‘Gen-Z says #Enough’ – an faoin dream óg é fadhb na ngunnaí i SAM a réiteach?

Níl na scoláirí a chuaigh amach ag léirsiú faoi ghunnaí in aois vótála go fóill, ach bímis ag súil go n-éistfidh na glúnta a tháinig rompu lena nglór

‘Gen-Z says #Enough’ – an faoin dream óg é fadhb na ngunnaí i SAM a réiteach?

Bliain nó dhó ó shin, bhí iníon dhlúthchara de mo chuid a bhfuil cónaí uirthi in Denver, Colorado, ag cóisir thar oíche – ceann de na cóisireacha sin atá coitianta sna Stáit. Bhí seacláid the ann, bhí leamhacháin thóstáilte ann, agus neart páistí cainteacha i málaí codlata.

Bhí gunna ann freisin.

Ar chúis éigin bhí na tuismitheoirí sa teach ina raibh an chóisir ar siúl as baile. Go mall san oíche,

shocraigh deartháir mór an chailín a bhí tar éis cuireadh a thabhairt dá cairde bunscoile an oíche a chaitheamh ag a teach gunna láimhe a mhuintire a bhaint amach agus a thaispeáint don slua páistí. 

Ní dúirt iníon mo chara tada. Chuaigh sí amach sa phasáiste go ciúin agus chuir glaoch ar a tuismitheoirí lena guthán póca.

‘Tá mé ag iarraidh dul abhaile.’

Ní raibh sí ach naoi mbliana d’aois ag an am, ach cailín thar a bheith cliste í agus níor mhínigh sí an scéal dá muintir go dtí go raibh siad sa charr, ar an mbealach abhaile.

Tuigeann sí an baol a bhaineann le gunnaí agus tuigeann sí an tábhacht a bhaineann le guaim a choinneáil ort féin in uair na héigeandála. 

D’fhreastail athair iníon mo chara ar mheánscoil Columbine, achar gairid siar ó dheas ó chathair Denver. D’fhág sé an scoil sin cúpla bliain sular tharla an sléacht iomráiteach ann i 1999, ach chuaigh an tubaiste chéanna i bhfeidhm air go mór. 

Go gairid roimh an gcóisir thar oíche, maraíodh buachaill gorm a bhí sa rang céanna le hiníon mo chara in eachtra lámhaigh ag teach a mhuintire.

Ní gá a rá go mbíonn gunnaí ar aigne iníon mo chara go minic.

Ag an deireadh seachtaine, ghlac dhá mhilliún duine ar fud na Stát Aontaithe páirt in os cionn ocht gcéad léirsiú a eagraíodh faoin mana March for Our Lives, iarracht ag scoláirí brú a chur ar pholaiteoirí dlíthe gunnaí a athrú tar éis an áir a tharla ag meánscoil Stoneman Douglas in Parkland, Florida, an mhí seo caite.

Dúnmharaíodh seachtar déag san eachtra sin agus leonadh seachtar déag eile. 

Ghlac iníon mo chara, atá aon bhliain déag d’aois anois, páirt san agóid a eagraíodh i lár chathair Denver ag an deireadh seachtaine. Agus í ina seasamh ar chéimeanna Chaipeatól Stáit Colorado, bhí comhartha lámhdheartha leis an mana ‘Gen-Z says #Enough’ á choinneáil in airde aici os comhair na gceamaraí teilifíse.

Bhí orm ceist a chur ar a máthair cén bhrí a bhí le ‘Gen-Z’.

An ghlúin a rugadh ó lár na 1990í i leith atá i gceist, is cosúil: an dream a thagann i ndiaidh ghlúin na mílaoiseach.

‘Nach iontach an rud é,’ a dúirt mo chara, bean a bhainfeadh go dlúth le glúin na mílaoiseach í féin.

‘Nuair a bhí mise aon bhliain déag d’aois, ag súgradh le mo chuid bábóg a bhínn. Tá smacht ar úinéireacht ghunnaí á éileamh ag m’iníon ar chéimeanna an Chaipeatóil!’

Is iontach an rud é sin, cinnte, ach cén fáth an bhfágfaí faoi dhéagóirí é géarchéim a chruthaigh na glúnta a tháinig rompu a réiteach?

Vote them out!’ an gháir chatha a tháinig chun cinn le linn na n-agóidí a eagraíodh sna Stáit an deireadh seachtaine seo caite, bagairt atá dírithe ar pholaiteoirí atá i bpócaí an NRA agus a bheadh i gcoinne aon athruithe ar na rialacha scaoilte maidir le húinéireacht ghunnaí.

Gáir chatha í a chuirfeadh an croí trasna in aon pholaiteoir ar bith a mbeadh a shuíochán i mbaol, ach faraor, ní bheadh mórchuid na scoláirí a chuaigh amach ag léirsiú ag an deireadh seachtaine in aois vótála go fóill. 

Tá súil agam go n-éistfidh na glúnta a tháinig rompu lena nglór.

Fág freagra ar '‘Gen-Z says #Enough’ – an faoin dream óg é fadhb na ngunnaí i SAM a réiteach?'