Tá ráite ag príomhoide meánscoile Gaeltachta go bhfuil “géarghá” na liúntais a d’íoctaí le múinteoirí a ghlacadh le poist i scoileanna sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais.
Cuireadh deireadh leis an liúntas do mhúinteoirí nua a bhain a gcáilíocht mhúinteoireachta amach i ndiaidh 2012 tamall de bhlianta ó shin. Fágann sé sin nach bhfaigheann múinteoirí aon airgead breise le dul ag múineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta.
“Bíonn sé deacair daoine a fháil a bhfuil Gaelainn acu, gan trácht ar dhaoine a bhfuil Gaelainn mhaith acu,” a mhaígh Pádraig Firtéar, príomhoide Phobalscoil Chorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí, leis an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt sé gur líonadh cúpla post múinteoirí sa scoil le deireanas ach nach raibh “rogha” ag an scoil ó thaobh iarrthóirí ar na poist éagsúla. Dúirt sé nach bhfuil sé “sláintiúil” nach mbeadh iomaíocht ann do phoist mar sin.
“Bíonn sé go hiontach nuair a bhíonn coimhlint ann agus bíonn roinnt daoine istigh ar phost. Is féidir leat iad a chur i gcomparáid le chéile.
“Tá an méid atá ag cur isteach ar a bheith ag múineadh trí Ghaelainn tite go mór, is dócha, leis, go bhfuil na liúntais a bhí ag dul leis gearrtha agus tá géarghá iad a fháil ar ais,” a dúirt sé.
Dúirt sé nach raibh “aon mhaith scoileanna Gaeltachta a bheith againn” mura mbíonn múinteoirí le Gaeilge ar fáil do na scoileanna sin.
Mánus
Tá roinnt múinteoirí i scoileanna “Gaeltachta” ag teagasc tré Bhéarla agus tugtar an liúntas dóibh! Tá an focal “Gaeltacht” míchruinn agus as dáta le fada.
Colm
Sea, bhí go leor cur i gcéill i gceist a chur le siniciúlacht an phobail. Ba chóir aon liúntas a íoch do mhúinteoirí atá fostaithe i scoileanna a thagann faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 AGUS cúrsa breise (dioplóma páirtaimsearach aon bhliain) déanta acu sa tsochtheangeolaíocht chun cabhrú leo plé go h-éifeachtach le na dúshláin chasta teangeolaíochta atá ann sna pobail Gaeltachta san lá atá inniú ann.