí chugat – aiséirithe. Ní gá ach léimt isteach ann i ndiaidh do chinn le flosc chun a bheith ina dteannta sa stiúideo sin i 1969.

Táimid leo nuair a chloiseann John, Paul, George agus Ringo, den chéad uair, túsnótaí trialacha ‘Don’t Let Me Down’, ‘Get Back’, ‘I’ve Got a Feeling’, ‘Something In The Way She Moves’, ‘I, Me, Me, Mine’ agus fiú an diabhal ‘Octopus’ Garden’ le Ringo. Gan trácht ar ‘Let It Be’. Bí ag caint ar a bheith i láthair na staire!

Tá go leor eile le foghlaim.

Ní fíor go mbíodh Paul agus John ag síorstreachailt lena chéile. A mhalairt ar fad atá fíor i bhfianaise an footage a ghlac Michael Lindsay-Hogg (mac ceana Orson Welles agus Geraldine Fitzgerald seo againne, réalta Hollywood na gCloch Liath), stiúrthóir na mbunphictiúr sin ó 1969.

Agus tá pardún umhal ag dul do Yoko Ono. Ní haon uisce faoi thalamh uaithi siúd faoi ndear titim as a chéile na Beatles Bhí sí i láthair agus í ag tacú go leanúnach le John an t-am ar fad, ach í geall le bheith ina tost ó thús deireadh Get Back. Deir McCartney féin sa scannán linn go mbeadh dul amú ar éinne a déarfadh ina dhiaidh sin gurb í Yoko ba chúis le scaradh na Beatles.

Ceacht eile. Ba é ‘an seó aonair faisin’ sin, fear an chóta craiceann gabhair, no less, a raibh Glyn Johns mar ainm air, an draoi a mheasc gach traic. Ba é Johns an léiritheoir ceoil de facto ar ‘Get Back’. Bhí George Martin ina staicín tánaisteach aige tríd síos. Glyn Johns, fear fuaime na Rolling Stones, a bhí i mbun na gcnaipí.

Ach, a chairde, cad faoin sorcas cúnta a chuireann dath agus blas tánaisteach ar fhilíocht an cheoil? Sorcas a léiríonn dinimic na gcaidreamh éagsúil, cornucópia na bpearsan sa stiúideo agus iontais áiféiseacha an tseó faisin laethúil saor in aisce a ghabhann faoi cheamaraí Michael Lindsay-Hogg. Bronntanas socheolaíochta gan stad a thugann go fial don andúilí faisin ‘is faide amach as a chloigeann’  is ea dathanna is éadaí drámatúla Carnaby Street na mblianta sin.

 

B’fhiú na seacht n-uaire, daichead a seacht neomat san iomlán a chur díot mura mbeadh romhat ach PC Ray ‘Stop History Happening’ Shayler. An Constábla óg a thagann chun stad a chur leis an gcoirm cheoil stairiúil ar dhíon cheannáras Apple i Saville Row. Bhí idir neamhthuiscint, dímheas, fearg agus eagla le ríomh ar a ghnúis. B’in fear bocht a raibh trua agam dó, fear óg ceartaiseach teann ar shleamhnaigh na seascaidí thairis ar fad, déarfainn.

Agus cad faoi na ‘Apple scruffs’, mar a ghlaoití ar ‘na grúpaithe’ ban óg a bhíodh ag crochadh timpeall lasmuigh de cheannáras Apple chun na Beatles d’fheiscint ag teacht is imeacht. Ina measc tá Sue Ahearne, ó theaghlach Corcaíoch éigin le Fords in Dagenham, déarfainn, agus an litriú sin ar a sloinne aici. Agus an Ródaí Rua Éireannach Kevin Harrington a scrígh leabhar dar teideal Who’s The Redhead On The Roof... An gcreidfeá é!

Thar aon rud eile, is doiciméad é Get Back a thaispeánann ceathrar leads agus iad ar tí  a ngrúpionannas mar bhanna a fhágáil ina ndiaidh ag an am céanna is a bhíodar ag iarraidh a oibriú amach cérbh iad féin, mar dhaoine indibhidiúla is mar cheoltóirí indibhidiúla. Sin ráite, tá an grá, craic, gean, comhbhá agus greann fós á dtiomáint.

Tá an neomat sin ann nuair a thagann na deora le Paul agus é ag dul i ngleic leis an léargas gur ag fágáil slán lena mhéit agus a leathbhádóir John atá sé. Is léir dó anois nach mbeadh John Lennon, a chara cléibh óna óige, ag glacadh inspioráide uaidh féin feasta ach ó Yoko Ono.

Aon uair a chuirtear ceist orm cá rabhas nuair a dúnmharaíodh JFK deirim go rabhas i Nua-Eabhrac an oíche ar mharaíodar John Lennon. Baineann sin na chaint díobh, geallaimse duit.

Le caoinchead RTÉ tá toradh obair na maidine dár gcionn le feiscint mar aguisín thíos.

Strawberry Fields Forever!

Fág freagra ar '‘Get Back’ – bhíos ag tuairisceoireacht i Nua-Eabhrac an lá a maraíodh John Lennon…'

  • Colm

    An-alt!
    Níos mó ldt!