Físeán
Gníomhaíocht 1:
Fluent Dysphasia an teideal atá ar an ngearrscannán seo.
- Céard is brí leis an teideal sin meas tú?
- Téigh chuig na foclóirí ar líne agus faigh na leaganacha Gaeilge de na focail sin
- Ansin faigh cúpla pointe eolais faoin neamhord.
- Is tú ag obair le do pháirtí, déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.
Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:
Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:
Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta
- Céard atá an t-athair agus an iníon a ithe i gcomhair an dinnéir?
- Cad í an cheist a chuireann an iníon ar an athair?
- Céard air a bhfuil an bheirt fhear ag breathnú sa teach tábhairne? Cén chaoi a bhfuil sé seo ar eolas againn?
- Cén chuma atá ar an athair ar maidin nuair a éiríonn sé?
- Cén fáth a bhfuil an chuma sin air?
- Céard í an fhadhb atá aige?
- Cén chaoi ar tharla sé dó?
- Cén chaoi a bhfuil an iníon in ann cabhrú leis?
- Inis i d’fhocail féin céard a tharlaíonn ag an deireadh?
Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht
Ag obair le do pháirtí déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.
- Cén sórt gaoil atá idir an t-athair agus iníon ag tús an ghearrscannáin? Cuir cúiseanna le do fhreagra.
- An dtagann feabhas ar an ngaol sin i gcaitheamh an scéil, meas tú?
- Cad í teachtaireacht an scannáin seo, meas tú?
- Cá bhfuil máthair an chailín, meas tú?
- Céard a chuireann an radharc sa stáisiún traenach in iúl faoin dátheangachas in Éirinn?
- Céard atá aisteach faoin bhfuaimniú a dhéanann Seán ar an bhfocal ‘peile’?
- Déan giota cruthaitheach a scríobh faoi céard a tharlaíonn tar éis dheireadh an ghearrscannáin.
Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú
Déan an méid atá thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat
- Scéal áiféiseach, greannmhar atá idir chamáin sa ghearrscannán seo.
- Déantar cíoradh ar an ngaol idir athair agus iníon chomh maith.
- Tá imeartas focal sa teideal. Is neamhord urlabhra í diosfáise agus tá an focal ‘líofa’ á lua léi.
- Ag tús an ghearrscannáin fecimid Murph agus a iníon Jane ag suí chun boird.
- Is léir nach bhfuil an gaol atá eatarthu thar mholadh beirte.
- Níl aon chomhrá eatarthu agus níl Murph sásta cabhrú léi lena hobair bhaile sa Ghaeilge. Deir sé go neamhbhalbh nach bhfuil aon Ghaeilge aige.
- Imíonn sé amach lena chara Seán chun dul ag ól agus ag féachaint ar chluiche sacair.
- Tá Jane sa mbaile léi féin agus is léir go bhfuil sí brónach agus trína chéile.
- Chodail Murph ina chuid éadaí agus tá póit air ar maidin.
- Pé rud a tharla dó an oíche roimh ré níl sé ach in ann Gaeilge a labhairt agus faighimid amach níos déanaí nach dtuigeann sé Béarla a thuilleadh.
- Fad is atá sé ag siúl cuireann seat teann dá chuntanós in iúl dúinn go bhfuil mearbhall air.
- Is ar éigean go bhfuil sé in ann ticéad traenach a cheannach.
- Cuireann sé alltacht agus eagla ar a chara Seán. Ceapann sé siúd go bhfuil sé go bhfuil an diabhal istigh i Murph.
- Tá Jane in ann cabhrú leis mar go bhfuil Gaeilge aici.
- Tagann Seán chucu chun míniú a thabhairt faoi cad a tharla. Fuair sé cabhair óna nia leis an nGaeilge.
- Fad is atá Séan ag labhairt bíonn iardhearcadh ann.
- Bhí Murph an-óltach ag deireadh na hoíche agus feicimd é sínte ar a fhad agus a leithead sa siopa sceallóg. Bhuail sé a chloigeann.
- Déanann siad cinneadh é a bhualadh sa chloigeann arís leis an bhfadhb a réiteach.
- Nuair a thagann Murph chuige féin tosaíonn sé ag labhairt Fraincise.
- Agus na teidil chreidiúna ar an scáileáin ag deireadh an ghearrscannáin taispeántar cúpla mír bheag ina bhfuil Jane agus Murph ar saoire thar lear le chéile.
- Níl a fhios againn an bhfuil an fhadhb réitithe ach is léir go bhfuil feabhas mór tar éis teacht ar an ngaol atá eatarthu.
Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha
Eoin riordan
An maith