Gearrliosta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha

Fógraíodh 12 ghnólacht agus eagraíocht ar ghearrliosta an Ghradaimh bhliaintiúil dátheangachais i Siopalann na Faiche Móire i n Gaillimh inné

Gradam2

D’fhógair John Walsh, Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an 12 ghnólacht agus eagraíocht atá ar ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2015 sa chathair inné. Tá aon cheann déag de na comhlachtaí sin istigh ar an gcomórtas den chéad uair riamh i mbliana.

Dúirt Iggy Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, an eagraíocht a eagraíonn an Gradam, go raibh na moltóirí an-tógtha leis an tseirbhís trí Ghaeilge a bhí le fáil ó go leor de na gnólachtaí a ainmníodh don ghradam agus leis an mbród a léirigh na gnólachtaí sin as an tseirbhís sin a chur ar fáil.

“Níl an bhéim níos mó ar ‘aistriúchán díreach’ ón mBéarla mar a bhíodh roimhe seo ach ar Ghaeilge na ndaoine a úsáid i gcúrsaí gnó ó lá go lá. De bharr a dhíograisí is atá na gnólachtaí ainmnithe i leith na teanga, tá ugach faighte ag dreamanna eile agus úsáid na teanga ag scaipeadh go réimsí eile,” a dúirt sé.

Is é an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh a bhronnfaidh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag ócáid speisialta Déardaoin, 16 Aibreán in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá.

Screen Shot 2015-03-13 at 16.58.47

Fág freagra ar 'Gearrliosta do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha'