Is gearr go mbeidh sé céad bliain ó scríobh Hoagy Carmichael an t-amhrán a rinne cur síos ar an gcinedheighilt ina stát dúchais sna tríochaidí den chéad seo caite.
Ós cionn leathchéad bliain ó shin le linn an fheachtais ar son cearta daonna i Stát Aontaithe Mheiriceá chas Ray Charles an t-amhrán agus thug sé brí nua de dobrón a ghabhann le bheith ina shaoránach den dara grád ar do fhód dúchais. Georgia, oh, Georgia, no peace I find. Just an old, sweet song, keeps Georgia on my mind. Anois agus muid faoi bhun céad lá go dtí toghchán uachtaránachta na bliana seo i Meiriceá, tá an stát cinniúnach in athuair.
Tá Georgia lárnach sna conspóidí polaitiúla a bhí i SAM ó 2020 i leith. Thug na Daonlathaigh an Stát leo sa toghchán deireadh don chéad uair le deich mbliana fichead. Chaill Donald Trump an stát le beagán ós cionn 11,700 vóta. Tá an glaoch teileafóin a rinne Trump ag achainní ar Árd Rúnaí an Stát 11,780 vóta a aimsiú dó cloiste go minic againn, vóta amháin níos mó ná mar a theastaigh uaidh leis an Stát a thabhairt leis.
Sé cinn déag de vótaí atá ag Georgia sa gcoláiste toghchánaíochta agus mar thoradh ar athruithe sa daonra, a vótáil bíonn claonadh i dtreo na nDaonlathach níos minicí anois ná mar a bhíodh i stát a bhí ‘dearg’ go traidisúnta.
Go dtí gur eirigh Joe Biden as an rás bhí gliondar ar fhoireann toghchánaíochta Trump go léir agus pobalbhreitheanna in Georgia ag tabhairt le fios go raibh go leor den phobal ag brath ar thacú leosan.
Bhí agus tá, iarracht mhór ar bun ag foireann Trump vótaí a mhealladh ón gcine gorm sa bhfeachtas. Tá sciar mór den phobal, go háirithe taobh amuigh de cheantair chathracha, a chreideann gur déanadh calaois in 2020 agus gur bhuaigh Biden go héagórach. Bhí feachtas Trump in ann teacht i dtír ar na tuairimí sin fad agus a bhí Biden fós san iomaíocht. Athrú scéil ar fad anois é ó tharla é a bheith ionann is cinnte gurb í Kamala Harris a bheidh mar iarrthóir ag na Daonlathaigh.
Tugann an t-athrú seo dhá cheist san áireamh – cá rachaidh vótaí an phobail ghoirm in Georgia agus cá rachaidh vótaí na mban? De ghnáth, vótáileann 89% de mhná gorma ar son an iarrthóra Daonlathach. Bhí an baol ann go n-athródh sin i mbliana de bharr imní i measc mná faoi cheisteanna dlí agus cirt agus slándála.
Bhí slógadh ag Harris in Atlanta an tseachtain seo agus thug sí dúshlán Donald Trump díospóireacht a dhéanamh léi – pé rud atá le rá agat abair le mo bhéal é, ar sí. Beidh Donald Trump ag triall ar Atlanta an deireadh seachtaine seo. Ní mór smaoineamh freisin gur sa gcathair a reachtáladh an díospóireacht ag deireadh mhí Meitheamh a chuir deireadh le seansanna Biden sa toghchán seo.
Tá sé i measc na Stáit is mó a mbeifear ag cionneáil súil orthu anois agus an feachtas seo ag teannadh le deireadh – is féidir a bheith cinnte go mbeidh ‘Georgia on my Mind’ ag an mbeirt iarrthóirí sna seachtainí seo romhainn!
Fág freagra ar 'Georgia ar intinn iarrthóirí SAM agus dúshlán Trump á thabhairt ag Harris'