Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, gradam ‘Leabhar na Bliana’ fógartha

Tá sé leabhar ar ghearrliosta na bliana seo, idir úrscéalta, leabhar staire, úrscéal grafach, úrscéal béaloidis agus cnuasach gearrscéalta

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, gradam ‘Leabhar na Bliana’ fógartha

Tá gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, gradam ‘Leabhar na Bliana’, fógartha inniu ag Oireachtas na Gaeilge.

6 leabhar atá roghnaithe do ghearrliosta na bliana seo don ghradam scríbhneoireachta ar fiú €3,000 é d’foilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €2,000 d’údar an leabhair féin.

Ar na saothair atá ar ghearrliosta na bliana seo, tá eagrán nua de Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, agus Éagóir, leabhar Sheáin Uí Chuirreáin faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna, a d’fhoilsigh Cois Life, an comhlacht foilseoireachta is mó a bhfuil saothar leo ar ghearrliosta na bliana seo.

Tá dhá leabhar leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Leabhar Breac: Conaire Mór Seacht nDoras na Cinniúna le Diarmuid Johnson, insint nua-aimseartha ar scéal aitheanta béaloidis, agus Corp an Duine Uasail, úrscéal grafaic le Pénélope a d’aistrigh Darach Ó Scolaí.

Úrscéal comhaimseartha amháin atá ar liosta na bliana seo, An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín a d’fhoilsigh Cois Life. Cnuasach gearrscéalta atá sa leabhar eile a bhain gearrliosta na bliana seo amach, I dTír Mhilis na mBeo le Colm Ó Ceallacháin.

Le tamall anuas, is gach dara bliain seachas gach bliain a bhronntar Gradam Uí Shúilleabháin. Bronntar Gradam Reics Carló gach re bliain don leabhar is fearr do dhaoine óga.

Tá laghdú tagtha arís i mbliana ar an duaischiste do Ghradam Uí Shúilleabháin. Bronnadh €4,000 ar Futa Fata agus €3,000 ar Thadhg Mac Dhonnagáin in 2015 don leabhar Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal.

Fógrófar buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin, chomh maith le buaiteoirí an Chomórtais Liteartha ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Brehon, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017.

Fág freagra ar 'Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, gradam ‘Leabhar na Bliana’ fógartha'