Gearrliosta Leabhar na Bliana

An t-aisteoir iomráiteach Ciarán Hinds a fhógróidh na gearrliostaí do Ghradam Uí Shúilleabháin agus do Ghradam Réics Carlo.

Gradam Uí Shúilleabháin, an gearrliosta le fógairt inniu

Fógróidh an t-aisteoir iomráiteach Ciarán Hinds inniu na gearrliostaí do Ghradam Uí Shúilleabháin agus do Ghradam Réics Carlo.

Cúig cinn de leabhair atá san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana 2014): Anamlón Bliana (Cló Iar-Chonnacht), sliochtanna as dialann Sheáin Uí Ríordáin, curtha in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine; Seal san Aetóip (Cló Iar-Chonnacht), leabhar taistil le Frank Reidy; Aneas (Futa Fata), leabhar faoi bhéaloideas Chorca Dhuibhne le Brenda Ní Shúilleabháin; Sciorrann an tAm (Cois Life), bailiúchán gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin; agus Ár Naomhoidhreacht (Foilseacháin Ábhair Spioradálta), cnuasach paidreacha ó Éilis Ní Thiarnaigh.

San iomaíocht do Ghradam Réics Carló do leabhair do dhaoine óga, tá Áine Ní Ghlinn, a bhfuil dhá leabhar atá foilsithe ag LeabhairCOMHAR ar an ngearrliosata aici, Nílim ag iarraidh dul ar Scoil agus Daideo.

Is iad na leabhair eile ar an ngearrliosta don ghradam do leabhair do dhaoine óga ná POP!, scríofa ag Caitríona Nic Sheáin, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag An tSnáthaid Mhór; Róbó-Mhadra, scríofa ag Máire Ní Ghallchobhair, maisithe ag Peter Donnelly agus foilsithe ag Leabhar Breac; agus Uinseann Donn le Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata.

Fógrófar na gearrlíostaí do Leabhar na Bliana in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath inniu.

Is é Foras na Gaeilge a mhaoiníonn Leabhar na Bliana agus é faoi riar Oireachtas na Gaeilge.